27 MFómh 2016, 10:47
Buailfidh an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht leis na cathaoirligh ainmnithe de chuid roinnt eagraíochtaí Stáit in earnáil na n-ealaíon ag an gcruinniú a thionólfaidh sé amárach, Dé Céadaoin, an 28 Meán Fómhair 2016.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Is gá anois do na daoine atá á moladh lena gceapadh mar chathaoirligh ar bhoird Stáit iad féin a chur ar fáil don Choiste Oireachtais cuí. Amárach, beidh deis againn den chéad uair bualadh leis na cathaoirligh ainmnithe de chuid roinnt eagraíochtaí Stáit in earnáil na n-ealaíon, agus ina measc sin beidh Annie Doona, Cathaoirleach ainmnithe Bhord Scannán na hÉireann; Maura McGrath, Cathaoirleach ainmnithe an Cheolárais Náisiúnta; agus Catherine Heaney, Cathaoirleach ainmnithe Ard-Mhúsaem na hÉireann. Is deis é an cruinniú seo do na comhaltaí plé a dhéanamh leis na cathaoirligh ainmnithe ar na nithe a cheapann siad féin a bheidh mar thosaíochtaí agus mar dhúshláin acu ina gcuid eagraíochtaí sna blianta atá le teacht. Níl ról bactha ag an gCoiste sna ceapacháin seo agus tar éis phlé an lae amárach, déanfaidh an tAire nó an Rialtas, de réir mar is cuí, breith a thabhairt chun a gceapacháin mar chathaoirligh a dhaingniú.”
Tar éis an chruinnithe, déanfaidh an Coiste breithniú ar an Athbhreithniú ag Lár na Bliana ar na Meastacháin i gcomhair Seirbhísí Poiblí, 2016 – Vóta 33 (Ealaíona, Oidhreacht agus Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta) leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh.
Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 2:15 p.m. amárach, Dé Céadaoin, an 28 Meán Fómhair 2016 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
CRÍOCH
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Ciaran Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán: +353 1 6183903
Fón Póca: +353 86 0496518
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas an Choiste:
Teachtaí
Peadar Tóibín (Cathaoirleach) Sinn Féin
Ciarán Ó Canáin Fine Gael
Mícheál Ó Coileáin An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Dónall Ó hÉilí Rae An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hEideáin Fine Gael
Éamon Ó Cuív Fianna Fáil
Niamh Nic Gabhann Fianna Fáil
Seanadóirí
Máire Ní Oibicín Fine Gael
Marie-Louise Ní Dhomhnaill Neamhspleách
Aodhán Ó Ríordáin Páirtí an Lucht Oibre
Fiontán Warfield Sinn Féin