Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Plé á dhéanamh ag an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht ar phobail tuaithe inmharthana a chothú

11 DFómh 2016, 11:35

Beidh an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht ag díriú ar a dteastaíonn a dhéanamh chun pobal tuaithe inmharthana a chothú amárach, Dé Céadaoin, an 12 Deireadh Fómhair 2016 nuair a bhuailfidh sé le hionadaithe ó ghrúpaí comhpháirtíochta LEADER as: Fine Gall; Ciarraí Theas; Cill Dara; An Mhí; Ros Comáin agus Iarthar Chorcaí.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: ”Tá dúshláin fós roimh chuid mhaith de thuath na hÉireann maidir le laghdú ar an daonra, easpa post, ganntanas fiontraíochta agus drochbhonneagar.  Tá ról tábhachtach ag ár gCoiste ó thaobh breithniú a dhéanamh ar bheartas agus a bheith rannpháirteach i reachtaíocht a dhéanamh chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo agus chun cuidiú le forbairt réigiúnach chothromaithe agus feabhsú eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha thuath na hÉireann agus na Gaeltachta.

“Beimid ag plé na nithe a theastaíonn a dhéanamh chun pobal tuaithe a chothú amárach nuair a bhuailfimid le hionadaithe ó ghrúpaí comhpháirtíochta LEADER as: Fine Gall; Ciarraí Theas; Cill Dara; An Mhí; Ros Comáin agus Iarthar Chorcaí.  Is é an aidhm atá le cláir LEADER geilleagar na tuaithe a neartú agus a éagsúlú agus cáilíocht na beatha i gceantair thuaithe a fheabhsú trí phoist a chruthú, fiontair inchothaithe a fhorbairt, deiseanna turasóireachta a fheabhsú, sráidbhailte, bailte beaga agus pobail bheaga a uasghrádú, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an comhshaol a fheabhsú.  Amárach, beidh deis againn tuairimí a fháil ó roinnt eagraíochtaí LEADER timpeall na tíre maidir leis an obair a bhaineann le pobal tuaithe bríomhar a fhorbairt agus a chothú.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 10 a.m., amárach, Dé Céadaoin, an 12 Deireadh Fómhair 2016 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.  Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Críoch

Fiosrúcháin ó na Meáin:

Ciarán Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.

Guthán: +353 1 6183903
Fón Póca: +353 86 0496518
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Comhaltas an Choiste:

Teachtaí

Peadar Tóibín (Cathaoirleach)    Sinn Féin
Ciarán Ó Canáin            Fine Gael
Mícheál Ó Coileáin        An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Dónall Ó hÉilí Rae        An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hEideáin        Fine Gael
Éamon Ó Cuív            Fianna Fáil
Niamh Nic Gabhann        Fianna Fáil

Seanadóirí

Máire Ní Oibicín            Fine Gael
Marie-Louise Ní Dhomhnaill    Neamhspleách
Aodhán Ó Ríordáin        Páirtí an Lucht Oibre
Fiontán Warfield        Sinn Féin

Barr
Roinn