25 DFómh 2016, 15:43
Beidh an Comhchoiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht ag cromadh athuair ar éisteachtaí i dtaobh céard a theastaíonn chun pobal tuaithe inmharthana a chaomhnú, nuair a thiocfaidh sé le chéile le hionadaithe as Fiontraíocht Éireann; Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann; Gnóthais Bheaga agus Mheánmhéide na hÉireann; Comhlachas na nGnólachtaí Beaga; Coimisiún Forbartha an Iarthair; Údarás na Gaeltachta
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Baineann éagothromas suntasach le dáileadh post, fiontar agus acmhainní ar fud an Stáit seo, rud is siocair le fadhbanna i gceantair uirbeacha agus tuaithe. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí fiontair inmharthana a fhorbairt, deiseanna turasóireachta a fheabhsú, gnó talmhaíochta a chur chun cinn agus a ghríosadh agus poist a chruthú chun stad a chur leis an titim sa daonra agus chun pobail tuaithe a chaomhnú. Leanfaimid ar aghaidh amárach lenár gcuid éisteachtaí i dtaobh céard a theastaíonn chun pobal tuaithe inmharthana a chaomhnú, nuair a iarrfaimid ar eagraíochtaí iomadúla gnó, feirmeoireachta agus forbartha pobail léargas a thabhairt dúinn ar an ábhar. Beidh deis ag na comhaltaí cíoradh a dhéanamh, i dteannta na ngrúpaí seo, ar na bearta is gá chun geilleagar na tuaithe a neartú agus a leathnú agus chun poist a chruthú.”
Tosóidh an cruinniú seo ar 2.15pm amárach, Dé Céadaoin, 26 Deireadh Fómhair 2016 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir breathnú beo ar imeachtaí an Choiste anseo.
Is féidir breathnú fánach a dhéanamh freisin ar imeachtaí an Choiste, trí Aip Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
ENDS/
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Ciaran Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 1 6183903
Fón póca: +353 86 0496518
R-phost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltaí an Choiste:
Teachtaí
Peadar Tóibín (Cathaoirleach) Sinn Féin
Ciarán Ó Canáin Fine Gael
Michael Collins An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Danny Healy Rae An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hEideáin Fine Gael
Éamon Ó Cuív Fianna Fáil
Niamh Ní Ghabhann Fianna Fáil
Seanadóirí
Máire Hoibicín Fine Gael
Marie-Louise Ní Dhomhnaill Neamhspleách
Aodhán Ó Riordáin Lucht Oibre
Fintan Warfield Sinn Féin