1 Samh 2016, 14:49
Tiocfaidh an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht le chéile le hionadaithe as Oifig na nOibreacha Poiblí; An Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála; An Garda Síochána; Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Cumann Leighis na hÉireann amárach, Dé Céadaoin, 2 Samhain nuair a leanfaidh sé le héisteachtaí maidir le pobail tuaithe inmharthana a chaomhnú.
Is é seo a leanas an Sceideal do chruinniú an lae amárach:
Seisiún A: 2.15 p.m. Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála
Seisiún B: 3.45 p.m. An Garda Síochána
Seisiún C: 4.45p.m. Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Cumann Leighis na hÉireann
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Ámarach, leanfaimid le héisteachtaí ar céard a theastaíonn a dhéanamh chun pobal tuaithe inmharthana a chaomhnú tráth a gheobhaimid barúlacha de chuid roinnt eagraíochtaí Stáit a sholáthraíonn seirbhísí tábhachtacha go háirithe faoin tuath in Éirinn. Is an-údar imní do phobail tuaithe ar fud na hÉireann saincheisteanna amhail slándáil, sábháilteacht, seirbhísí sláinte agus liachta a sholáthar agus priacal tuile a bhainistiú agus tá dúshláin leanúnacha i gcuid mhór áiteanna faoin tuath in Éirinn i dtéarmaí rochtain a fháil ar chuid mhór de na seirbhísí fíorthábhachtacha seo. Táimid ag súil leis na nithe seo a scrúdú leis na grúpaí éagsúla ag an gcruinniú amárach.”
Cuirfear tús leis an gcruinniú seo ar 2.15pm amárach, Dé Céadaoin, an 2 Samhain 2016 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil agus tú ag gluaiseacht trí Aip Thithe an Oireachtais atá ar fáil d’fheistí Apple agus Android.
CRÍOCH/
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Ciaran Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 1 6183903
Fón póca: +353 86 0496518
R-phost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltaí an Choiste:
Teachtaí
Peadar Tóibín (Cathaoirleach) Sinn Féin
Ciarán Ó Canáin Fine Gael
Michael Collins An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Danny Healy Rae An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hEideáin Fine Gael
Éamon Ó Cuív Fianna Fáil
Niamh Ní Ghabhann Fianna Fáil
Seanadóirí
Máire Hoibicín Fine Gael
Marie-Louise Ní Dhomhnaill Neamhspleách
Aodhán Ó Riordáin Lucht Oibre
Fintan Warfield Sinn Féin