8 Samh 2016, 15:32
Tiocfaidh an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht le chéile amárach, Dé Céadaoin, 9 Samhain 2016 agus leanfaidh dá éisteachtaí ar chaomhnú pobal tuaithe inmharthana.
Is é seo an Sceideal do chruinniú an lae amárach:
Seisiún A: 9 a.m. (i) Bainc-Aontas Éireann (ii) Banc na hÉireann (iii) An Post (iv) Ceardchumann Mháistrí Poist na hÉireann (v) Comhchumann na gComhar Creidmheasa in Éirinn
Seisiún B: 11 a.m. (i) Retail Excellence Ireland (ii) Siopaí Áise agus Gníomhairí Nuachta
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Is gné ríthábhachtach í d’fhorbairt agus de chaomhnú pobal tuaithe inmharthana bríomhar rochtain a thabhairt ar sheirbhísí airgeadais, agus ar sheirbhísí cumarsáide, poist agus miondíola. Is croílár gach baile, sráidbhaile agus paróiste tuaithe oifig an phoist, an banc agus an siopa áitiúil agus má dhúntar aon cheann nó gach ceann de na seirbhísí seo d’fhéadfadh sé sin dochar a dhéanamh, ó thaobh cuimsiú sóisialta, cruthú post agus forbairt fiontar de. Amárach, tiocfaimid le chéile le réimse eagraíochtaí a chuireann seirbhísí baincéireachta, miondíola agus poist ar fáil, chun tábhacht na seirbhísí seo do phobail faoin tuath in Éirinn a phlé agus chun scrúdú a dhéanamh ar na dúshláin leanúnacha a mbíonn ar go leor daoine faoin tuath in Éirinn dul i ngleic leo chun rochtain a fháil ar sheirbhísí tráchtála.”
Cuirfear tús leis an gcruinniú seo ar 2.15pm amárach, Dé Céadaoin an 9 Samhain 2016 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal freisin, le Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
ENDS/
Ceisteanna ó na Meáin chuig:
Ciarán Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Teil: +3531 618 3903
Fón póca: 086-0496518
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltaí an Choiste:
Teachtaí
Peadar Tóibín (Cathaoirleach) Sinn Féin
Ciarán Ó Canáin Fine Gael
Michael Collins An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Danny Healy Rae An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hEideáin Fine Gael
Éamon Ó Cuív Fianna Fáil
Niamh Nic Gabhann Fianna Fáil
Seanadóirí
Máire Hoibicín Fine Gael
Marie-Louise Ní Dhomhnaill Neamhspleách
Aodhán Ó Riordáin Páirtí an Lucht Oibre
Fintan Warfield Sinn Féin