Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Beidh cruinniú ag an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach le heagraíochtaí de chuid LEADER mar chuid dá éisteachtaí maidir le pobail tuaithe inmharthanacha a chothú.

21 Samh 2016, 16:14

Beidh cruinniú ag an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht le roinnt eagraíochtaí de chuid LEADER amárach, Dé Máirt, 22 Samhain 2016 agus é ag leanúint lena chuid éisteachtaí maidir le pobail tuaithe inmharthanacha a chothú.

Éistfidh an Coiste le hionadaithe ó Chomhpháirtíocht LEADER Fhine Gall, ó Chomhpháirtíocht LEADER Chill Dara, ó Chomhpháirtíocht LEADER na Mí agus ó Chomhpháirtíocht LEADER Mhuineacháin.

Arsa Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Leanfaidh an Coiste ar aghaidh lena dhíriú ar a bhfuil ag teastáil chun pobal tuaithe a chothú nuair a bhuailfimid le hionadaithe ó Chomhpháirtíocht LEADER Fhine Gall, ó Chomhpháirtíocht LEADER Chill Dara, ó Chomhpháirtíocht LEADER na Mí agus ó Chomhpháirtíocht LEADER Mhuineacháin.

Tá míchothromaíocht dhoimhin ann maidir le dáileadh post, fiontar agus acmhainní sa Stát seo, rud is cúis le deacrachtaí móra i limistéir uirbeacha agus i limistéir tuaithe agus bíonn dúshláin leanúnacha in áiteanna go leor sa tír maidir le laghdú ar an daonra, easpa fiontar agus cailliúint post. Baineann ríthábhacht, maidir leis an laghdú ar an daonra a stad agus pobail tuaithe a chothú, le fiontair inchothaithe a fhorbairt, deiseanna turasóireachta a fheabhsú, fiontair agus gnó talmhaíochta a chur chun cinn agus a spreagadh, agus poist a chruthú.

Dearadh cláir LEADER chun an geilleagar tuaithe a neartú agus a éagsúlú agus caighdeán na beatha i limistéir tuaithe a fheabhsú trí phoist a chruthú, fiontair inchothaithe a fhorbairt, deiseanna turasóireachta a fheabhsú, sráidbhailte, bailte beaga agus pobail a uasghrádú, an chuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn agus an comhshaol a fheabhsú. Beidh an deis againn amárach léargas a fháil ó roinnt eagraíochtaí de chuid LEADER as áiteanna éagsúla timpeall na tíre ar an obair a bhaineann le pobal bríomhar tuaithe a fhorbairt agus a chothú. Beidh an deis ag na Comhaltaí freisin breithniú a dhéanamh ar na dúshláin a bhíonn ag cuid mhór daoine faoin tuath in Éirinn agus scrúdú a dhéanamh, i dteannta na ngrúpaí sin, ar na bearta is gá chun an geilleagar tuaithe a neartú agus a éagsúlú agus poist a chruthú.”

Tosóidh an cruinniú seo ar 10 a.m. amárach, Dé Máirt, 22 Samhain 2016 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí an Choiste ag an nasc seo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.


CRÍOCH/

Fiosrúcháin ó na Meáin:

Ciaran Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.

Guthán: +353 1 6183903
Fón Póca: +353 86 0496518
Facs: +3531 618 4551

Barr
Roinn