30 Samh 2016, 16:30
Breithneoidh an Roghchoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an Bille um Fhiadhúlra (Leasú), 2016 agus Meastacháin Fhorlíontacha ag a chruinniú amárach, Déardaoin, an 1 Nollaig 2016.
Is é seo a leanas clár an chruinnithe:
(i) Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise i gcomhair Seirbhísí Poiblí 2016 – Vóta 33 (an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta)
(ii) An Bille um Fhiadhúlra (Leasú), 2016
Beidh An tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, i láthair os comhair an Choiste.
Tionólfar an cruinniú ar 3 p.m. i Seomra Coiste 1, Teach Laighean, amárach, Déardaoin, an 1 Nollaig 2016.
Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.
Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
CRÍOCH/
Ceisteanna ó na Meáin chuig:
Ciarán Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 1 6183903
Fón póca: +353 86 0496518
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas an Choiste:
Teachtaí
Peadar Tóibín (Cathaoirleach) Sinn Féin
Ciarán Ó Canáin Fine Gael
Mícheál Ó Coileáin An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Dónall Ó hÉilí Rae An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hEideáin Fine Gael
Éamon Ó Cuív Fianna Fáil
Niamh Nic Gabhann Fianna Fáil