6 Noll 2016, 13:37
Tiocfaidh an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht le chéile amárach, Dé Céadaoin, an 7 Nollaig 2016 agus é ag leanúint dá chuid éisteachtaí maidir le pobail tuaithe inmharthana a chothú.
Is é seo a leanas Sceideal an chruinnithe amárach:
Seisiún A: 9 a.m. Ionadaithe ó Aoisghníomhaíocht Éireann; ó Mheabhairshláinte Éireann agus ó Chumann Naomh Uinseann de Pól.
Seisiún B: 11 a.m. Ionadaithe ó Chumann Múinteoirí Éireann; ó Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire; ón gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Bunoideachas) agus ón gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iar-bhunoideachas).
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Maidir le pobal, ní neart go cur le chéile. Cé gur ríthábhachtach poist agus fiontraíocht a chruthú chun go mairfidh pobail inmharthana, ní foláir dúinn cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh i leith pobail tuaithe a fhorbairt, a chothú agus a fhás. Gach aon ghné de phobal agus gach aon duine, idir óg agus aosta, dá bhfuil i bpobal, tá siad mar chuid den phobal sin. Tá sé tábhachtach, mar sin, cluas éisteachta a thabhairt do na daoine a sholáthraíonn oideachas, do na daoine a thugann aire do dhaoine scothaosta, agus do na daoine a sholáthraíonn seirbhísí sóisialta inár bpobail chun a dtuairimí a fháil maidir leis na bearta is gá a dhéanamh chun ár bpobail tuaithe a chothú agus a fhás.”
Tosóidh an cruinniú ar 9 a.m., amárach, Dé Céadaoin, an 7 Nollaig 2016 i Seomra Coiste 1, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
CRÍOCH/
Fiosrúcháin ó na Meáin chuig:
Ciarán Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 1 6183903
Fón póca: +353 86 0496518
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas an Choiste:
Teachtaí
Peadar Tóibín (Cathaoirleach) Sinn Féin
Ciarán Ó Canáin Fine Gael
Mícheál Ó Coileáin An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Dónall Ó hÉilí Rae An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hEideáin Fine Gael
Éamon Ó Cuív Fianna Fáil
Niamh Nic Gabhann Fianna Fáil
Seanadóirí
Máire Ní Oibicín Fine Gael
Marie-Louise Ní Dhomhnaill Neamhspleách
Aodhán Ó Ríordáin Páirtí an Lucht Oibre
Fiontán Warfield Sinn Féin