13 Noll 2016, 15:25
Beidh cruinniú ag an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht le hionadaithe ó Chomhairle Contae na Gaillimhe agus ó Chomhar na nOileán Teo amárach, Dé Céadaoin, an 14 Nollaig, chun Seirbhís Farantóireachta Inis Mór a phlé.
Arsa Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Cuireadh seirbhísí farantóireachta go dtí Inis Mór ar fionraí ar feadh tréimhse ghairid tar éis díospóid idir na hoibritheoirí farantóireachta agus Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le tobhaigh phaisinéara a bhí beartaithe ag an gComhairle. Atosaíodh an tseirbhís farantóireachta ag tús na míosa seo tar éis pléití leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, le Comhairle Contae na Gaillimhe agus leis na hoibritheoirí farantóireachta agus beidh an tseirbhís ann go dtí tús mhí Eanáir, agus ansin beidh pléití eile ann idir na páirtithe. Beidh fonn ar an gCoiste plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir na saincheisteanna atá ann a réiteach chun tairbhe do gach duine lena mbaineann.”
Tosóidh an cruinniú seo ar 2.15pm, amárach, Dé Céadaoin, an 14 Nollaig 2016 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo ag an nasc seo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal freisin, le Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
CRÍOCH/
Fiosrúcháin ó na Meáin chuig:
Ciarán Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 1 6183903
Fón póca: +353 86 0496518
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas an Choiste:
Teachtaí
Peadar Tóibín (Cathaoirleach) Sinn Féin
Ciarán Ó Canáin Fine Gael
Mícheál Ó Coileáin An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Dónall Ó hÉilí Rae An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hEideáin Fine Gael
Éamon Ó Cuív Fianna Fáil
Niamh Nic Gabhann Fianna Fáil
Seanadóirí
Máire Ní Oibicín Fine Gael
Marie-Louise Ní Dhomhnaill Neamhspleách
Aodhán Ó Ríordáin Páirtí an Lucht Oibre
Fiontán Warfield Sinn Féin