14 Noll 2016, 15:30
Tiocfaidh Heather Mhic Unfraidh, TD, Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus Seán Ó Cadhain, TD, Aire Gnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha os comhair an Choiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta amárach, Déardaoin, an 15 Nollaig 2016.
Is é a bheidh ar chlár oibre chruinniú an lae amárach:
• An tseirbhís farantóireachta chuig Inis Mór, Contae na Gaillimhe;
• Stádas agus freagrachtaí Comhar na nOileán;
• Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí;
• Ionad Mháire Mhic Róibín, atá beartaithe, i mBéal an Átha, Contae Mhaigh Eo;
• Buiséad 2017 don Ghaeilge, lena n-áirítear maoiniú do Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Bíonn ról tábhachtach á ghlacadh ag ár gCoiste i dtaca le beartas a bhreithniú agus lámh a bheith acu sa reachtaíocht sin a chuidíonn le forbairt réigiúnach chothrom agus le feabhas a chur ar chúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha cheantair thuaithe na hÉireann agus na gceantar Gaeltachta, chomh maith leis na healaíona a chur chun cinn. Beidh deis againn nuair a thiocfaimid le chéile leis an Aire Mhic Unfraidh agus le hAire Stáit Ó Cadhain raon saincheisteanna a phlé a mbíonn dlúthbhaint acu lenár gcúraimí agus lenár gclár oibre, agus atá ina ndíol spéise ag ár gComhaltaí. Maidir leis an tseirbhís farantóireachta chuig Inis Mór, is rud bunúsach é ceart agus áis a bheith ag saoránaigh taisteal ón oileán chuig an tír mór agus braitheann todhchaí an oileáin ar an tseirbhís seo. Tá sé ina chonspóid mhór freisin gur caitheadh na milliúin euro ar Ionad Mháire Mhic Róibín, atá beartaithe, i mBéal an Átha. Cé go bhfuil stad anois leis an tionscadal agus athbhreithniú á dhéanamh air, tá fonn orainn scrúdú a dhéanamh ar an bpróiseas cinnteoireachta ba bhun leis na pleananna chun an t-ionad a fhorbairt. Táimid ag súil le heolas uasdátaithe a fháil ón mbeirt Airí ar na nithe seo agus ar nithe tábhachtacha eile. Is deis é ag na Comhaltaí aon saincheisteanna a ardú is spéis leo i ndáil leis na hábhair atá ar chlár oibre an lae amárach.”
Tosóidh an cruinniú ar 2.15pm, amárach, Déardaoin, an 15 Nollaig 2016 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo ag an nasc seo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal freisin trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Guthán: +3531 618 3903
Fón Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Comhaltaí an Choiste
Teachtaí Dála
Caitríona Ní Chonghaile (Cathaoirleach) Neamhspleách
Pat The Cope Ó Gallachóir Fianna Fáil
Breandán Ó Grifín Fine Gael
Aindrias Ó Muimhneacháin Fianna Fáil
Fergus Ó Dubhda Fine Gael
Bríd Nic Gabhann Pobal roimh Bhrabús
Peadar Tóibín Sinn Féin
Seanadóirí
Pádraig Ó Céidigh Neamhspleách
Trevor Ó Clochartaigh Sinn Féin
Brian Ó Domhnaill Fianna Fáil
Seosamh Ó Raghallaigh Fine Gael