16 Ean 2017, 14:10
Buailfidh an Coiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le hoifigigh ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta amárach, Dé Céadaoin, an 18 Eanáir 2017 chun líonra na mbóithre náisiúnta a phlé.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Déanfaimid plé amárach ar ionchur na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra i dtaobh líonra na mbóithre náisiúnta a fhorbairt agus a chothabháil, go háirithe ceist an N59 i nGaillimh, nuair a bhuailfimid le hoifigigh ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Thug an Bord Pleanála cead forbartha chun codanna den N59 a uasghrádú, ach cuireadh coinníoll leis an gcead sin gur ghá go gcomhaontódh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra leis an bplean oibre sula gcuirfí tús leis an tionscadal.”
Tosóidh an cruinniú seo ar 9 a.m. amárach, Dé Céadaoin, an 18 Eanáir 2017 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
Críoch
Ceisteanna ó na Meáin:
Ciarán Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán: +353 1 6183903
Fón Póca: +353 86 0496518
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas an Choiste:
Teachtaí
Peadar Tóibín (Cathaoirleach) Sinn Féin
Ciarán Ó Canáin Fine Gael
Mícheál Ó Coileáin An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Dónall Ó hÉilí Rae An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hEideáin Fine Gael
Éamon Ó Cuív Fianna Fáil
Niamh Nic Gabhann Fianna Fáil
Seanadóirí
Máire Ní Oibicín Fine Gael
Marie-Louise Ní Dhomhnaill Neamhspleách
Aodhán Ó Ríordáin Páirtí an Lucht Oibre
Fiontán Warfield Sinn Féin