31 Ean 2017, 10:57
Díreoidh an Coiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar thábhacht an iompair, nuair a leanfaidh sé dá chuid éisteachtaí ar a bhfuil ag teastáil chun pobal tuaithe inmharthana a chothú, amárach, Dé Céadaoin, an 1 Feabhra 2017.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Le go leanfaidh pobail tuaithe ar marthain agus, thairis sin, le go dtiocfaidh fás agus forbairt orthu, caithfidh a ndóthain seirbhísí iompair phoiblí a bheith ar bun, go háirithe do sheandaoine, don aos óg agus do dhaoine soghonta nach bhfuil modh taistil ar bith eile acu. Tá an t-iompar poiblí ina snáth an-tábhachtach d’inneach an tsaoil shóisialta faoin tuath in Éirinn. Cuireann sé seirbhís riachtanach ar fáil trína ndéantar pobail iargúlta scaipthe a cheangal le chéile agus forbairt chothramasach a éascú, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus stad a chur leis an titim sa daonra. Tiocfaimid le chéile amárach le hionadaithe ón Údarás Náisiúnta Iompair, Bus Éireann and Iarnród Éireann chun mionphlé a dhéanamh ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil faoin tuath in Éirinn agus chun scrúdú a dhéanamh ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag cuid mhór daoine faoin tuath agus iad ag iarraidh úsáid a bhaint as iompar poiblí.”
Tosóidh an cruinniú seo ar 2.15pm, amárach, Dé Céadaoin, an 1 Feabhra i Seomra Coiste 2, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo ag an nasc seo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal freisin, le Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Ciaran Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán: +353 1 6183903
Fón Póca: +353 86 0496518
Facs: +3531 618 4551
Comhaltas an Choiste:
Teachtaí
Peadar Tóibín (Cathaoirleach) Sinn Féin
Ciarán Ó Canáin Fine Gael
Mícheál Ó Coileáin An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Dónall Ó hÉilí Rae An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hEideáin Fine Gael
Éamon Ó Cuív Fianna Fáil
Niamh Nic Gabhann Fianna Fáil
Seanadóirí
Máire Ní Oibicín Fine Gael
Marie-Louise Ní Dhomhnaill Neamhspleách
Aodhán Ó Ríordáin Páirtí an Lucht Oibre
Fiontán Warfield Sinn Féin