14 Feabh 2017, 10:02
Beidh na deacrachtaí d’eisimircigh agus iad ag filleadh ar thuath na hÉireann faoi chaibidil ag an gCoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta amárach, Dé Céadaoin, an 15 Feabhra 2017.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Bíonn sé deacair uaireanta ar eisimircigh a fhilleann ar Éirinn agus iad ag iarraidh dul i dtaithí arís ar an saol sa tír seo, obair a lorg, rochtain a fháil ar sheirbhísí agus cóiríocht chompordach a lorg. Is minic is deacra fós é ar dhaoine a fhilleann ar thuath na hÉireann de bharr na ndúshlán atá roimh go leor pobail tuaithe fós ó thaobh drochbhonneagair, easpa seirbhísí, ganntanas fiontraíochta agus easpa post de. Déanfaimid plé is doimhne amárach le hionadaithe ón mBrúghrúpa Éireannach le haghaidh Athchóiriú Inimirce ar na deacrachtaí agus na dúshláin atá roimh eisimircigh agus iad ag filleadh ar thuath na hÉireann.”
Tosóidh an cruinniú seo ar 9.30 a.m. amárach, Dé Céadaoin, an 15 Feabhra 2017 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
CRÍOCH/
Ceisteanna ó na Meáin:
Ciarán Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán: +353 1 6183903
Fón Póca: +353 86 0496518
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas an Choiste:
Teachtaí
Peadar Tóibín (Cathaoirleach) Sinn Féin
Ciarán Ó Canáin Fine Gael
Mícheál Ó Coileáin An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Dónall Ó hÉilí Rae An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hEideáin Fine Gael
Éamon Ó Cuív Fianna Fáil
Niamh Nic Gabhann Fianna Fáil
Seanadóirí
Máire Ní Oibicín Fine Gael
Marie-Louise Ní Dhomhnaill Neamhspleách
Aodhán Ó Ríordáin Páirtí an Lucht Oibre
Fiontán Warfield Sinn Féin