9 Beal 2017, 14:27
Cromfaidh an Coiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta athuair ar éisteachtaí maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an mBreatimeacht ar an bhforbairt phobail, shóisialta agus eacnamaíoch agus ar an gcomhar i gcontaetha na teorann sa todhchaí amárach, Dé Céadaoin, an 10 Bealtaine 2017.
Is éard a bheidh ar sceideal an chruinnithe amárach:
(i) 2.30 p.m. Comhar Éireann
(ii)3.30 p.m. An Lárionad um Staidéar Trasteorann
(iii)4.30 p.m. Idir-Thrádáil Éireann
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Beidh an Coiste ag díriú arís ar thionchar an Bhreatimeachta ar phobail na teorann agus ar a dteastaíonn a dhéanamh chun comhar pobail, sóisialta agus eacnamaíoch a chothú i bhfianaise an Bhreatimeachta.
Tá na pobail i réigiún na teorann ag brath ar a chéile chun leanúint ar aghaidh ag fás agus, dá ndéanfaí teorainn chrua a fhorchur tar éis an Bhreatimeachta, bheadh fíor-dhrochthionchar aige sin ar fhás eacnamaíoch agus comhtháthú leanúnach na bpobal sin.
“Ag an gcruinniú amárach, beimid ag plé le hionadaithe ó Comhar Éireann, ón Lárionad um Staidéar Trasteorann agus ó Idir-Thrádáil Éireann chun a dtuairimí a fháil ar thionchar an Bhreatimeachta agus ar conas is fearr dul i ngleic leis na fadhbanna áirithe atá ann do phobail agus gnóthaí i réigiún na teorann.”
Tosóidh an cruinniú ar 2.30 p.m., amárach, Dé Céadaoin, an 10 Bealtaine 2017 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
Críoch/