Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Roghchoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

10 Beal 2017, 12:13

Beidh cruinniú ag an Roghchoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta amárach, Déardaoin,


Is éard a bheidh ar chlár an chruinnithe:

Meastacháin Athbhreithnithe i gcomhair Seirbhísí Poiblí, 2017 - Vóta 33 (Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta)

Beidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD os comhair an Choiste.

Tosóidh an cruinniú ar 2.15 p.m., amárach, Déardaoin, an 11 Bealtaine 2017 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Críoch/

Barr
Roinn