Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cuairt á tabhairt ag an gCoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar Chontaetha na Mí agus an Chabháin mar chuid dá éisteachtaí ar phobail tuaithe a chothú

22 Beal 2017, 16:49

Beidh cruinniú ag toscaireacht ón gCoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le hionadaithe ó cheantair Bhaile Átha Buí, Bhaile na gCros, Choill an Chollaigh agus Mhuinchille Dé hAoine, an 26 Bealtaine 2017 mar chuid dá dhá thionscadal, A bhfuil ag teastáil chun pobal tuaithe inmharthana a chothú agus An fhorbairt phobail, shóisialta agus eacnamaíoch agus an comhar i gcontaetha na teorann sa todhchaí.

Tionólfaidh an Coiste cruinniú sa Lawrence Hotel i mBaile Átha Buí, Co. na Mí ó 9.00 a.m. go dtí 12.00 p.m. Dé hAoine, an 26 Bealtaine 2017.

Tugadh cuireadh do na daoine agus do na grúpaí seo a leanas freastal ar an bplé:

Clubanna Fostaíochta na Mí agus na hIarmhí; Comhlachas Tráchtála Cheanannais agus an Cheantair agus Comhlachas Tráchtála an Mhuilinn Chearr; Grúpa Forbartha Pobail Bhaile Átha Buí agus Grúpa Forbartha Pobail na hIarmhí; Oifigí Fiontair Áitiúil na Mí agus na hIarmhí; Ionadaithe poiblí do cheantar Bhaile Átha Buí, Co. na Mí agus do cheantar Bhaile na gCros, Co. na hIarmhí; agus Oifigigh ó Chomhairlí Contae na Mí agus na hIarmhí.

Cuirfidh Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín TD, tús leis an gcruinniú trí mhíniú a thabhairt ar chuspóirí an Choiste sa tionscadal, A bhfuil ag teastáil chun pobal tuaithe inmharthana a chothú, agus ar an mbaint atá aige sin le ceantair Bhaile Átha Buí agus Bhaile na gCros.  Iarrfar ansin ar gach grúpa agus ionadaí poiblí a bheidh i láthair aitheasc 5 nóiméad a thabhairt.  Beidh plé ginearálta ar siúl ina dhiaidh sin.  

Tionólfar cruinniú eile sa Bailie Hotel i gCoill an Chollaigh, Co. an Chabháin ó 3.00 p.m.  go dtí 6.00 p.m. Dé hAoine, an 26 Bealtaine 2017.

Tabharfaidh Niamh Nic Gabhann TD, comhalta den Choiste, míniú ar chuspóirí an Choiste sa tionscadal, A bhfuil ag teastáil chun pobal tuaithe inmharthana a chothú, agus ar an mbaint atá aige sin le ceantair Choill an Chollaigh, Mhuinchille agus Charraig Mhachaire Rois.  Tabharfaidh Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín, aitheasc ag an gcruinniú maidir leis an tionscadal, An fhorbairt phobail, shóisialta agus eacnamaíoch agus an comhar i gcontaetha na teorann sa todhchaí.

Tá cuireadh faighte acu seo a leanas:

Clubanna Fostaíochta an Chabháin agus Mhuineacháin; Comhlachais Tráchtála an Chabháin agus Mhuineacháin; Fostaíocht Phobail Choill an Chollaigh; Fostaíocht Phobail Mhuinchille; Oifigí Fiontair Áitiúil an Chabháin agus Mhuineacháin; Lakeland Dairies; Oifigigh ó Chomhairlí Contae an Chabháin agus Mhuineacháin; Ionadaithe poiblí do cheantair Choill an Chollaigh agus Mhuinchille, Co. an Chabháin agus do cheantar Charraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Tá dúshláin fós roimh chuid mhaith de thuath na hÉireann maidir le laghdú ar an daonra, easpa post, ganntanas fiontraíochta agus drochbhonneagar.  Is deacra fós é ar phobail na teorann i bhfianaise na neamhchinnteachta maidir leis an mBreatimeacht.  Tá na pobail i réigiún na teorann ag brath ar a chéile chun leanúint ar aghaidh ag fás agus, dá ndéanfaí teorainn chrua a fhorchur tar éis an Bhreatimeachta, bheadh fíor-dhrochthionchar aige sin ar fhás eacnamaíoch agus comhtháthú leanúnach na bpobal sin.

Agus muid ag díriú i gcónaí ar a bhfuil ag teastáil chun pobal tuaithe inmharthana a chothú, tá sé tábhachtach go mbuailfimid le daoine ina bpobal áitiúil chun a dtuairimí a fháil ar na dúshláin atá roimh thuath na hÉireann.  Tá súil againn go gcuirfidh na cruinnithe seo gné phraiticiúil lenár dtionscadail, A bhfuil ag teastáil chun pobal tuaithe inmharthana a chothú agus An fhorbairt phobail, shóisialta agus eacnamaíoch agus an comhar i gcontaetha na teorann sa todhchaí, agus go n-éascóidh siad don Choiste fianaise áitiúil ó dhá phobal tuaithe a chur san áireamh.”

Barr
Roinn