Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An straitéis spáis agus pobail tuaithe faoi chaibidil ag an gCoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

23 Beal 2017, 09:55

Déanfaidh an Coiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta scrúdú ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 24 Bealtaine 2017, ar thionchar na Straitéise Náisiúnta Spáis ar phobail tuaithe inmharthana a fhorbairt agus a chothú.



Is é an sceideal le haghaidh chruinniú an lae amárach:

An Straitéis Náisiúnta Spáis, 2002 go 2020 agus a comharba i gcomhthéacs an tionscadail reatha de chuid an Choiste, A bhfuil ag teastáil chun pobal tuaithe inmharthana a chothú.

Seisiún A: 2.30 p.m. [An Dr Brian Hughes]
Seisiún B: 4.30 p.m. [Oifigigh ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil]

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Is í an Straitéis Náisiúnta Spáis an creat pleanála náisiúnta d’Éirinn i gcomhair tréimhse fiche bliain.  Is é an cuspóir a bhí léi cothromaíocht is fearr a bhaint amach ó thaobh forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus fhisiciúil ar fud na hÉireann.  Tá dúshláin fós roimh chuid mhaith de thuath na hÉireann, áfach, maidir le laghdú ar an daonra, easpa post, ganntanas fiontraíochta agus drochbhonneagar.  Agus muid ag druidim i dtreo dheireadh na straitéise reatha, tá deis againn scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bhí aici ar thuath na hÉireann agus breithniú a dhéanamh i dtaobh ar comhlíonadh an cuspóir arb éard é forbairt réigiúnach chothrom a bhaint amach.  Tá sé in am againn freisin breithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le haon chomharba ar an straitéis dul i ngleic leis an éagothroime atá ann ó thaobh dáileadh acmhainní, post agus fiontar de, stop a chur le meath na tuaithe agus cabhrú chun pobail tuaithe a fhorbairt agus a chothú.”

Tosóidh an cruinniú ar 2.15 p.m. amárach, Dé Céadaoin, an 24 Bealtaine 2017 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo:
www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/watchlive/committeeroom4/

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Críoch/

Barr
Roinn