Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Na dúshláin atá roimh chraoltóirí Gaeilge faoi chaibidil ag Coiste na Gaeilge

29 Beal 2017, 09:58

Déanfaidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán plé, ag an gcruinniú amárach, Dé Máirt, an 30 Bealtaine 2017, ar na dúshláin atá roimh chraoltóirí Gaeilge.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Beidh cruinniú againn amárach le hionadaithe ó Raidió na Life, Baile Átha Cliath; Raidió Fáilte, Béal Feirste; agus Raidió na dTreabh, Gaillimh chun breithniú a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh stáisiúin raidió a chraolann trí Ghaeilge.

D’ainneoin na bhforbairtí sa teicneolaíocht agus sna meáin chumarsáide, tá an raidió fós ar cheann de na modhanna cumarsáide is éifeachtaí in Éirinn sa lá atá inniu ann, go háirithe i measc daoine óga.  Meán siamsaíochta, ceoil, plé agus foirmithe tuairimí is ea é.  Tá sé ríthábhachtach, mar sin, an tseirbhís seo a sholáthar chomh héifeachtach céanna trí Ghaeilge is a sholáthraítear trí Bhéarla í, go háirithe ós rud é go bhfuil níos mó spéise ag daoine óga sa Ghaeilge agus go bhfuil siad níos tiomanta di.  Ní foláir dúinn aitheantas a thabhairt don spéis atá acu sa Ghaeilge agus an tseirbhís atá uathu a sholáthar trí mheán na Gaeilge.  

Déanfaidh na trí stáisiún raidió a bheidh os comhair an Choiste amárach plé ar na dúshláin agus na deiseanna atá ann do chraoltóirí Gaeilge ar fud oileán na hÉireann agus ar an tacaíocht a theastaíonn uathu chun a gcuspóirí agus a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.”

Tosóidh an cruinniú ar 5 p.m. amárach, Dé Máirt, an 30 Bealtaine 2017 i Seomra Coiste 4.  Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Barr
Roinn