20 Meith 2017, 11:47
Leanfaidh an Coiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta dá éisteachtaí maidir le pobail tuaithe inmharthana a chothú amárach, Dé Céadaoin, an 21 Meitheamh 2017.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Déanfaimid plé amárach ar obair Choimisiún Forbartha an Iarthair (CFI) i dtaca le pobail tuaithe inmharthana a chothú nuair a thiocfaidh Paddy McGuinness, iarChathaoirleach ar CFI, os ár gcomhair. Bhunaigh an Rialtas CFI amach sna 1990í de bharr an bhrú mhóir a bhí á chur ag an bpobal orthu dul i ngleic leis an laghdú ollmhór a tháinig ar dhaonra Iarthar na hÉireann i gcaitheamh na mblianta fada. Déanann sé forbairt shóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn in iarthar na hÉireann, mar atá, i gcontaetha Dhún na nGall, Shligigh, Liatroma, Ros Comáin, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus an Chláir. Beidh spéis ar leith againn in obair CFI agus i dtuairimí an Uas. McGuinness i leith na mbeart áirithe a cheapann sé is gá chun na pobail sin a fhorbairt, a neartú agus a fhás.”
Tosóidh an cruinniú ar 2.15pm, amárach, Dé Céadaoin, an 21 Meitheamh 2017, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.