5 DFómh 2021, 16:26
Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin le Comhdháil Oileáin na hÉireann agus Comhar na nOileán CTR amárach, Dé Céadaoin, an 6 Deireadh Fómhair chun an Plean Náisiúnta Gníomhaíochta d’Fhorbairt na nOileán beartaithe a phlé.
Beidh an cruinniú ar siúl i dTeach Laighean, Seomra Coiste 4 ar 9.30 a.m.
Tiocfaidh Simon Murray agus Aisling Moran ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann; agus
Máire Uí Mhaoláin; Cathy Ní Ghóill ó Chomhar na nOileán CTR i láthair an Choiste.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste Donnacha Ó Neachtain TD: “Is cuid ríthábhachtach d’ár stair agus dár n-oidhreacht na hoileáin agus na pobail amach ón gcósta.
Ba mhaith leis an gCoiste éisteacht le glór mhuintir na n-oileán agus lena gcuid tuairime maidir le céard is gá chun deireadh a chur leis an titim daonra, chun an meath sin a laghdú agus pobail beomhara a thógáil agus a chothabháil.
Ar na saincheisteanna ríthábhachtacha a phléifear, beidh bonneagar ríthábhachtach iompair agus sóisialta atá riachtanach ar na hoileáin, lena n-áirítear oideachas, cúram leanaí, iompar, tithíocht agus leathanbhanda agus tacaí ríthábhachtacha is gá do thionscail amhail turasóireacht, iascaireacht agus feirmeoireacht.”
Féadfar breathnú ar imeachtaí beo i nDáil Éireann.
Comhaltas coiste
Teachtaí