Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 6 Mar 2024

Seachtain na Gaeilge: Cruinniú leis na Scoileanna

I dtús báire, caithfidh mé dul tríd roinnt de na rialacha. Ní gá go mbeadh na finnéithe buartha. Ní bheidh siad á gcur i bpríosúin nó aon rud eile. Beidh sé ceart go leor ar an lá. Rachaidh mé tríd na rialacha agus ansin tosóimid an cruinniú i gceart.

Is gnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais é seo, ach go bhfuil gné fhíorúil ar Microsoft Teams ag baint leis chomh maith. Tá ceithre chomhalta i láthair sa seomra coiste agus ar líne, Teachta Dála agus Seanadóir san áireamh. Tá mé féin, an Teachta Ruairí Ó Murchú, an Teachta Aindrias Ó Muineacháin, agus na Seanadóirí Seán Kyne agus Pat Casey anseo. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Éamon Ó Cuív. Tá moill air ach beidh mé sé anseo agus tá súil agam go mbeidh duine nó dhó eile linn chomh maith. Fadhb amháin atá againn nó go gcuirfear tús le ráitisí ar Sheachtain na Gaeilge sa Dáil i gceann sé nóiméad; mar sin, beidh roinnt de na daoine a bhíonn anseo de ghnáth gafa le sin. Gabhaim leithscéal leis na finnéithe go mbeidh orm éalú chun ráiteas a dhéanamh ag am éigin ach seasfaidh ceann de na comhaltaí isteach dom ag an am sin.

Tá finnéithe anseo linn inniu thar ceann Coláiste Áth a’ Chóiste i gContae Chorcaí, Coláiste Pobail Osraí i gContae Chill Channaigh, Gaelcholáiste an Chláir i gContae an Chláir, agus Meánscoil Gharman i gContae Loch Garman chun breathnú ar neodracht na hÉireann mar chuspóir polaitíochta reatha nó prionsabal neamh-inchoimhthithe. Chomh maith leis sin, iarrfar an bhfuil an córas oideachais in Éirinn oiriúnach don fheidhm a bhaineann leis agus tabharfar sainmhíniú ar an tsochaí uilechuimsitheach. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh, más gá, go dtí 4 p.m.

Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Fearaim fáilte ar leith roimh na finnéithe: Ellie Ní Bhuachalla, Dáithí de Buitléar, Liam Ó Muirí atá anseo mar ionadaithe thar ceann Coláiste Áth a’ Chóiste; Róisín Ní Shúilleabháin, Lily-Mae Ní Bhraonáin agus Rhys Ó Cinnéide atá anseo thar ceann Coláiste Pobail Osraí; Jack O hÉilí, Myriam Andre Ní Liodáin agus Bridget Nic Suibhne atá anseo thar ceann Gaelcholáiste an Chláir; agus Éire Ní Fhaoláin, Séamus Ó Muirí agus Saoirse Lodge atá anseo thar ceann Meánscoil Gharman. Fearaim fáilte chomh maith roimh Siobhán Ní Mhurchú, oifigeach iarbhunleibhéil leis an tionscadal Gaelbhratach, atá anseo thar ceann Gael-Linn. Fearaim fáilte roimh na daltaí agus na múinteoirí ar fad ón cheithre scoil atá luaite atá linn sa lucht féachana.

Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanaim ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha a leagadh faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú inniu. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a gcuid gutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseáin ar siúl agus iad le feiceáil ar an scáileán an t-am go léir atá iad ag labhairt. Ba chóir do chomhaltaí a bheith cúramach go mbeidh micreafón ar siúl agus iad ag labhairt agus go mbeadh sé múchta nuair nach bhfuil siad ag caint leis an gcruinniú.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach ma eisítear é.

Is iad sin na rialacha ar fad. Aontaímid leo. Ná bíodh buairt ar aon duine faoi na rialacha sin mar tá a fhios agam nach mbrisfidh siad iad. Cuirfimid tús a chur leis an gcruinniú i gceart anois. Tá an Teachta Catherine Connolly linn anois agus tá an Seanadóir Seán Kyne ar ais linn ar líne.

An chéad ábhair atá le plé ná neodracht na hÉireann mar chuspóir polaitíochta reatha nó prionsabal neamh-inchoimhthithe.

Don chéad sliotán cainte, iarraim ar Ellie Ní Bhuachalla thar cheann Coláiste Áth a’ Chóiste a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Ms Ellie Ní Bhuachalla

Is mór an phribhléid dom deis a fháil labhairt libh inniu ar neodracht na hÉireann. Gan aon agó, is coincheap casta í an neodracht. Is rudaí éagsúla iad neodracht mhorálta agus an neodracht mhíleata. Nuair a iarradh orm labhairt os bhur gcomhair inniu, bhuail cúpla smaoineamh mé láithreach bonn mar níl le déanamh ach sracfhéachaint a thabhairt ar an nuacht agus bíonn na ceannteidil ag scréachaíl faoin gceist seo. An bhfuil an neodracht atá i bhfeidhm sa tír seo mar chuspóir polaitíochta reatha nó mar phrionsabal neamh-inchoimhthithe áfach? I gcás formhór na gcoimhlintí, tá sé ríshoiléir do chách cé atá ina ionsaitheoir agus cé atá ina íospartach neamhchiontach. Mar is eol dúinn go léir, tá clú agus cáil ar an tír seo as ucht ár neodrachta. Coinníonn Éire beartas neodrachta míleata arb é is príomhthréith do neamhchomhaltas de comhghuaillíochtaí míleata agus neamh-rannpháirtíocht i gcomhshocruithe cosanta. Cé go bhfuilimid neodrach ó thaobh cúrsaí míleata, ní gá dúinn a bheith tostach agus neodrach ar leibhéal morálta. Nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach, ghlac Taoiseach an ama, Éamon de Valera, agus a rialtas, stádas na neodrachta le linn na coimhlinte sin. Ach is mór idir inniu agus inné. San 21ú aois, tá eacnamaíocht na tíre seo fite fuaite leis an Eoraip ar shlite nach raibh i gceist i lár na 20ú aoise. Cuimhnímis ar an bhfíric go bhfuil an euro mar airgeadra na tíre againn anois, agus go bhfuil dlí na hEorpa mar chuid lárnach dár gcóras dlí agus cirt chomh maith.

Pé scéal é, mar thoradh ar neodracht na hÉireann, is féidir lenár gceannairí, atá os mo chomhair inniu, luachanna na síochána a chur chun cinn mar breathnaítear orainn mar thír chothrom and mar thír iontaofa. Ar leibhéal níos pearsanta, is féidir lenár saoránaigh saol sábháilte a chaitheamh gan bhagairt toisc go bhfuil gaol maith againn leis na náisiúin eile, buíochas le Dia. In ionad deighilt a chruthú lenár gcomharsana san Eoraip, táim bródúil go bhfuilimid ag bogadh i dtreo dearfach de bharr an pholasaí neodrachta atá i bhfeidhm againn le linn an ama. Cad é an cuspóir polaitíochta reatha, áfach? Is é an cuspóir atá i bhfeidhm ag ár Rialtas ná sábháilteacht ár náisiún agus ár sibhialtaigh. Conas is féidir linn an cuspóir seo a bhaint amach? Mar tír bheag, ní dóigh liom go mbeadh muid in ann sinn féin a chosaint choíche trí oibríocht mhíleata. Lenár seasamh neodrach áfach, éiríonn linn caidrimh láidir taidhleoireachta agus polaitíochta a chothú le tíortha a bhfuil an dearcadh céanna acu.

Níor cheart go mbímis dall ar an bpictiúr níos leithne agus níos dhorchaí den scéal seo. Is féidir leis an t-olc fás go rábach nuair a dhéanann daoine maithe faic. Is baolach go bhfuil mo choincheap le feiceáil i láthair na huaire leis na cogaí thar timpeall orainn. Cáineadh ár seasamh neodrach go mion minic le déanaí acu siúd a cheapann go bhfuil sé thar a bheith neamheiticiúil, agus ina theannta sin, gan scrupall. Níl le déanamh ach sracfhéachaint a thabhairt ar shampla mhuintir na hÚcráine a fágadh faoi sceimhle ag ionradh na Rúise chun é sin a thuiscint i gceart. Is trua an scéal é nach bhfuilimid in ann tarrac le chéile lenár n-arm chun dul i ngleic leis an deachtóir gan náire darb ainm Putin. Mar is eol do bhaill an choiste dár ndóigh, tá seasamh polaitiúil glactha againn maidir leis an gcogadh san Úcráin i gcoinne na Rúise. Munar leor sin, bhí scéalta scanrúla sna meáin le tamall anuas faoi bháid mhíleata na Rúise ag dul isteach i bhfarraigí na hÉireann. Is léir don té atá dall nach bhfuil cumas míleata láidir go leor againn sa tír seo chun sinn féin a chosaint ó bhagairtí cosúil leis seo. Is léir freisin gur cuma sa tsioc le leithéidí Putin go bhfuilimid in ainm is a bheith neodrach má chinneann sé gur mhian leis ionradh a dhéanamh ar an tír seo. Níl de rogha againn ár súile a dhúnadh ar na fíricí loma seo a thuilleadh. Tá sé thar am dúinn comhrá aibí a bheith againn faoinár gcumas sinn féin a chosaint ar bhagairt ón iasacht, agus cinntí deacra a ghlacadh dá réir. Tríd is tríd, tá eagraíochtaí ar fáil dúinn má chuirimid deireadh lenár stádas neodrachta - cur i gcás NATO - a thabharfadh cosaint níos cumhachtaí don tír.

Dá dhorcha oíche gan solas na ré, is duibhe fós aineolas i ngile an lae agus is mairg don té a thugann droim don fhírinne. Ar sheas ár stádas míleata go maith linn le 25 bliain anuas, áfach? Níor chuir sé bac ar bith orainn labhairt go neamhbhalbh i gcoinne an oilc? Ar fud na cruinne, breathnaítear orainn mar thír mhacánta. Mar a deir an seanfhocal, is cumhachtaí an peann ná an claíomh agus caithfimid leanúint ar aghaidh ag labhairt i gcoinne an oilc. Caithfimid leanúint ar aghaidh agus absalóidí morálta a chur chun cinn. Caithfimid leanúint ar aghaidh a bheith neodracht ó thaobh cúrsaí míleata ach gan a bheith neodrach ó thaobh na mhoráltachta. Tá mé ag teacht i dtreo deireadh mo chuid cainte inniu. Tá súil agam gur thug mé ábhar machnaimh don choiste. Ar an iomlán, ní dubh ar fad nó geal ar fad atá an scéal ach an oiread. Cinntíonn neodracht na hÉireann síocháin dúinn lá i ndiaidh lae ach é sin ráite, is é an coinsias gan smear an tsíocháin is fearr.

Go raibh maith agat. Tugaim cuireadh anois d'Éire Ní Fhaoláin as Meánscoil Gharman a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Ms Éire Ní Fhaoláin

Ní chiallaíonn neodracht nach bhfuil tuairimí ag Éirinn ná nach bhfuil seasamh nó leasanna ar bith aici. Ní chiallaíonn sé nach bhfuil comhghuaillithe againn ná nach bhfuil baint againn le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Go bunúsach, nuair a thagann sé chun coinbhleachtaí idir tíortha eile, ní ghlacann Éire seasamh amháin. Ach, an seasann an ráiteas sin fós sa lá atá inniu ann? An seasann neodracht na tíre seo mar chuspóir polaitiúil nó mar phrionsabal neamh-inchoimhthithe? Is í sin ceist an lae inniu. Gabhaim buíochas ó chroí le baill an choiste as an deis labhairt anseo faoi neodracht na hÉireann. Is mór an ónóir dom mo smaointe a roinnt leo inniu.

Feidhmíonn neodracht na tíre seo mar chuspóir polaitiúil i mbeartas eachtrach na hÉireann, rud a léiríonn rogha straitéiseach a chruthaigh an rialtas chun leasanna an náisiúin a chosaint agus chun an tsíocháin a chur chun cinn. Is féidir neodracht a mheas freisin mar phrionsabal neamh-inchoimhthithe atá fite fuaite go domhain i bhféiniúlacht agus i luachanna náisiúnta na hÉireann. Is bunphrionsabal de bheartas eachtrach na hÉireann í an neodracht, agus tá sí cumhdaithe i mBunreacht na hÉireann agus athdhearbhaithe trí chomhaontuithe idirnáisiúnta éagsúla. Aontaím le prionsabal na neodrachta sa tír seo agus tá sé doshéanta go bhfuil sí tábhachtach ó thaobh féiniúlacht na tíre de. Ní bhaineann Éire le haon chomhghuaillíochtaí míleata, ar nós Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, NATO, agus ciallaíonn sé sin nach mbíonn Éire ag gabháil do thiomantais chosanta fhrithpháirteacha le tíortha eile. De réir Airteagal 29 de Bhunreacht na hÉireann, deirtear go nglacann Éire leis na hoibleagáidí atá i gCairt na Náisiún Aontaithe maidir le prionsabail cheannasacht náisiúnta agus sláine chríochach na Stát a urramú. Ní hamháin sin, áfach, ach glacann Éire páirt ghníomhach in iarrachtaí taidhleoireachta chun síocháin, idirphlé agus réiteach coinbhleachta a chur chun cinn i réigiúin éagsúla. Níl Éire go hiomlán neodrach sa lá atá inniu ann nó níl amhras ar bith ann nach bhfuilimid neodrach go polaitiúil. Mar is eol dúinn go léir, ghlac Éire seasamh daingean ó thaobh cás na hÚcráine de. Thugamar tacaíocht do mhuintir na hÚcráine agus do na tragóidí a bhí rompu le linn am a ngátar. Tá teifigh a d’éalaigh ón chogadh tar éis teacht anseo. Cé nach tacaíocht mhíleata í seo, is tacaíocht pholaitiúil í. Tá guth againn mar thír agus mar sin tá tuairimí againn.

Ina theannta sin, tá fréamhacha stairiúla ag tiomantas na hÉireann don neodracht a théann siar go dtí ár streachailt ar son an neamhspleáchais agus ár dtaithí ar an gcoilíneachas agus ar an gcoimhlint. Mhúnlaigh an oidhreacht seo féiniúlacht na hÉireann agus chuir sí le tábhacht bhuan na neodrachta mar phrionsabal neamh-inchoimhthithe. Mar a luaigh mé, níl Éire neodrach ó thaobh na polaitíochta de agus táimid breá ábalta tuairimí a léiriú. Tá tacaíocht léirithe againn do chúis na Palaistíne faoi láthair agus seasann ár tír ar son chearta agus do leas mhuintir na Palaistíne. Tá an tacaíocht seo fréamhaithe i dtiomantas na hÉireann do chearta an duine, don dlí idirnáisiúnta, agus do phrionsabail an cheartais agus na dlúthpháirtíochta. Rinne Taoiseach na hÉireann, an Teachta Leo Varadkar, cur síos ar ghníomhartha Iosrael i nGaza mar rud éigin a bhí ag druidim i dtreo díoltas i gcuid den cháineadh is láidre ar Iosrael ag ceannaire ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh. Is gné fhíorluachmhar dár mbeartas eachtrach í an neodracht a thugann údarás morálta dúinn agus guth uathúil ar son na síochána. Chun í a chosaint agus a chaomhnú, áfach, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh inár bhFórsaí Cosanta.

I láthair na huaire, ní féidir le hÉirinn monatóireacht ná cosaint chuí a dhéanamh ar a talamh, ar a haer muirí ná ar a cibearfhearainn. Ní mór dúinn súil a chaitheamh ar thíortha neodracha eile chun inspioráid a fháil. Cé gur tír neodrach muid, caithfimid a bheith in ann ár dtír a chosaint agus is oth liom a rá nach féidir linn faoi láthair. Ach, mar a deir an seanfhocal, ní neart go cur le chéile.

Cé go gcuimsíonn neodracht na hÉireann gnéithe de chuspóir polaitiúil agus de phrionsabal neamh-inchoimhthithe, téann an tábhacht níos faide ná ríomhanna straitéiseacha nó cinntí beartais. Tá nasc ag an neodracht go mór le luachanna, stair agus comhfhios náisiúnta na hÉireann, rud a fhágann go bhfuil sí ina bunchloch d’fhéiniúlacht na tíre. Go hachomair, is féidir breathnú ar neodracht na tíre seo mar chuspóir polaitiúil agus mar phrionsabal neamh-inchoimhthithe.

Is léir domsa nach bhfuil Éire neodrach mar thír neodrach ó thaobh na polaitíochta de ach, ó thaobh cúrsaí míleata de, is cinnte go bhfuilimid. Chun neodracht a chosaint, áfach, tá athrú de dhíth. Trí chothromaíocht a bhaint amach idir neodracht agus cosaint, is féidir linn seasamh lenár luachanna. Mar fhocal scoir, cuireann cloí na hÉireann le neodracht mar chuspóir polaitiúil agus mar phrionsabal neamh-inchoimhthithe béim ar ár ról mar ghníomhaí domhanda freagrach atá tiomanta don tsíocháin a chothú, don cheartas a chur chun cinn agus don leas coiteann a chur chun cinn. Ní comhartha laige í an neodracht; is léiriú í ar neart, ar mhuinín agus ar ionracas. Gabhaim buíochas leis na baill as ucht cluas éisteachta a thabhairt dom inniu.

Ghlac an Teachta Ruairí Ó Murchú an Chathaoir.

Mr. Rhys Ó Cinnéide

Táim fíorbhuíoch don choiste as ucht an deis seo a thabhairt dom labhairt inniu. Is é an t-ábhar a bheidh á phlé agam inniu ná neodracht na hÉireann. Fiafraíodh díom an cuspóir polaitíochta reatha nó prionsabal neamh-inchoimhthithe é. Chun an cheist seo a fhreagairt, caithfear tuiscint a bheith ann ar cad go díreach atá i gceist leis an bhfocal "neodracht". Dar leis an bhfoclóir Oxford, is staid gan tacaíocht ná cúnamh a thabhairt d’aon taobh le linn comhraic nó easaontais í an neodracht. Deirtear ar shuíomh na Roinne Gnóthaí Eachtracha gur saintréith í an neodracht a chiallaíonn nach bhfuil ballraíocht againn i gcomhghuaillíochtaí míleata.

Braitheann an t-imlonnú d’fhórsaí na hÉireann thar lear ar an gcóras “triple-lock.” Is éard atá i gceist leis an gcóras seo ná go bhfuil trí chéim le cur i gcrích sula seolfar na fórsaí thar lear. D’fhógair an Tánaiste, an Teachta Micheál Martin, an tSamhain seo caite go bhfuil pleananna ann chun fáil réidh leis an meicníocht seo. Tá an Tánaiste ag iarraidh go mbeidh Éire in ann cúnamh a thabhairt le géarchéimeanna eachtracha gan fanacht ar thacaíocht ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Is léir do chách go bhfuil an tsíochánaíocht mar chuid dár bhféiniúlacht idirnáisiúnta. Ach conas gur féidir linn an tsíocháin a choimeád thar lear agus sinn ag brath ar fhaomhadh na Náisiún Aontaithe? Is dócha go bhfuil ár dtiomantas síochánaíochta fite fuaite lenár bpolasaí neodrachta agus measaim féin go bhfuil sé in am comhrá náisiúnta a thosú air seo.

Níl Éire mar bhall de NATO ach tá ról lárnach fós aici in oibríochtaí síochánaíochta leis an eagraíocht. Deir suíomh Idirlín NATO go n-aithníonn sé agus go bhfuil meas aige ar ár bpolasaí neodrachta. Is mar gheall air seo go mbíonn ár bhfórsaí páirteach in oibríochtaí síochána amháin. Cosúil linn, bhí comhpháirtíocht ann idir NATO agus an tSualainn, tír eile a lean polasaí neamh-comhghuaillíochta mhíleata. Ach spreag ionradh Úcráine na Rúise í chun iarratas ballraíochta oifigiúil a sheoladh go NATO, ag fáil réidh leis an bpolasaí a bhí á leanúint go géar aici ar feadh 30 bliain ar a laghad. Cuireann an eachtra seo mé ag smaoineamh. An bhfuil teannas na Mór-Roinne mar fhadhb atá ar tí pléascadh amach anseo? An mbeidh orainn ár bpolasaí a scriosadh am éigin, cosúil leis an tSualainn? Is anseo a cheapaim gur polasaí neamh-inchoimhthithe atá i gceist leis. Ní thagann ár neodracht as éascaíocht nó as ár gcúinse mar thír; tagann sé ónár ndíograis chun an tsíocháin a choimeád toisc gur fhulaing ár sinsir an t-uafás foréigin agus achrainn. Throid Éireannaigh ó ré atá caite chun stát flaitheasach neamhspleách a bhaint amach. Mar íospartaigh chóilíneachais, tuigimid agus aithnímid streachailt tíortha éagsúla agus iad ag iarraidh an rud ceannann céanna.

D’fhéadfaimis a rá go bhfuilimid ag cloí le coincheap na neodrachta sa chaoi nach bhfuilimid toilteanach páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht mhíleata ach ní féidir a shéanadh nach bhfuil muid neodrach inár gcuid seasaimh pholaitíochta. Ba léir go raibh muid ag taobhú leis an Úcráin agus chuir ambasadóir Iosrael ina leith nach raibh seasamh neodrachta againn i leith an chogaidh i nGaza. Tá cúrsaí polaitíochta domhanda ina gcíor thuathail faoi láthair agus níl tada seasmhach faoi. Le cogadh san Eoraip agus tréimhse mhíshocair i Meiriceá, tá rudaí ag titim as a chéile. Aithnítear go bhfuil an Bhreatain agus Éire i mbaol ó bhagairt mhuirí a bhaineann le muintir na Rúise a bheith ag díriú ar líonraí agus píblínte faoin bhfarraige agus le longa cogaidh Rúiseacha a bheith i láthair in uiscí na hÉireann. Tuigim go bhfuil comhaontú déanta le NATO agus an tír seo ach an dóthain é sin muid a chosaint?

Dealraíonn sé domsa go bhfuil muid buailte le crosbhóthar. Mar thír, ní mór dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcuid neodrachta. Cuirfear fáilte roimh dhíospóireachtaí poiblí i mbliana ach, cibé rud a tharlóidh, measaim gur chóir dúinn a bheith dílis don tsíocháin agus í a chur chun cinn anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne ar dtús. Tá síocháin ag teastáil uainn uilig ar fad. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht éisteacht liom inniu.

Mr. Jack Ó hÉilí

Is dalta sa chúigiú bliain i nGaelcholáiste an Chláir in Inis, Contae an Chláir, mé. Tá súil agam go bhfuil na baill ag baint an-sult as an lá seo. Inniu, beidh mé ag caint faoi neodracht na hÉireann agus an stádas atá aici inniu. An cuspóir í gur féidir í a mhúnlú de réir mar a oireann don tír nó an bunphrionsabail dhocht dhaingean í do pholasaí gnóthaí eachtracha na hÉireann?

Ar an gcéad dul síos, ní mór sainmhíniú a thabhairt ar céard é neodracht sa lá atá inniu ann agus cárbh as ar tháinig polasaí neodrachta na hÉireann. Is éard is brí le neodracht sa domhan inniu ná gan a bheith páirteach in aon choinbhleacht ná in aon chomhghuaillíocht mhíleata idirnáisiúnta cosúil le NATO. De réir na gcúinsí seo, tá Éire neodrach ach tá cúinsí eile ann a mbeimid ag féachaint orthu ar ball. Céard a tharla ionas go bhfuil Éire neodrach go míleata? Bhain Éire a saoirse amach tar éis cogadh i gcoinne impireacht na Breataine in 1922. Scoilteadh an tír agus bhí nimh sa gcairdeas idir an dá náisiún ar feadh blianta. Bhí Tuaisceart Éireann fós istigh leis an Ríocht Aontaithe. Ba é seo ceann de na cúiseanna gur fhan Éire neodrach i rith an Dara Cogadh Domhanda. Ní raibh Éireannaigh ag iarraidh a bheith scriosta ag cogadh eile taobh istigh de 20 bliain agus ní raibh siad ag iarraidh cabhrú leis an mBreatain toisc gur scoilt sí an tír. Arís, bhí eisceachtaí ag baint leis an neodracht seo a ndéanfaimid tagairt dóibh ar ball.

Cé go raibh Éire neodrach de réir dealraimh i rith an Dara Cogadh Domhanda, níor ligeadh isteach sa Náisiún Aontaithe í go dtí 1955. Vótáil Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha chun Éire a choinneáil amach naoi n-uaire i ndiaidh a chéile. Cén fáth? D'fhéach sé ar Éirinn mar thír a bheadh ar thaobh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gcoinne an chumannachais san iomaíocht dhomhanda a bhí ann idir an APSS agus SAM ag an am.

In 1955, d’éirigh le hÉirinn a bheith ina ball do na Náisiúin Aontaithe ar dheireadh. Bhí Frank Aiken mar ionadaí na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe agus lean sé polasaí neamhspleách ann. D’éiligh sé ceart na náisiún beag sna Náisiúin Aontaithe plé a dhéanamh ar an tSín chumannach a ligean isteach san eagraíocht cé go raibh go leor ina choinne in Éirinn agus thar lear. Sheas sé ar son stáit bheaga timpeall an domhain ón Tibéid go dtí an Ungáir agus an tAilgéir, ba chuma cén taobh d'iomaíocht an Chogaidh Fhuaire a ar a raibh siad. Ghníomhaigh sé i gcoinne forleathnú buamaí núicléacha ar fud an domhain freisin. Chothaigh sé cairdeas maith le stáit Arabaigh agus le hIosrael agus d’fhág sé seo Éire mar idirghabhálaí fiúntach eatarthu ag an am. Deirtear gurbh é Frank Aiken a mhúnlaigh polasaí gnóthaí eachtracha na hÉireann ag an am agus gurbh é neodracht na tíre an bunús a bhí leis.

Sa lá atá inniu ann, tá go leor brú ar pholasaí neodrachta na hÉireann. Táimid mar bhall den Aontas Eorpach agus, cé gur aontas trádála agus sóisialta é, tá roinnt tíortha ag iarraidh é a bhrú i dtreo arm a bhunú chun an tAontas a chosaint de bharr mímhuinín i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an bhagairt atá ag teacht ón Rúis. Labhair an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Teachta Micheál Martin, i bhfabhar lagú a dhéanamh ar an nglas triarach. Is éard atá sa ghlas triarach ná polasaí a deir nach gcuirfear Arm na hÉireann in aon áit sa domhan go dtí go nglacann Rialtas na hÉireann, an Dáil agus na Náisiúin Aontaithe leis. Féachtar air mar bhunús ár bpolasaí neodrachta.

Anois, nuair a d'fhógair an Tánaiste, an Teachta Mícheál Martin, smaointe an Rialtais maidir leis an nglas triarach, phléasc díospóireacht mhór amach maidir le hÉirinn a bheith ag tabhairt suas a neodracht agus, fiú, bhí daoine ag cur i leith an Rialtais gurbh in NATO a chríochnódh muid suas. Ar ndóigh, bhí sé seo thar fóir ach thaispeáin sé gan amhras go raibh an polasaí neodrachta mar chreideamh docht ag go leor de mhuintir na hÉireann. Go deimhin, níor labhair an Rialtas faoi ó shin agus b'fhéidir de bharr na conspóide a tharraing sé.

Fiú inniu, tá sé le feiceáil go bhfuil Éire in ann a polasaí neamhspleách a leanúint gan cloí go daingean leis an neodracht. Tacaíonn Éire go hiomlán le polasaí Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Aontais Eorpaigh i gcoinne na Rúise agus a ionradh ar an Úcráin. Tá smachtbhannaí curtha i bhfeidhm acu agus tá siad ag labhairt amach i gcoinne an ionraidh. Níl siad neodrach anseo. Ar an láimh eile, tá Rialtas na hÉireann ag teacht amach astu féin ag cáineadh an ionsaí atá Iosrael ag déanamh ar gach fear, bean agus páiste Palaistíneach i nGaza. Tá an t-Aontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ag cabhrú agus ag tacú go mór le hIosrael. Taispeánann sé seo neamhspleáchas polasaí gnóthaí eachtracha éifeachtach na hÉireann in áit iad a bheith i bhfolach ar an taobhlíne, gan iad ag rá faic, ach ag coinneáil le polasaí docht daingean a neodrachta. Mar sin, is féidir imeacht ó pholasaí neodrachta docht daingean ag cloí leis na Náisiúin Aontaithe agus bogadh i dtreo polasaí neamhspleách atá curtha in oiriúint d'aon ghéarchéim domhanda a thiocfaidh chun cinn.

Seo é m’óráid, a dhaoine uaisle. Ta súil agam go dtuigtear mo phointí agus go bhfuil níos mó tuisceana ag mo lucht éisteachta anois ar neodracht na hÉireann.

Go raibh maith ag Jack agus agaibh go léir. Bhí sé sin ar fheabhas ar fad. Maidir le ceisteanna, an bhfuil aon duine ag iarraidh ceisteanna a chur chuig na daltaí seo?

Go raibh maith ag na daltaí ar fad as a gcuid cur i láthair. Tá pointí an-suimiúil ag Ellie, Éire, Rhys agus Jack. Tá sé soiléir go bhfuil tuairimí láidre acu. Is ábhar amháin é, ceistím go minic é agus luaigh Rhys é ansin maidir leis an tsnáthoptaic agus an phíoblíne. Chonaiceamar an tslí a rinneadh ionsaí ar an bpíoblíne Nord Stream 2 agus go bhfuil saghas hybrid warfare nach raibh ann cheana féin ar siúl. Chonaiceamar é cheana féin le cibirionsaithe. Conas a láimhseálfaí a leithéid sin le neodracht? Níl cabhlach mór againn a bheadh in ann an tAtlantach a chíoradh. An dóigh lenár bhfinnéithe gur chóir dúinn a bheith ag tógáil cabhlach mór nó conas a láimhseálfaí a leithéid de dhúshlán amach anseo agus fós seasamh a ghlacadh mar atá luaite ó thaobh na neodrachta de? An bhfuil tuairimí ag daoine faoi sin?

Tá ár gcuid aíonna faoi bhrú anois. Cé atá ag iarraidh dul ar dtús?

B'fhéidir, mar shampla, go mbeadh comhoibriú i gceist idir cúpla stát ag roinnt eolais lena chéile nó an mbeadh éifeacht aige sin ar neodracht? B'fhéidir gur chóir don tír a bheith ag tógáil cabhlach ollmhór, submarines, agus mar sin de? Ní fheadar?

Is cleas millteanach nó seanchleas é sin chun an brú a chur ar n-aíonna. Níl aon bhrú orainne anois.

Ms Ellie Ní Bhuachalla

Mar atá le gach rud, tá taobh ceart agus taobh mícheart ann. Caithfimid obair le náisiúin eile agus teacht le chéile chun an fhadhb seo a réiteach, dar liom.

Ms Éire Ní Fhaoláin

Deirim an rud céanna má tá orainn feabhas a chur ar chúrsaí. Mar a luaigh mé, is féidir linn níos mó infheistíochta dhéanamh inár bhfórsaí cosanta ach, b'fhéidir, gan é sin a dhéanamh linn féin agus tacaíocht a fháil chun go mbeimis in ann an neodracht a chosaint agus ár dtír a chosaint chomh maith.

Maith thú, a Éire, agus glaoim ar Rhys anois.

Mr. Rhys Ó Cinnéide

Aontaim le hÉire. Ceapaim go bhfuil orainn níos mó infheistíochta a dhéanamh in Óglaigh na hÉireann ach b'fhéidir go gcruthóidh Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh rud éigin mar sin sa todhchaí.

Mr. Jack Ó hÉilí

Ceapaim gur chóir dúinn níos mó infheistíochta a dhéanamh, go háirithe in Óglaigh na hÉireann ach ceapaim go gcaithfimid seasamh suas i gcoinne tíortha eile nach bhfuil ag déanamh rudaí ró-iontach i láthair na huaire cosúil leis an Rúis agus go háirithe leis an méid a tharla sa phíoblíne. Caithfimid níos mó súile a choinneáil air sin mar tá an méid a tharla ansin cineálín dainséarach.

An bhfuil an Teachta Connolly ag iarraidh labhairt?

Go raibh mile maith agaibh agus fáilte romhaibh. Tá a fhios agam go bhfuil obair na gcapall taobh thiar den lá inniu. Mo bhuíochas daoibhse agus do na múinteoirí uilig. Tá an caighdeán Gaeilge ansin iontach. Ní minic a chloisimid caighdeán mar sin san áit seo agus bímid i gcónaí ag streachailt trí Bhéarla agus i nGaeilge nuair a thagann dreamanna os ár gcomhair.

Chomh maith leis sin, ní fhaca mé an méid sin daoine óga sa seomra seo lán d’fhuinneamh agus de spiorad. Tugann sé ardú meanman domsa agus, dá réir, go raibh míle maith ag Ellie, do Jack, do Rhys agus d’Éire.

Tá mo thuairimí faoi chúrsaí neodrachta soiléir. Creidim go láidir i gcúrsaí neodrachta. Níl mé chun m'intinn a athrú agus ní dóigh liom gurb é cogadh an bealach chun síocháin a chur chun cinn sa domhan. Ní dóigh liom go mbeimid in ann muid féin a chosaint riamh. Táimid ró-bheag. Caithfimid a bheith i bhfad níos cliste agus níos meabhraí chun an tír bheag seo a chosaint. Tá lón machnaimh anseo agus tá neart oibre curtha isteach agus go raibh míle maith agaibh arís.

Bheadh sé go deas dá bhféadfaimis idirphlé a bheith againn ó thaobh na ceiste seo de mar ceapaim gurb é an rud atá déanta ag an Rialtas ná breathnú ar chúrsaí neodrachta trí lionsa atá thar a bheith srianta agus ag rá go bhfuilimid go léir i mbaol faoi láthair agus tá namhaid ollmhór taobh amuigh. Bhí namhaid ollmhór i gcónaí ann. Luaigh Jack an tAire, Frank Aiken, ag an am. Rinne sé sárobair. Bhí an domhain thar a bheith corraithe an t-am sin freisin. Ba mhaith liom tuairimí ár n-aíonna a chloisteáil faoi cad is féidir linne a dhéanamh mar thír bheag ar bhealach cliste le go mbeimis in ann ár nguth a úsáid ar son na síochána seachas a bheith páirteach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile le NATO, nó le haon eagraíocht mar sin a bhfuil rud amháin ar intinn acu, is é sin tuilleadh armlóin agus airgid a dhéanamh do na comhlachtaí móra. Is é sin deireadh le mo óráid ach ba mhaith liom, más féidir, idirphlé a dhéanamh faoi sin, más féidir le haon duine teacht ar ais chugam.

Mr. Jack Ó hÉilí

Ceist an-mhaith agus ceist an-deacair freisin é sin. Caithfimid smaoineamh a dhéanamh faoi seo.

Mr. Jack Ó hÉilí

Ar ndóigh, tá fadhbanna againn lenár gcuid Arm agus le hÓglaigh na hÉireann agus caithfimid infheistiú mór a dhéanamh isteach ann ach ceapaim go bhfuil an tAontas Eorpach iontach i gcomhair rudaí mar seo, díreach mar atá na Náisiún Aontaithe, agus mura bhfuilimid in ann freagairt i dtreo míleata a dhéanamh, is iad an tAontas Eorpach agus na Náisiún Aontaithe an bealach is fearr mar bíonn guth an-láidir againn iontu agus bíonn daoine ag éisteacht go háirithe le tuairimí Éireannacha. Is í sin mo thuairim ar aon nós.

Mr. Rhys Ó Cinnéide

Tugann an cheist sin ábhar machnaimh dúinn, cinnte. Mar a luaigh an Teachta Connolly cheana, táimid fíorbheag mar thír agus is fiú é sin a chur san áireamh nuair atáimid ag déileáil le fadhbanna idirnáisiúnta ar nós cogaí. Arís, ceapaim go bhfuil orainn comhaontas nó comhdháil mhór a chruthú, b'fhéidir, chun an cheist agus fadhbanna a phlé seachas an foréigean a úsáid gach uile uair.

Ghlac an Teachta Aengus Ó Snodaigh an Chathaoir arís.

Ms Éire Ní Fhaoláin

Níl aon fhreagra amháin ar an gceist ach ceapaim nach bhfuil dainséar ar bith ag baint lenár dtuairimí a léiriú agus, faoi láthair, tá sé sin ar siúl againn. Ó thaobh chás na hÚcráine, thógamar seasamh daingean agus is rud iontach é sin go bhfuilimid ag léiriú go bhfuil tuairimí againn agus nár ghá dúinn freagracht a ghlacadh ó thaobh cúrsaí míleata de. Go cinnte, áfach, is gá dúinn tuilleadh infheistíochta a dhéanamh inár gcúrsaí cosanta ar eagla go dtarlóidh aon rud níos faide ná sin.

Anois, Ellie, le do thoil?

Ms Ellie Ní Bhuachalla

Táim ar aon intinn le gach rud a bhí le rá ag an Teachta Connolly. Lenár seasamh neodrach, tá ról suntasach againn fós. Mar shampla, caithfidh na ceannairí luachanna na síochána a chur chun cinn agus deireadh a chur le bolscaireacht agus le caint an fhuatha. Tríd is tríd, ní shocraíonn cogadh nó foréigean aon rud. Mar sin agus mar a dúirt mé cheana, táim fíorbhródúil as ár neodracht. Ar an iomlán, sílim go bhfuil cumhacht níos fearr ag an tír bheag seo lenár nguth in ionad na mbuamaí agus na ngunnaí. Gabhaim míle buíochas libh go léir.

Go raibh maith agat, Ellie. Dúirt Jack go raibh gá le tuilleadh machnaimh. Tá tuilleadh machnaimh ag teastáil uaimse freisin. Is ceist chasta í seo agus tá na himpleachtaí thar a bheith tromchúiseach má théimid i dtreo an mhíleatachais seachas breathnú ar bhealaí eile.

Ag teacht ar ais go dtí an Úcráin, is dócha gur thógamar seasamh láidir ansin ach, ag an am céanna, is é an rud a rinneamar ná deighilt a dhéanamh idir theifigh áirithe. Dhéileálamar níos fearr le teifigh a bhí ag teacht ón Úcráin le níos mó airgid agus tithe agus, i ndáiríre, i mo thuairim táimid ag caitheamh anuas ar na teifigh eile atá ag teacht ó na tíortha eile. Is fadhb í sin. Tá gá le tuilleadh machnaimh agus díospóireachta faoi sin.

Is é an rud deireanach a deirim ná gur sheasamar ar son mhuintir na hÚcráine, agus bhí an ceart againn, ach níor ghlacamar an seasamh céanna ó thaobh mhuintir na Palaistíne. Bhí ar mhuintir na tíre brú ollmhór a chur orainne mar pholaiteoirí agus bhí muidne ag cur brú ollmhór ansin ar an Rialtas chun an seasamh céanna a ghlacadh. Fiú amháin, bhí siad ag rá i gcónaí sa Dáil gur cheart dúinn fanacht ar an Eoraip in ainneoin nach bhfuilimid aontaithe léi ó thaobh cúrsaí míleata de. Tá tuilleadh machnaimh le déanamh maidir leis an gcaoi a dhéileálaimid le rud amháin agus, ansin, ar bhealach iomlán difriúil le rud eile. Gabhaim míle maith ag ár n-aíonna. Tá lón machnaimh tugtha domsa freisin.

Mura bhfuil ceist ag aon duine, bogfaimid ar aghaidh go dtí an chéad ábhair eile. An bhfuil daoine sásta leis sin? An bhfuil ceist ag an Teachta Ó Murchú?

Tá cuid mhaith ráite faoin am seo maidir leis an neodracht agus maidir le cúrsaí sa Phalaistín agus sa Úcráin. Aontaím le cuid mhaith atá ráite ag na daltaí agus bhí siad an-mhaith ar fad. Bheinn buartha a bheith ar an taobh eile den argóint mar bhí siad i bhfad níos fearr ná mar a bheinn féin. Maith sibh agus go raibh maith agaibh go léir. Faraor, caithfidh mé dul go dtí cruinniú eile anois.

Fadhb ar bith, a Theachta. Bogfaimid ar aghaidh anois go dtí an chéad ábhar eile agus is é sin ár mbreathnú ar an gceist: an bhfuil an córas oideachais in Éirinn oiriúnach don fheidhm a bhaineann leis? Is í an chéad duine a labhróidh faoi sin ná Róisín Ní Shúilleabháin thar ceann Choláiste Pobail Osraí.

Ms Róisín Ní Shúilleabháin

A dhaoine uaisle, tá sé mar onóir dom labhairt ós bhur gcomhair inniu. Tá sé fíorthábhachtach go ndéantar plé agus caint ar bhua agus dua an chóras oideachais toisc go gcuireann sé go mór le leas agus caighdeán na sochaí.

Ar dtús báire, cad is brí leis an gceist seo? De réir gov.ie cuireann an córas oideachais ar chumas an pháiste agus iad a fhorbairt mar dhuine sóisialta trí bheith ag maireachtáil agus ag comhoibriú le daoine eile agus, mar sin, cur le leas na sochaí. Le roinnt blianta anuas, rinneadh leasuithe nua ar mhodhanna measúnaithe ag leibhéal na sraithe sóisearaí go háirithe, ach mar is eol daoibh, is annamh go mbíonn saoi gan locht agus tá roinnt dúshláin fós le sárú againn.

Tosóidh mé le dea-scéal gur fógraíodh i staidéar le gairid go bhfuil Éire sa tríú háit san Eoraip maidir le cáilíocht oideachais. Tá cáilíocht oideachais, an tríú leibhéal, cúrsaí litearthachta, an litearthacht dhigiteach agus infheistiú Rialtais san áireamh sa staidéar.

Caitheann Rialtas na hÉireann 11.3% dá gcuid caiteachais ar oideachas agus is iontach an rud é seo. Ach an bhfuil ár ndóthain idir lámha againn le freastal ar oileán na Naomh agus na n-Ollamh? Dháil buiséad 2024 €10.5 billiún ar an gcóras oideachais i mbliana ach an leor é chun fadhbanna na hearnála a leigheas? Inniu, a chairde, ligigí dom labhairt faoin nganntanas múinteoirí, ganntanas ceardaithe inár sochaí, an ghéarchéim mheabhairshláinte agus an intleacht shaorga.

Tá géarchéim tithíochta ann, a chairde, agus faoi láthair tá chuile cheardaí fud fad na tíre ag obair ó mhaidin go dubh mar gheall ar an tóir atá orthu. Meastar go mbeidh breis is 50,000 daoine de dhíth san earnáil trádála sa chúig bliana atá le teacht. Mar gheall ar an mbéim atá ar chéimeanna ollscoile, tá ganntanas ceardaithe oilte. Ní spreagtar go leor mac léinn gairmeacha trádála a roghnú mar ghairmeacha beatha. Fuarthas amach i dtuarascáil croí-thaighde don tionscal tógála in 2022 go raibh 63% de chuideachtaí foirgníochta ag streachailt le hoibrithe a aimsiú chun tithe a thógáil. Cuirim cuid den locht ar chúrsaí na ardteistiméireachta mar go bhfuil stádas céime coláiste ag teastáil ó fhormhór na mac léinn. Ba chóir go mbeadh sé mar thosaíocht Rialtais cúrsaí oiliúna a chur ar fáil do lucht na gceardaithe agus daltaí a mhealladh sa treo sin.

Tá borradh tar éis teacht ar líon scoileanna an Ghaeloideachais le 30 bliain anuas. Éacht iontach amach is amach é sin ach caithfear a aithint go bhfuil ganntanas múinteoirí sa tír seo cheana féin gan trácht ar an tumoideachas. Is daltaí na Gaelscolaíochta muid agus tuigimid go léir go mbíonn ar scoileanna múinteoirí gan Ghaeilge a fhostú toisc nach bhfuil an dara rogha acu. Déarfainn go gcaithfimid dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta agus an ngéarchéim coinneála. Ní leis an Ghaeloideachas amháin a bhaineann na dúshláin seo; tá ganntanas oideachasóirí i ngach gné den chóras oideachais.

Caithfimid iniúchadh a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge i scoileanna freisin. Ní hamháin go bhfuil sí mar chroílár ár n-oidhreachta agus ár gcuid féiniúlachta ach is teanga Eorpach oifigiúil anois í agus ní mór dúinn tacú léi.

Rinneadh taighde in UCD le déanaí, nuair a tháinig sé chun solais go bhfuil an leibhéal imní ag ardú i measc pháistí bunscoile, a léirigh go bhfuil an patrún céanna le feiceáil sa mheánscolaíocht agus ag an tríú leibhéal. Tá sé aitheanta go bhfuil gá le tuilleadh comhairleoirí gairmthreorach chun freastal ar riachtanais ár ndaltaí agus iad a stiúradh go sóisialta. Measaim go bhfuil sé iontach maith tuilleadh béime a fheiceáil ar an bhfolláine sa chóras oideachais - tá sé riachtanach chun daoine breátha folláine a chothú - ach tá páistí fós gan dídean sa tír seo. Tá páistí ina suí i soláthar díreach faoi láthair gan na deiseanna céanna.

Ligigí dúinn an fód a threabhadh, a chairde, go dtí go bhfuil comhdheiseanna ag gach páiste sa tír. Sa lá atá inniu ann, níos minice ná riamh, tá teicneolaíocht nua ag teacht ar an bhfód lá i ndiaidh lae. Níl a fhios agam fúibhse, ach i ndiaidh na meánscolaíochta, ní bheidh scileanna códála ar mo thoil agam. Tá súil dhall á chasadh ar cheann de na rudaí is tábhachtaí sa tsochaí nua-aimseartha: an teicneolaíocht. Is ea go bhfuil a lán eolais ag an nglúin nua faoi na meáin shóisialta ach measaim go bhfuil tuilleadh béime ag teastáil ar an gcódáil agus ar an intleacht shaorga. Tá tuilleadh oiliúna ag teastáil ó na múinteoirí freisin. Tá an t-eolas seo riachtanach ionas go bhforbróidh todhchaí ár scoláirí agus go leanfaidh geilleagar na tíre ag neartú agus ag fás. A chairde, mo sheacht mbuíochas as ucht cluas a thabhairt dom ag an gcomhchoiste inniu.

Gabhaim buíochas le Róisín ansin agus anois iarraim ar Bridget Nic Suibhne ó Ghaelcholáiste an Chláir labhairt lena toil.

Ms Bridget Nic Suibhne

Dia daoibh, a dhaoine uaisle. Tá mise anseo inniu chun labhairt libh faoin gcóras oideachais in Éirinn. Is éard atá le plé agam ná an cheist seo: an bhfuil an córas oideachais in Éirinn oiriúnach don fheidhm a bhaineann leis? Ar dtús, cad í feidhm an chórais oideachais in Éirinn? I mo fhocail féin, is í feidhm an chórais oideachais ná seans a bheith ag páiste nó daoine óga foghlaim conas léamh, comhaireamh agus scríobh, mar aon leis an ngné shóisialta den fhoghlaim, agus scileanna a fheabhsú agus a fhorbairt chun a bheith in ann dul ar aghaidh sa saol go hoideachais breise nó chun an saol oibre.

Agus é sin ráite, seo í an cheist: an bhfuil an córas oideachais in Éirinn oiriúnach don fheidhm a bhaineann leis? I mo thuairimse níl agus déarfaidh mé leat cén fáth a cheapaim é sin anois. Féachaimid ar an scrúdú ardteistiméireachta i dtosach, mar shampla. Go ginearálta déanann gach scoláire sa tír an ardteistiméireacht. Tá roghanna eile ann mar an ardteistiméireacht fheidhmeach agus gairmchlár na hardteistiméireachta. Thar na blianta tá drochíomhá i gcloigne daoine maidir leis na cláir eile is féidir leat a dhéanamh, ar nós ghairmchlár na hardteistiméireachta.

Tá toimhde ann go bpiocann daoine na cláir eile mar nach bhfuil siad chomh cliste sin, ach tá sé seo go hiomlán mícheart. Caithfear níos mó eolais a chur ar fáil faoi na roghanna seo agus caithfear béim a leagan go bhfuil rogha eile ann in áit na hardteiste traidisiúnta. Is ábhar breise é gairmchlár na hardteistiméireachta i mo scoil chun bearna san amchlár a líonadh agus chun níos mó pointí a fháil.

Anuas air sin, tá an scrúdú ardteiste ró-chúng mar mhodh measúnaithe. Bheadh measúnú leanúnach go hiontach mar chuid de thoradh deireanach an scoláire. Le measúnú leanúnach, tá scoláirí in ann a gcuid scileanna eile a chleachtadh, a thaispeáint agus a chur chun cinn. Thabharfadh an measúnú leanúnach deis do dhaoine óga oideachas a fháil i mbealaí eile a n-oireann dóibh agus i mbealach a mbeadh siad in ann cur lena gcuid eolais seachas a bheith ag díriú ar phointí agus ar staidéar i gcomhair an mhairc dheireanaigh amháin. Leis an strus a thagann leis an scrúdú ardteiste, tá an baol ann i gcónaí go stopfaidh scoláirí agus go gcaillfidh siad a slite. Conas is féidir le daltaí a bheith dírithe i gcomhair bliana fada? Dá mbeadh measúnú leanúnach ann in áit cuid den eolas a bhíonn scrúduithe ar an ardteist, laghdófar tábhacht an scrúdaithe deiridh agus bheadh deis ag scoláirí marcanna a bhaint amach i dtascanna measúnaithe eile de réir mar a oibríonn siad tríd an gcóras. D’fhéadfaí roinnt mhaith den strus a bhaint díobh ar an mbealach sin.

Tá trí rogha againn nuair atá an córas oideachais dara leibhéal á fhágáil againn; is iad sin ná dul chuig an ollscoil, printíseach a dhéanamh nó dul amach sa saol oibre. Uaireanta, roghnaíonn scoláirí cúrsa tríú leibhéal nach n-oireann dóibh toisc gur mhaith leo a gcairde a leanúint nó go bhfuil taithí a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí imithe i bhfeidhm orthu. In amanna, má thagann dalta ó chlann atá mar chuid den lucht oibre, bíonn drogall air nó uirthi dul go dtí an tríú leibhéal agus bíonn sé deacair an meon seo a athrú. Tá tuiscint ann go bhfuil daoine a bhaineann an ollscoil amach níos cliste ná daoine eile ach ní hé seo an cás ar chor ar bith. Is mór an trua é go bhfuil an dearcadh seo ann agus caithfidh muid rud éigin a dhéanamh chun an meon sin a athrú agus seans a thabhairt do gach duine a n-áiteanna a thógáil ag an tríú leibhéal más maith leo.

Is iad pointí CAO an t-aon tábhacht a bhaineann leis an ardteist agus bíonn go leor struis i gceist; roghnaíonn daoine ábhair bunaithe ar phointí seachas ar shuim nó scileanna. Ba cheart dúinn scileanna agus suim a roghnú seachas ábhair a phiocadh i gcomhair pointí arda. Má athraítear an córas, is féidir an strus sin a laghdú agus beidh scoláirí in ann spraoi, fás agus forbairt le chéile.

Caithfear níos mó eolais a chur ar fáil faoin saol tar éis scoile, cosúil leis na bealaí ar féidir le duine forbairt a dhéanamh air nó uirthi féin, níos mó eolais faoin mheabhairshláinte agus sláinte fhisiciúil i ranganna corpoideachais nó scileanna saoil. Bíonn roinnt de na daltaí, nach bhfuil ró-acadúil agus nach nglacann páirt i rás na pointí, ag streachailt i mbliain na hardteiste de bharr go mbíonn siad dóite leis an méid staidéir a dhéantar agus de bharr an bhrú toradh maith a fháil. Éiríonn roinnt daltaí eile neirbhíseach agus uaigneach faoi na scrúdaithe agus ní fhaigheann siad na torthaí atá de dhíth orthu agus cailleann siad a gcuid muiníne.

Arís, dá mbeadh measúnú leanúnach ann, bhainfí an brú de na scoláirí sin agus chuirfí béim ar phíosaí beaga den chúrsa ab fhéidir leo a láimhseáil. Tá muid go léir fós óg agus tá muid ag fás agus ag foghlaim. Caithfidh muid smaoineamh faoin cheist seo arís: an bhfuil an córas oideachais in Éirinn oiriúnach don fheidhm a bhaineann leis? An fiú an strus go léir i gcomhair toraidh dheiridh amháin, i gcomhair uimhreach amháin ar scála na bpointí CAO? B’fhéidir go gcaithfidh muid smaoineamh ar na daltaí atá caillte ar an bhealach agus ar na scileanna nach mbíonn muid ag foghlaim ar an turas seo chun na hardteiste. Is féidir linn teacht ar bhealach go dtí an tríú leibhéal atá oscailte do gach duine agus atá oiriúnach don lá atá inniu ann.

Gabhaim buíochas leis an choiste as éisteacht liom inniu.

Go raibh maith agat. Casann muid anois ar Shaoirse Lodge ó Mheánscoil Gharman.

Ms Saoirse Lodge

I dtosach báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as ucht an deis iontach seo labhairt os a gcomhair inniu. Inniu, beidh mé ag plé na ceiste; an bhfuil an córas oideachais in Éirinn oiriúnach don fheidhm a bhaineann leis?

Ó mo thaithí féin, tá an córas oideachais in Éirinn oiriúnach don fheidhm a bhaineann leis, go pointe áirithe. Mar a deir an seanfhocail; “níl saoi gan locht”. Lá i ndiaidh lae, cuireann an córas oideachais sin in iúl. Cé go bhfuil an córas oideachais in Éirinn ar cheann de na córais oideachais is rathúla ar domhan, creidim fós go bhféadfaí feabhas a chur air.

De réir Airteagal 42.4 den Bhunreacht, tá sé de cheart ag an Stát bunoideachas saor in aisce a chur ar fáil agus is iontach an rud é go bhfuil leabhair bhunscoile agus lón daltaí bunscoile ar fáil saor in aisce faoi dheireadh. Cuireann sé in iúl gur féidir an deis céanna a thabhairt do gach páiste atá ag freastal ar an bhunscoil in Éirinn. Is sampla eile de dheiseanna cothroma a chur ar fáil go forleathan é an scéim cúram agus oideachas luath-óige, a sholáthraíonn bliain de chúram agus oideachas luath-óige saor in aisce do leanaí atá in aos réamhscolaíochta. Is deis den chéad scoth í an réamhscolaíocht, ach sular cuireadh an scéim seo i bhfeidhm, ní raibh an deis ann do chách mar gheall ar an chostas a bhain léi. Tríd na deiseanna oideachais saor in aisce seo a chur ar fáil, spreagtar an t-oideachas agus tugtar deis do dhaoine óga na tíre seo fás agus forbairt ar leibhéal fisiciúil, intleachtúil, mothúchánach agus morálta. Is é seo a bhfuil uainn mar shochaí chun feidhmiú sa chaoi is fearr dúinn.

Luíonn locht amháin den chóras oideachais sa tslí ina múintear an Ghaeilge. Cuirtear béim ar an Ghaeilge sa chóras oideachas sa tslí gur croí-ábhar í, ach sa tslí ina múintear í i scoileanna nach bhfuil an Ghaeilge mar an príomhtheanga, measaim go bhfásann níos mó fuatha don teanga ná aon scil inti chun í a labhairt. Tá bearna scannalach ann idir an caighdeán Gaeilge sna Gaelscoileanna agus an caighdeán Gaeilge sna scoileanna nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt go laethúil iontu. Cloistear an leithscéal go minic go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis agus dá bharr sin, cén maitheas í a fhoghlaim? Mar a deir an seanfhocal “beatha teanga í a labhairt”. Is í an fhadhb atá againn ná nach bhfuil an teanga á labhairt sa seomra ranga. Cé go bhfuil 40% de mharcanna Gaeilge ardleibhéil ardteistiméireachta ag brath ar chumas labhartha an dalta, déanann daltaí na freagraí céanna a foghlaim de ghlanmheabhair, rud a théann díreach i gcoinne na feidhme den teanga a foghlaim.

Anuas air seo, luíonn laigí an chórais in Éirinn sa chúrsa ardteistiméireachta agus sa mheon a mhúsclaíonn sé i measc na ndaltaí. Gan dabht, tá cothromas i gceist leis sa chaoi is go suíonn gach dalta an scrúdú céanna ar an lá céanna. É sin ráite, ní fhreastalaíonn sé ar chumas gach dalta. Cé go bhfuil réimse leathan d’ábhair ardteiste ar fáil, tá béim ar bhunús acadúil sna hábhair den chuid is mó. Fiú sna hábhair atá níos praiticiúla cosúil leis na healaíona nó an corpoideachas, bíonn scrúdú scríofa i gceist anuas ar an obair phraiticiúil lena mbíonn foghlaim de ghlanmheabhair ag teastáil chun gráid mhaithe a bhaint amach. Tá roghanna eile ann ar nós gairmchlár na hardteistiméireachta agus an ardteistiméireacht fheidhmeach, agus tá roinnt céimeanna nua ann inar féidir iontráil gan a bheith ag dul tríd an chóras CAO, ach tá sé bhrúite ar dhaltaí ó aois óg gurb í an ardteist an t-aon rogha.

Uaireanta, is é an t-aon rogha é. Is féidir le pointí CAO do chúrsaí leighis, fiaclóireachta agus tréidliachta éirí thar 600 pointe agus is líon pointí dodhéanta é sin muna bhfaightear an bónas 25 pointe atá ar fáil don mháta ardleibhéil. Tá an scoilt idir máta ardleibhéil agus mata gnáthleibhéil iomarcach agus is minic go mbíonn ar dhaltaí freastal ar dhianranganna chun pas a bhaint amach san ábhar seo chun an bónas 25 pointe a fháil. Bíonn costas daor ag baint leis na dianranganna seo agus thar an tréimhse dhá bhliana ina maireann an cúrsa ardteiste, d’fhéadfadh le dalta timpeall €1,000 a chaitheamh. Is buntáiste iad na dianranganna nach bhfuil an t-ádh nó an t-airgead ag gach duine chun freastal orthu. Ní hiad na dianranganna an t-aon bhealach ina bhfaigheann na daltaí is saibhre an lámh in uachtar. Is féidir le daltaí freastal ar chúrsaí Gaeltachta thar an samhradh chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge nó freastal ar ranganna ceoil chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna ceoil phraiticiúil lena gabhann 50% de mharc deireanach cheol na hardteiste. Ardaíonn sé seo ceist eile: an bhfuil gráid ardteiste bunaithe ar thuillteanas nó an bhfuil níos mó ag baint le saibhreas, maoin agus acmhainní an dalta ar a ngráid ardteiste agus a dtodhchaí?

Tríd is tríd, tá roinnt mhaith láidreachtaí ag an chóras oideachais in Éirinn ach is é an spás is mó ina bhfuil feabhas le déanamh ná leis an Ghaeilge ar chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile agus chun an cúrsa ardteiste a fheabhsú ó thaobh cothromaíochta de. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht na héisteachta cineálta a thug sé dom.

Gabhaim buíochas le Saoirse Lodge. Anois, tá Dáithí de Butléar ó Choláiste Átha a' Chóiste chun an ráiteas deiridh ar an ábhar seo a léamh.

Mr. Dáithí de Buitléar

Dhéanfadh níos mó ranganna corpoideachais, ceoil agus na healaíne maitheas an domhain do dhaltaí, dar le mo mhúinteoir. Mar thoradh air sin, is í sin tuairim an chuid is mó de mo rang. Is í an fhoghlaim de ghlanmheabhair an fhadhb is contúirtí sa chóras oideachais inniu. Foghlaimíonn muid aistí, ailt agus abairtí ónar múinteoirí ach an bhfuil muid ag foghlaim i ndáiríre? Tá an t-athrá seo ag marú ár neamhspleáchais, ár n-uathúlachta agus ár bhféiniúlachta.

Mar Éireannach, shíl me go raibh na tréithe sin fíorthábhachtach dúinn, ach, ní aontaíonn an córas oideachais leis an smaoineamh seo. Ina áit sin, cothaítear bodhaire inár gcinn. Cheapas gur cheart go ndéanaimis staidéar chun ár bpaisean a chothú. Cheapas gurbh í an fheidhm a bhaineann leis an gcóras oideachais ná chun inspioráid a thabhairt dúinn. Nach ndéanann an foghlaim de ghlanmheabhair a mhalairt ar fad? Agus sinn ag foghlaim gach rud atá curtha romhainn, ní bhainimid úsáid as ár smaointeoireacht chriticiúil in aon chor. Táimid inár gcónaí i ré na mbréag. Ní féidir é sin a shéanadh. Tá deis againn chun ár gcóras oideachais a athrú, deis chun an ghlúin a thiocfaidh inár ndiaidh agus gach uile glúin eile ina ndiaidh siúd a shábháil. Tagann an bréageolas ó gach áit. Tá sé ann ar an teilifís, ar ár bhfóin agus ar na meáin chlóite. Níl aon fhaoiseamh uaidh do dhaoine óga, agus níl aon éalú, ach is féidir linn an bhréagaisnéis a aithint agus sinn a chosaint ó dhrochthionchar. Má mhúineann muid an cumas seo dár bpáistí sa chóras oideachais, déanfar éacht, agus bheinn ag súil go mbeadh saol níos sona, níos sábháilte agus níos dearfaí againn.

Is é an réiteach soiléir atá os ár gcomhair ná an measúnú leanúnach. Tá sé le feiceáil sa teastas sóisearach faoi theideal an measúnú rangbhunaithe, MRB, ach níl aon rud mar sin san ardteistiméireacht fós ar aon chuma. Tá tionscadail ar fáil i cúpla ábhair ach níl aon rogha róleathan. D’fhoghlaimeodh muid scileanna fíorthábhachtacha cosúil le caint phoiblí agus comhoibriú trí thionscadail. Bheadh seans chun intleacht shaorga a thabhairt isteach agus d’fhorbrófaí ár smaointeoireacht chriticiúil ag an am céanna. Is féidir suimeanna na ndaoine óga a fhorbairt, strus na scrúdaithe a laghdú agus an saol ar fad a fheabhsú. Nach é seo an bhrionglóid atá againn ar fad air seo? Nach é seo an chaoi chun saol daoine óga a fheabhsú?

Chun an bhrionglóid seo a bhaint amach, conas a dhéanfaidh muid é gan mhúinteoirí láncháilithe a bheith inár scoileanna? Mar is eol don choiste, fadhb ollmhór is ea an ganntanas múinteoirí, ní hamháin san ardchathair ach inár scoil féin i gcroílár Chorcaí agus i ngach aon scoil timpeall orainn. Caithfidh an Rialtas díriú ar an fhadhb, ach scéal fada i gcomhair lae eile is ea seo.

An raibh comhaltaí an choiste seo sásta lena n-oideachas agus iad ag féachaint siar ar a n-óige? Ar chabhraigh an córas leo ar a slite anseo i ndáiríre? Ar bhfuair siad na scileanna cearta? Tá feabhas ag teacht ar an chóras oideachas in aghaidh an lae ach ag an am seo, níl sé oiriúnach. Éiríonn sé níos cothroime, níos córa ach, an bhfuil sé ag éirí níos comhaimseartha? Caithfear foghlaim de ghlanmheabhair a fhágáil anseo. Is é an measúnú leanúnach an chéad céim eile, ach caithfear é a phleanáil i gceart. Caithfear éisteacht leis na saineolaithe agus é a chur i bhfeidhm ag an am ceart agus ag an leibhéal forbartha ceart don duine óg. Tá obair mhór i gceist. Faoi láthair, tá an córas seo mídhaonna, éagórach agus as dáta. Is é sin a deir mo mhúinteoir agus aontaím léi an uair seo. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Anois, tá deis ag comhaltaí ceisteanna a chur ar na finnéithe. An bhfuil ceist, nó ceisteanna, ag an Teachta Moynihan?

Tá sraith ceisteanna agam. Tá pointí an-mhaithe déanta ag na finnéithe. Luaigh roinnt finnéithe an measúnú leanúnach in ionad an struis atá bainteach leis an scrúdú mór i dtreo dheireadh na bliana. Dar ndóigh, luaigh Róisín Ní Shúilleabháin scileanna a bheith riachtanach agus go mbeadh múinteoirí agus daoine breise riachtanach. Bhí an-chuid plé ar mheabhairshláinte agus ar na hábhair a bheadh á meas. Toisc go bhfuil an oiread béime ar na scrúdaithe, ar CAO agus ar league tables, ní dóigh liom go dtugtar meas nó treoir mhaith ar an fhoghlaim atá déanta. Tá an-chuid eile ar siúl i scoileanna seachas na scrúdaithe agus na hábhair amháin. Tá forbairt phearsanta ann agus bíonn daoine ag foghlaim scileanna spóirt agus ceoil, agus conas ceol a chumadh. B’fhéidir go mbíonn daoine ag déanamh drámaíochta nó díospóireachta ina mbíonn orthu seasamh os comhair slua, iad féin a chur i láthair agus dul i bhfeidhm ar an slua. Luadh coding chomh maith agus bíonn daoine ag foghlaim conas TikTok a dhéanamh de bharr go bhfuil siad go maith mar influencers. Tá an-chuid scileanna á foghlaim ag daoine ach conas a thomhaisfí é sin? An iad sin na rudaí gur chóir dúinn a bheith ag féachaint orthu ó thaobh an chórais oideachais de, in ionad a bheith ag foghlaim de ghlanmheabhair amháin, faoi mar a dúirt Dáithí de Buitléar nuair a luaigh sé cé chomh cúng is atá an córas? Ar chóir dúinn a bheith ag féachaint ar smaointeoireacht chriticiúil agus ar ábhair éagsúla? Conas a mheasfaí é sin? Cad é an slat tomhais a bhainfí úsáid as seachas scrúdú agus an measúnú leanúnach? An bhfuil aon tuairimí ag na finnéithe air seo? Cad iad na hábhair gur chóir go mbeadh á meas?

An bhfuil aon fhinné ag iarraidh labhairt ar an bpíosa seo?

Ms Bridget Nic Suibhne

Bheadh ábhair ina bhfuil go leor i gceist, cosúil le bitheolaíocht, stair, ceimic, gnó agus mar sin de, iontach chun measúnú leanúnach a dhéanamh. Tá go leor struis leis an méid a chaithfidh an scoláire foghlaim. Leis an measúnú leanúnach, bheadh seans eile aige nó aici a scileanna agus eolas faoin ábhair sin a fhorbairt agus a thaispeáint. Is féidir le gach duine scrúdú a dhéanamh, ach tá sé níos féaráilte seans nó rogha eile a bheith ann chomh maith le go mbeadh scileanna gach duine cuimsithe i gcomhair na n-ábhar.

Mr. Dáithí de Buitléar

Tá an t-ábhar Gaeilge lán le fadhbanna, an tsraith pictiúr mar shampla. Tá muid ag foghlaim de ghlanmheabhair an scrúdaithe béil agus ní foghlaim é sin i ndáiríre. Tá muid ag foghlaim conas an scrúdú a dhéanamh agus ceapaim gur fadhb ollmhór í sin.

An bhfuil aon fhinné eile ag iarraidh labhairt ar an phointe seo?

Ms Saoirse Lodge

Ceapaim gur ceist dheacair í. Mar a dúirt an Teachta Moynihan, tá smaointeoireacht chriticiúil i gceist le hábhair cosúil leis an pholaitíocht agus an tsochaí. Tá sé sin go maith mar, i gcomparáid leis na hábhair eile, cuireann siad daltaí ag smaoineamh. Tá siad níos oscailte ó thaobh scéimeanna marcála de agus cuireann siad níos lú brú ar dhaltaí.

Ms Róisín Ní Shúilleabháin

Aontaím maidir le hábhair cosúil leis an nGaeilge. Bíonn daoine ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair agus ag athrá an eolais. Ceapaim gur chóir go mbeadh measúnú leanúnach ann d'ábhair cosúil leis an Ghaeilge agus ábhair atá bainteach leis an teanga, ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn seachas an teanga a fhoghlaim de ghlanmheabhair.

Luadh ranganna folláine, coding agus mar sin de. An bhfuil ábhair eile gur dóigh leis na finnéithe gur chóir a bheadh á múineadh seachas na hábhair atá ann faoi láthair? Ábhair a bheadh úsáideach amach anseo do dhaoine atá i gceist agam.

Ms Róisín Ní Shúilleabháin

Ba chóir go mbeadh ábhair ann faoin timpeallacht agus faoin sochaí, ionas gur féidir le daltaí foghlaim conas an sochaí a fhorbairt amach anseo, seachas eolas atá bainteach le peann agus páipéar agus scrúduithe amháin a bheith ann.

Ms Saoirse Lodge

Bheadh sé go maith dá mbeadh ábhair ann a mhúineann scileanna saol do dhaltaí ionas gur féidir leo maireachtáil sa fíordhomhan, seachas an eolas céanna a fhoghlaim de ghlanmheabhair.

Mar shampla tiomáint, an ea? Tuigim duit. An bhfuil aon rud cosúil le sin agat, a Dháithí?

Mr. Dáithí de Buitléar

Ábhar maith is ea an ceol. Tá sé lán le rudaí praiticiúla agus mar sin foghlaímid rudaí fíorthábhachtacha agus bainimid taitneamh as.

Ms Bridget Nic Suibhne

Nílim cinnte faoi scoileanna eile ach tá scileanna saol againn inár scoil agus bímid ag foghlaim rudaí mar sin. Is gá le níos mó béime a chur ar scileanna a bheidh úsáideach tar éis na hollscoile. Tá a lán rudaí atá le teacht a bheidh orainn a dhéanamh ach níl a fhios againn conas iad a dhéanamh, mar shampla teach a cheannach. Tá na roghanna difriúla don ollscoil i gceist chomh maith. Tá caint ann faoin meabhairshláinte, atá luaite anseo inniu, ach níl sé chomh domhain is a chaithfidh sé a bheith agus ba cheart go mbeadh níos mó cainte faoi. Go háirithe sna blianta deireanacha san ollscoil, tá go leor strus ar mhic léinn agus mar sin caithfear níos mó béim a chur ar an meabhairshláinte agus ar an mbealach ar aghaidh i ndiaidh na hollscoile.

Glaoim anois ar an Teachta Creed.

Ba mhaith liom a rá ar dtús go raibh mé déanach toisc go bhfuil mé mar Chathaoirleach ar choiste eile agus bhí cruinniú eile agam. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil seans ag na daltaí bheith anseo agus go mbeimid ag éisteacht leo. Déanaim comhghairdeas leo go léir, go mór mhór leis na daltaí ó Choláiste Áth a’ Chóiste i mo cheantar féin. Tá an Teachta Muineacháin tar éis an scéal go léir a chloisteáil agus gan dabht ceisteanna maithe a chur ar na daltaí. Déanaim comhghairdeas leis an gcoiste chomh maith as ucht an seans a thabhairt dóibh.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Dáithí de Buitléar, Róisín Ní Shúilleabháin, Bridget Nic Suibhne agus Saoirse Lodge. Is iorónta an scéal é go bhfuil siad ag rá go bhfuil an córas oideachais oiriúnach go dtí pointe, ach is eiseamláir iadsan den oideachas a fhaigheann daoine óga anseo. Tá siad lán de mhuinín ag cur ceisteanna ar pholaiteoirí. Is iorónta agus greannmhar ar leibhéal é. Déanaim comhghairdeas leo agus leis na múinteoirí. D'ardaigh siad neart ábhair. Tá an córas oideachais feiliúnach go dtí pointe ach aontaím gur chóir go mbeadh measúnú leanúnach i gceist.

D'ardaigh Bridget rud a chuaigh go mór i bhfeidhm orm. Dúirt sí go bhfuil tuiscint ann go bhfuil daoine a bhaineann an ollscoil amach níos cliste ná daoine eile. Sin cuid den fhadhb sa tír seo, go bhfuil idirdhealú á dhéanamh idir dhaoine cliste agus daoine atá in ainm a bheith cliste ach nach bhfuil cliste beag ná mór. Ní mór dom a rá gur chaith mé tréimhse ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí agus le linn an ama sin, tháinig dream as na hollscoileanna - seacht fear, mar a tharla - os ár gcomhair. I mo thuairim, ó mo thaithí ar feadh ceithre bliana, siadsan a bhí ag bun an dréimire agus is iadsan a bhí i gceannas ar na hollscoileanna. Bíodh muinín ag na finnéithe. Tá siad ag rá go bhfuil gá le tuilleadh roghanna agus aontaím leo. Tá gá le tuilleadh roghanna agus le measúnú leanúnach.

Tá rud amháin eile le rá agam maidir le cúrsaí ceoil. Bhí agallamh iontach ar siúl ar 10.30 a.m. maidin Domhnaigh seo caite. Bhí bean rialta ó scoil i gCromghlinn faoi agallamh. Tá éacht déanta aicí agus ag foireann na scoile ó thaobh cúrsaí ceoil de. Rinne siad cinneadh go mbeadh uirlis cheoil ag gach duine sa bhunscoil sin agus lean siad ar aghaidh ón bpointe sin. Anois tá ceolchoirm agus ceolfhoireann sa scoil.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe arís as ucht na hoibre atá curtha isteach orthu.

Tá ceist agam a ritheann le roinnt atá ráite cheana féin. Dúirt Saoirse ceist go gcothaíonn an córas oideachais fuath i measc roinnt daltaí ó thaobh na Gaeilge de. Conas gur féidir linn tabhairt faoin gceist sin? Is é seo ceann de na rudaí móra a bhímid ag plé anseo go minic. Conas is féidir linn níos mó daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge? Má tá an córas oideachais ag cothú fuath i measc roinnt daltaí, tá fadhb bhunúsach ann. B'fhéidir go bhféadfadh sibh tuairimí a roinnt linn agus ansin bogfaimid ar aghaidh.

Ms Saoirse Lodge

Mar a luaigh mé cheana, tá an t-uafás foghlaim de ghlanmheabhair i gceist. Ó mo thaithí féin ag labhairt le daltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna nach mbíonn an Gaeilge á labhairt, tuigim nach mbíonn an Ghaeilge á labhairt sa seomra ranga, fiú amháin ag an múinteoir uaireanta. Tá nós ann nach bhfuil sé cool an Ghaeilge a labhairt. Tá sé iontach go bhfuil Seachtain na Gaeilge againn mar tá an méid sin eachtraí ann a spreagann an teanga, ach níl dóthain á dhéanamh.

Ms Bridget Nic Suibhne

Aontaím le Saoirse Lodge. Má tá tú i gcónaí ag foghlaim, éireoidh tú tuirseach agus beidh leadrán ort ó thaobh an ábhair sin. Má tá tú ag scríobh agus ag foghlaim an t-am ar fad, fásfaidh an fhuath. Leis an measúnú leanúnach, tá seans ann an Ghaeilge a fhoghlaim i mbealach níos fearr nach bhfuil bunaithe ar an scríobh agus ar fhoghlaim amháin. De bharr sin, tríd an measúnú leanúnach a úsáid agus rudaí áirithe a athrú, beidh Gaeilge níos taitneamhach mar ábhar.

Ms Róisín Ní Shúilleabháin

Bímid ag foghlaim dánta agus úrscéalta seachas rudaí gur féidir linn a úsáid lá i ndiaidh lae. Aontaím le Saoirse Lodge nach bhfuil go leor deiseanna ann an Ghaeilge a labhairt, ach go háirithe i scoileanna lán-Bhéarla. Ní chuirtear go leor deiseanna ar fáil don scoláire a scileanna Gaeilge a chur chun cinn.

Mr. Dáithí de Buitléar

Tá drochthaithí ag daoine ar an nGaeilge agus iad sa chóras oideachais agus mar sin is dóigh liom go bhfuil fadhb againn. Tá múinteoirí ag dul ar imirce chuig an Astráil agus áiteanna eile mar sin agus caithfimid athrú a dhéanamh chun an fadhb sin a réiteach.

Caithfimid an Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí dóibh siúd le Béarla. Bhí mé ag caint sa Dáil níos luaithe agus mar a dúirt mé, feicimid na daoine atá ag labhairt agus ag rith isteach is amach. Tá sceideal ann agus bíonn fhios agat cén sliotán atá agat. Níl aon cur amach agamsa ar Miu Miu, dream faisean ón Iodáil. Níl cliú agam cé hiad nó cad a dhéanann siad ach sa físeán atá curtha amach an tseachtain seo, tá Gaeilge ann, creid nó ná creid. Tá daoine eile ag déanamh an jab dúinn chun an Ghaeilge a dhéanamh níos faiseanta i measc daoine óga. Tá fadhb ann mura bhfuil an córas oideachais ag cuidiú linn ó thaobh iad siúd nach bhfuil Gaeilge acu ón mbaile nó nach bhfuil an spéis sin acu.

Bogfaimid ar aghaidh anois go dtí an chéad ábhar eile, an t-ábhar deireanach atá faoi chaibidil inniu, is é sin sainmhíniú ar an tsochaí uilechuimsitheach. Tosóimid le Myriam Andre Ní Liodáin ó Ghaelcholáiste an Chláir.

Ms Myriam Andre Ní Liodáin

Táim anseo le labhairt faoin sainmhíniú ar shochaí uilechuimsitheach. Is sochaí chasta í sochaí shóisialta na hÉireann, a bhfuil tionchar uirthi ó thaobh staire, cultúir agus cúrsaí eacnamaíochta de. Scrúdaíonn an óráid seo creideamh, náisiúnachas, míchumas agus tithíocht agus an bealach ina dtéann siad i bhfeidhm ar an tsochaí in Éirinn. De réir UN.org, is éard is brí le sochaí uilechuimsitheach ná próiseas a dhéanann iarracht chun comhdheiseanna a thabhairt do gach duine in ainneoin a gcúlra ionas gur féidir leo barr a gcumas a bhaint amach ina saol. Díríonn an óráid seo ar céard gur cheart a bheith i sochaí uilechuimsitheach in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Tógaimid creideamh ar dtús. Glacann creideamh ról suntasach i múnlú na bunbhéasaíochta sóisialta. Go stairiúil, ba thír Chaitliceach í Éire den chuid is mó agus tá tionchar na hEaglaise Caitlicigh sin le fáil i go leor gnéithe den saol sóisialta. Cé go bhfuil meon an phobail tar éis athrú thar na blianta, tá tionchar cultúrtha agus moráltachta an Chaitliceachais fós le feiceáil i nósanna agus i gcleachtas sóisialta na tíre. Tá roinnt creidimh nua tar éis fás in Éirinn de bharr imirce agus ceangail idirnáisiúnta. Is rud maith é seo mar is cuid de dhomhan mór anois muid. Ach le creidimh nua tagann meoin dhifriúla agus tá sé tábhachtach go mbeidh meas ag daoine ar dhaoine a leanann creidimh éagsúla agus go mbeidh siad rannpháirteach sa saol, díreach mar a bheadh duine ar bith eile. Mar shampla, tá ár scoil aitheanta mar scoil neamh-shainchreidimh ach, agus é sin ráite, bímid ar an eolas go gceiliúrann daoine éagsúla féilte a reiligiún féin, mar shampla, Ramadan, Eid agus an Nollaig. Tugann an difríocht seo seans dúinn foghlaim faoina chéile agus cabhraíonn sé linn sochaí uilechuimsitheach a fhorbairt.

Céard faoi náisiúnacht in Éirinn? Cosúil leis na creidimh éagsúla atá thar timpeall orainn anois, is léir go bhfuil réimse leathan náisiúntachtaí in Éirinn freisin. De réir daonáireamh 2022, tagann 12% de mhuintir na hÉireann ó thíortha éagsúla agus tá 3% den daonra neamhaitheanta. Mar sin, is daoine a bhog go hÉirinn iad 15% den daonra. Is rud ollmhór é seo. Tá sé tábhachtach go bhfuil na daoine seo sona in Éirinn, go háirithe daoine ó thíortha ar nós na hÚcráine, na hAfganastáine agus na hÉigipte agus na daoine atá ag teitheadh ó thíortha atá brúite le cogadh. Chomh fada agus is féidir leis an tír, tá cúnamh, airgead agus tearmann tugtha do na hÚcránaigh atá sa tír faoi láthair. Deirtear nach bhfuair teifigh ó thíortha eile na deiseanna nó na háiseanna céanna maidir le cónaí nó lóistín. Sílim go gcaithfear é seo a fheabhsú agus a chinntiú go bhfaigheann gach teifeach an meas céanna agus go bhfuil na deiseanna céanna acu. Tá go leor de na teifigh atá sa tír seo sásta a bheith páirteach sa tsochaí agus ba mhaith leo a bheith ag obair nó san oideachas agus ag feidhmiú ó lá go lá. Tá sé tábhachtach cabhair a thabhairt do na teifigh socrú isteach sa tír ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh lena saol chomh maith agus is féidir leo. Tá sé tábhachtach freisin go nglacann muintir na hÉireann leis na teifigh atá againne.

Céard faoi na daoine faoi mhíchumas? Chomh maith le fadhbanna meabhairshláinte, tá 22% de dhaoine in Éirinn ainmnithe mar dhaoine faoi mhíchumas. Tá roinnt de na míchumais seo dofheicthe agus tá cuid eile le feiceáil go soiléir. Más sochaí uilechuimsitheach atá againn, tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do gach duine. Más duine le tinneas ainsealach, galar doleigheasta, daille nó fiú míchumas foghlama atá i gceist, caithfimid spás a dhéanamh dóibh inár bpobal agus caithfimid glacadh leo agus cabhrú leo faoi mar atá siad. Caithfimid a chinntiú go mbeidh an caighdeán saoil atá acu chomh maith leis an gcaighdeán atá ag daoine gan mhíchumas. Tá sé an-tábhachtach acmhainní, oideachas agus modhanna oibre a chur ar fáil do dhaoine le míchumas ina bpobail féin. Is sochaí uilechuimsitheach é nuair is féidir le daoine le míchumas feidhmiú go sásúil gach lá. An bhfuilimid ann fós? Níl. Tá súil agam go bhfuilimid ag feabhsú gach lá agus go mbeimid ann go luath.

Is rud é atá i mbéal an phobail go léir ná an tithíocht. Chomh maith leis na fadhbanna sóisialta eile in Éirinn, tá fadhb mhór thithíochta tagtha chun cinn do shochaí na hÉireann. Tá go leor daoine ar ioncam íseal ag streachailt le rátaí cíosa. Níl roinnt acu ábalta íoc ar chor ar bith agus titeann siad i mbochtanas. Ansin, tarlaíonn slabhra d’eachtraí. Mar shampla, ní féidir leo íoc as oideachas. Tá tionscnaimh agus scoileanna ag iarraidh an cheist seo a leigheas le cúnamh oideachais agus scéimeanna scoile cosúil le leabhair ar cíos agus lóin scoile saor in aisce a chur ar fáil ach níl sé seo sásúil. Chun sochaí iomlán uilechuimsitheach a chruthú, caithfear a chinntiú go bhfuil rogha ag daoine chun aon rud gur mhiste leo a dhéanamh. Bíonn daoine ag streachailt trí gheimhrí fuara gan teas ná leictreachas agus iad cráite leis an mbochtanas. Tá sé práinneach an fhadhb seo a dheisiú más maith linn sochaí chothrom uilechuimsitheach a bheith againn.

Ag glacadh le gach rud a dúirt mé, sílim go bhfuil sainmhíniú ar shochaí uilechuimsitheach ann nuair atá deiseanna agus roghanna ar leith ag gach duine. Tá sé tábhachtach go mbeadh gach rud ar fáil do gach duine agus go mbeadh deis ag gach duine cumarsáid a dhéanamh agus go mbeadh meas ag gach duine ar a chéile. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht éisteacht liom inniu.

Mr. Séamus Ó Muirí

Gabhaim buíochas leis na heagraithe go léir as an deis seo a bhronnadh orm agus ar mo chomhdhaltaí teacht go dtí an Dáil ar son mo scoile, Meánscoil Gharman, chun labhairt leis an gcoiste faoi thopaicí ábhartha sa lá inniu. Is mór an onóir dom é labhairt leis faoi shainmhíniú ar an tsochaí uilechuimsitheach. Is í sochaí uilechuimsitheach sochaí ina bhfuil cuimsiú agus comhionannas ann do gach duine, gan beann ar a n-ainm, a n-aicme, a stádas, a n-oidhreacht ná a n-inscne. Is é bunphrionsabal na sochaí uilechuimsithí an creideamh go bhfuil fiúntas agus dínit ag gach aon duine agus go mbeadh na deiseanna céanna ag gach aon duine sa tslí ina gcuireann an Rialtas dlíthe agus rialacha i bhfeidhm.

Tá na mílte Úcránach tar éis teacht go hÉirinn chun foscadh a fháil ón Rúis. Léiríonn sé sin an tsochaí uilechuimsitheach atá Éire ag iarraidh a choinneáil agus a fheabhsú. Tá muintir na hÉireann tar éis comhbhrón agus tacaíocht a léiriú do na himircigh ón Úcráin. Tá an-tionchar ag a gcuid rannaíochta ar an bpobal agus ar an náisiún ar fad. Tá sé thar a bheith tábhachtach meas agus comhbhrón a léiriú dár n-imircigh agus dá gcultúr, ag taispeáint ár ngrá do chách, pé áit as a dtagann siad. Sa lá atá inniu ann, tá an domhan mar chúl taca do mhuintir na hÚcráine atá ag fágáil a dtíre mar thoradh ar chinntí Putin agus an t-ionsaí ón Rúis. Tá Éire agus ár sochaí ag déanamh a ndíchill chun cur le tacaíocht agus croí láidir a thaispeáint dóibh. Le roinnt blianta anuas, tá na mílte teaghlach Úcránacha tar éis teacht go hÉirinn ag lorg tearmainn agus tacaíochta. Tríd An nGarda Síochána, tá forálacha speisialta curtha i bhfeidhm chun ligean dóibh teacht isteach slán agus sábháilte. Is minic a mbíonn bailiúcháin airgid ar bun chun cuidiú leo a bheith ar a mbonn arís. An sprioc atá ann ná go gcuirfimid fáilte ó chroí roimh na himircigh agus na daoine eile a dtagann go hÉirinn agus go n-éireoidh leo sna pobail nua ina bhfuil siad.

Mar aon leis sin, bíonn fadhbanna sóisialta agus polaitiúla eile ann in Éirinn. Mar shampla, tá an tacaíocht do dhaoine LADTI+ tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh le blianta beaga anuas. Tá pobal na hÉireann tar éis glacadh le dlíthe agus bearta chun daoine ar an imeall a chosaint. Tá tacaíocht agus meas orthu le feiceáil i saol an lae inniu. Bíonn comórtais agus imeachtaí eagraithe chun léargas agus feasacht a fheabhsú agus chun comhpháirtíocht a spreagadh. Is léir go bhfuil an-éileamh ar phlean Rialtais chun an tacú sin a sholáthar agus a chinntiú go bhfuil saol cothrom ag gach duine.

Níos mó ná sin, tá scéimeanna agus fógraí Rialtais ann chun tacú le daoine atá ar thairseach na bochtaineachta. Is cuid lárnach de chuspóirí chun éagsúlacht agus comhionannas a bheith ann sa tsochaí é sin. Trí mheán an leasa shóisialta, na liúntais agus na hacmhainní eile, tá sé mar aidhm ag an Rialtas a chinntiú nach mbíonn aon duine ag fulaingt le deacrachtaí de dheasca na gcostas maireachtála arda in Éirinn. Tá tograí ann chun tacú le daoine nach bhfuil fostaithe chun oiliúint agus imshaol a fháil chun poist nua a fháil agus tá scéimeanna tacaíochta do dhaoine le leanaí agus páistí óga ann freisin. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas an ráta fostaíochta a fheabhsú do gach duine in Éirinn agus daoine a chur ar a suaimhneas ina saol laethúil. Gabhaim buíochas leis an lucht éisteachta inniu. Tiocfaidh ár lá. Slán agus beannacht.

Casfaimid anois ar Lily-Mae Ní Bhraonáin ó Choláiste Pobail Osraí.

Ms Lily-Mae Ní Bhraonáin

Is mór an phribhléid í a bheith anseo inniu agus labhairt os comhair chomhchoiste na Gaeilge. Tá sé i gceist agam sainmhíniú a thabhairt ar an tsochaí uilechuimsitheach. Le tús a chur le mo chuid cainte, ligigí dom an sainmhíniú ar an tsochaí uilechuimsitheach de réir na Náisiún Aontaithe a chur in iúl don choiste. Dar leis na Náisiúin Aontaithe, is sochaí uilechuimsitheach í sochaí a sháraíonn difríochtaí cine, inscne, aicme agus áit chónaithe. Cinntíonn a leithéid de shochaí cuimsiú sóisialta agus comhdheiseanna do chách.

Creidim féin gur sochaí uilechuimsitheach í sochaí a fháiltíonn roimh éagsúlacht agus a chuireann comhdheiseanna ar fáil dá baill, beag beann ar a gcúlra nó a gcúinsí. Is sochaí í ina bhfuil meas ar dhaoine agus ina mothaíonn daoine go bhfuil luach orthu agus go bhfuil smacht acu ar a saolta féin. Ansin, is féidir leo páirt iomlán a ghlacadh sa saol sóisialta, eacnamaíoch agus polaitiúil.

Is cúis áthais dom a rá go bhfuil cearta againn ar fad. San áireamh leis seo tá cearta chun muid a chosaint agus muid ag obair nó ag lorg poist agus cearta maidir lenár ngairmeacha agus ár saol teaghlaigh, beag beann ar aois, inscne, míchumas, cúlra nó claonadh gnéis. Tá na cearta uile seo daingnithe i ndlíthe an Aontais Eorpaigh agus is féidir le haon bhallstát iad a chur i bhfeidhm. Tá suim mhór ag Uachtarán na tíre seo i gceartas sóisialta agus tacaíonn sé i gcónaí le cearta daonna agus cearta sóisialta. Creideann an Uachtarán Ó hUiginn go neartaítear an tsochaí nuair a thacaíonn sí le héagsúlacht, taithí agus dearcthaí agus go múnlaítear í acu. Tá ról ag an éagsúlacht, an cuimsiú agus an ceartas sóisialta i ndomhan níos cothroime a chruthú do chách.

D'fhoilsigh an Rialtas an treochlár um chuimsiú sóisialta don tréimhse ó 2020 go 2025. Tá sé mar aidhm ag an straitéis seo líon na ndaoine atá i mbochtaineacht in Éirinn a laghdú agus cuimsiú sóisialta a mhéadú dóibh siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Tá sé i gceist ag an gclár aghaidh a thabhairt ar réimsí ar nós an oideachais, na sláinte, leanaí agus cúraim, forbartha phobal agus tithíochta. Cuirim féin agus mo chomhscoláirí fáilte mhór roimh an gcineál infheistithe seo. Ag féachaint ar an mbochtaineacht san Eoraip, tá leibhéal an riosca bochtaineachta in Éirinn díreach faoi bhun an mheáin ag 20.7%. Is í Poblacht na Seice a bhfuil an ráta is ísle aici, 11.8%, agus is sa Rómáin atá an ráta is airde, 34.4%. Le plean chlár an Rialtais, Ó Bhochtaineacht go Cumas 2023-2025, leagtar síos aidhmeanna agus plean an Rialtais le dul i ngleic le bochtaineacht i measc pháistí an Stáit. Bheimis ar bhóthar na sochaí útóipí dá mbeimis in ann a leithéid a bhaint amach agus ligean dúinn aire a thabhairt dár saoránaigh ionas go bhféadfadh le páistí na tíre seo teacht faoi bhláth sa saol agus buaic a gcumais a shroicheadh.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil sochaí na hÉireann i ndiaidh athrú le blianta beaga anuas. Ní fada an lá é ó bhíodh ar bhean éirí as an bpost i ndiaidh di pósadh. Anois, tá daoine ó chúlraí éagsúla ag cur fúthu sa tír seo, rud a chuireann go mór le héagsúlacht chultúrtha agus saibhreas na tíre seo. Ó 2012, shínigh 64 eagraíocht suas le Diversity Charter Ireland, ag treisiú go rabhadar ag iarraidh an éagsúlacht, an comhionannas agus cuimsiú san ionad oibre a chur chun cinn. Is samplaí dóibh siúd a bhfuil toilteanach sa tsochaí uilechuimsitheach iad An Post, an ESB agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Ceapadh stiúrthóir frithchiníochas san Aontas Eorpach. Measaim go mbeadh a leithéid d'fholúntais fiúntach anseo in Éirinn ar leibhéal náisiúnta. Níl ár dtír ach beag ach tá ardmheas ag an tír seo ar chothrom na Féinne. Ghlacamar leis an bpósadh comhghnéis le blianta bveaga anuas. Ba í Éire an chéad tír ar domhan chun é sin a dhéanamh agus measaim gur féidir linn tuilleadh a dhéanamh. Nach cúis bhróid í seo gan dabht?

Ní mór dom labhairt faoi stádas na mban i sochaí uilechuimsitheach. Chuirfí béim ar chumasú na mban agus sochaí a imíonn as na constaicí a bhaineann le cúrsaí inscne. Ní hamháin go mbaineann cuimsiú na mban le comhdheiseanna oideachais agus comhdheiseanna saoil, ach baineann sé freisin le timpeallacht thacúil agus chuimsitheach a chruthú inar féidir le mná barr feabhais a bhaint amach. Baineann sé leis na dúshláin atá roimh mhná a aithint, aghaidh a thabhairt orthu agus straitéisí a chur i bhfeidhm chun iad a shárú. Le tagairt a dhéanamh d'Alt 40.1 de Bhunreacht na tíre seo, an bhfuil gach saoránach comhionann os comhair an dlí?

Sula gcuirim críoch le mo chuid cainte, déarfaidh mé gur thaispeáin an daonáireamh deireanach go raibh míchumas ar 13% de dhaonra na tíre. Tá fís ag an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta córas oideachais uilechuimsitheach den scoth a bheith ann in Éirinn. Scaoileadh polasaí i mí Eanáir agus moltar go ndéanfaí córas oideachais níos cuimsithí a chur ar fáil de réir a chéile in Éirinn. Dealraíonn sé sa reachtaíocht go bhféadfadh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu dul isteach ar gheata na scoile céanna lena siblíní nó lena gcairde agus go gcuirfí níos mó tacaíochtaí síceolaíochta agus teiripeacha i scoileanna chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu.

Ní neart go cur le chéile, a chairde Gael. Beidh sochaí shaibhir shíochánta agus uileghabhálach againn má oibríonn muid ar fad le chéile.

Mr. Liam Ó Muirí

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, a Sheanadóirí, a chomhchainteoirí agus a dhaoine uaisle, is mór an onóir dom labhairt libh go léir inniu. I saol na linne, is fíor a rá gur mhaith le hÉirinn agus lena muintir sochaí uilechuimsitheach a chothú. Dar liom, is é an sainmhíniú ar shochaí uilechuimsitheach ná sochaí ina mbíonn na deiseanna agus na pribhléidí céanna ag gach éinne agus sochaí inar cuma le héinne cén dath tú, cad as duit, cén cúlra eacnamaíochta nó sóisialta atá agat, cén cumas acadúil atá agat nó cén gnéas thú. Cé go mbraithim go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí le blianta beaga anuas in Éirinn, tá bóthar fada againn fós chun sochaí uilechuimsitheach a bhaint amach. Inniu, pléifidh mé mo bhuairt faoin easpa seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas, faoi sheirbhísí sláinte intinne, faoi shaol na mban in Éirinn agus faoi chiníochas agus seineafóibe inár sochaí.

Tá a fhios ag gach mac máthar in Éirinn nach bhfuil ár seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas sásúil ar chor ar bith. Tá sé le feiceáil ar fud na tíre. Ar dtús, féachfaimid ar ár ráta fostaíochta míchumais. Tá an ráta is measa san Eoraip againn. Níl ach 39% de dhaoine faoi mhíchumas fostaithe i gcomparáid leis an meán Eorpach de 51%. Anuas air sin, níl an aire ghairmiúil atá ar fáil do roinnt daoine sásúil in aon chor. Tá fadhbanna le feiceáil sna scoileanna freisin. Tá a lán daltaí le riachtanais bhreise ó cheann ceann na tíre ach níl go leor ranganna speisialta sna scoileanna áitiúla nó spásanna i scoileanna speisialta. Cén fáth? Níl go leor múinteoirí agus cúntóirí sainriachtanais ann agus níl dóthain pleanála déanta ag an Rialtas, is oth liom a rá. Is í an chúis leis seo ná an easpa infheistíochta ón Rialtas agus easpa oiliúna bhunriachtanach ón Roinn Oideachais. Níl go leor oiliúint ag cúntóirí sainriachtanais i dteanga chomharthaíochta nó láimh, i mBraille nó i láimhsiú sábháilte agus fulaingíonn na daltaí mar gheall air sin. Ní féidir a shéanadh go bhfuil sé seo uafásach. Is buncheart daonna é an t-oideachas ach ní chuirtear ar fáil é do na daltaí seo.

Caithfear a rá go bhfuil saol na mban in Éirinn níos fearr ná riamh. Inniu, tá níos mó deiseanna agus neamhspleáchas acu ná riamh. Tá rudaí ag dul i bhfeabhas go mall ach tá sé soiléir go bhfuil go leor le déanamh againn fós. Mar thoradh ar an éagóir a tharla d’Ashling Murphy, bíonn a thuilleadh eagla ar mhná. Dar le Newstalk, deir 87% de mhná nach mothóidís sábháilte a bheith ag súil ina n-aonar sa dorchadas. Faigheann siad tráchtanna míchuí ó fhir agus bíonn siad sceimhlithe go ndéanfaí ionsaí nó éigniú orthu nó go ndúnmharófaí iad. Anuas air sin, tá sé an-deacair gairm a thógáil nuair atá an tsíleáil ghloine ann fós. Tá costas ollmhór ar aire leanaí agus tá ganntanas seirbhísí ann chomh maith. Anuas air sin, táthar ag súil go bhfanfaidh siad sa bhaile chun aire a thabhairt don leanbh freisin. Is mná iad mionlach na dTeachtaí Dála fiú. Is mná iad 23% de Theachtaí Dála, mar is eol go rómhaith ag na baill. Bhí 2021 ann nuair a fuair an chéad TD, comhghleacaí na mball, an tAire, an Teachta McEntee, saoire mháithreachais. Dúirt sí go raibh sé dúshlánach an dá thrá a fhreastal mar go dtiteann freagrachtaí ar mhná ar bhealach difriúil ná ar fhir uaireanta. N’fheadar an bhfuil cur amach ag an gcoiste ar an seanfhocal “an tslat nuair a chruann le haois, is deacair í a shníomh ina gad” ach, dá gcuirfeá an cheist ar éinne, cad a ndéarfaidís? Tá brón orm ach bíonn an fhírinne searbh agus creidim go láidir nach bhfuil go leor déanta ag an Rialtas ar chor ar bith.

Caithfear a rá nach bhfuil seirbhís sláinte intinne sásúil againn in Éirinn. Níl sé ceart ná cóir do na daoine atá ag iarraidh úsáid a bhaint as na seirbhísí. Tá sé seo le feiceáil go háirithe do pháistí faoi mhíchumas i scoileanna. Mar a dúirt mé cheana, níl go leor oiliúint ag a gcúntóirí sainriachtanais. Anuas air sin, níl aon rochtain ag na daltaí ar theiripeoir saothair, theiripeoir cainte agus teangan nó síciatraí. Níl go leor spáis i scoileanna do sheomra céadfach agus níl an cóimheas múinteoir-dalta inghlactha ar chor ar bith. Chomh maith leis sin, tá deacrachtaí ollmhóra ag daoine atá ag iarraidh cabhair a fháil ó CAMHS. Tá géarchéim maidir lena liosta feithimh fada. Tá páistí ag fanacht agus tá a dtuismitheoirí i ndeireadh na feide. Chun tarcaisne a chur i gceann na héagóra, níl an bhunoiliúint ar fáil do na daoine atá ag obair le CAHMS. Uaireanta, braithim gur fusa a bheith ag fáil réiteach ar chos thinn ná ar fhadhb mheabhairshláinte, is oth liom a rá. Is ábhar machnaimh é sin.

Deirtear nach bhfuil aon rud cosúil leis an gcéad míle fáilte in Éirinn ach tá olc ollmhór gránna againn agus, ar an drochuair, tá sé ar an méadú. Táim ag caint faoin gciníochas agus faoin tseineafóibe. Le cúpla bliain anuas, is ag dul in olcas atá siad. Leis an méadú ar an inimirce agus leis an gcogadh san Úcráin, chonaiceamar an t-ardú i naimhdeas i gcoinne na n-inimirceach. Tá sé dodhéanta go dtaispeánann na hÉireannaigh fuath i dtreo imirceach; ní féidir é a bheith ina ghruth agus ina mheadhg agat. Cén fáth? Má fhéachaimid siar ar an stair go dtí an Gorta Mór, cad a rinneamar?

Thógamar an bád bán go Meiriceá nó an Astráil. Inniu, tá na daoine óga ag déanamh an rud céanna. Tríd ár stair, b'eisimircigh muid, agus inniu, is eisimircigh iad a lán de na hÉireannaigh. Níl sé ceart, cóir ná cothrom go bhfuil daoine ag léiriú naimhdis dóibh. Thar gach ní eile, a leithéid de sheafóid níor chuala mé riamh. Da raghfá go dtí an t-ospidéal agus dá n-osclófá do shúile, d’fheicfeá gur inimircigh iad mórán n-altraí agus na ndochtúirí inár dtír. Dá bhfágfadh gach inimirceach an tír ar maidin, thitfeadh an tóin as ár seirbhís sláinte. Cá mbeimis gan iad? Caithfear dul i ngleic le fadhb na seineafóibe atá ag fás sa tír seo. Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin.

Ar an iomláin, is léir go bhfuil go leor le déanamh againn mar thír chun sochaí uilechuimsitheach a thógáil. Tá fadhbanna fós ann maidir leis an easpa seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas, le saol na mban in Éirinn, le seirbhísí sláinte intinne, agus leis an gciníochas agus an tseineafóibe. Ní féidir a shéanadh go bhfuil dul chun cinn an-dearfach déanta againn ach is léir go bhfuil go leor fós le déanamh.

Gabhaim buíochas le ball an choiste as ucht éisteacht linn go léir inniu.

Go raibh maith agat, a Liam. An bhfuil ceisteanna le cur ar an dream deireanach sin? Ábhar cuíosach cuimsitheach a bhí i gceist.

Ar an gcéad dul síos, mo leithscéal go raibh orm seasamh amach. Mar a luaigh an Cathaoirleach, tá an plé eile ar siúl sa Dáil agus triallaimid an dá thrá a fhreastal. Mar sin, níor chuala mé ach cuid de na ráitis. Luaigh Lily-Mae ceann de na hábhair a chuireann fearg orm i gcónaí, sé sin, an marriage ban. Is deacair a thuiscint cén fáth nó conas a roghnaíodh é. Mar a luaigh Dáithí chomh maith, tá dul chun cinn déanta i saol na mban ach tá bearnaí fós le líonadh cosúil leis an slí a chuireann an Taliban cosc ar chailíní páirt a ghlacadh sa chóras oideachais san Afganastáin. Ní gá dúinn dul chomh fada leis an tír sin. Tá go leor faillí anseo in Éirinn mar a luadh maidir le hAshling Murphy agus an bhuairt uirthi sin.

Leag na cainteoirí amach cúpla ábhar mór faoi leith: daoine faoi mhíchumas, saol na mban, seirbhísí sláinte intinne, an tseineafóibe agus go leor eile. Cad é an ceann is mó nó na cinn is mó a bhraitheann siad sa saol laethúil agus an bhfuil aon céimeanna dearfacha faoi leith nó rudaí praiticiúla gur féidir tabhairt fúthu? Ar mhaith le héinne tabhairt faoin gceist sin?

Ms Lily-Mae Ní Bhraonáin

Measaim gur comhoibriú atá ag teastáil. Níor cheart go mbeadh na rudaí seo ag tarlú. Ba chóir go mbeadh gach duine páirteach sa sochaí. Is féidir linn céimeanna a thógáil le cinntiú go mbeidh gach duine páirteach. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil gach duine páirteach agus caithfidh gach duine rud éigin a dhéanamh faoi.

Mr. Séamus Ó Muirí

Aontaím le Lily-Mae. Tá rannpháirtíocht an-tábhachtach i sochaí uilechuimsitheach. Ba chóir go mbeadh an stádas céanna ag gach duine. Déanann an Rialtas jab maith de sin sa tslí a chuireann sé deontais ar fáil do na scoileanna agus don ollscoil le go mbíonn na deiseanna céanna ag chuile dhuine.

Ms Myriam Andre Ní Liodáin

Tá go leor daoine ag streachailt chun saol a bheith acu. Ní bhíonn airgead acu nó bíonn fadhbanna sláinte acu agus tá daoine a bhfuil ag déanamh go maith sa sochaí agus go bhfuil saol iontach acu. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh na daoine sin ag cabhrú agus ag déanamh gach rud gur féidir leo a dhéanamh chun cabhrú leis na daoine nach bhfuil ag forbairt ionas gur féidir saol cothrom a bheith ag gach duine agus chun go mbeadh gach duine ábalta an saol is fearr atá ann dóibh a bheith acu.

Mr. Liam Ó Muirí

Ceapaim gurb iad seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas an rud is tábhachtaí agus go háirithe an t-oideachas do dhaltaí faoi mhíchumas. Is buncheart daonna é an t-oideachas dar leis an UN agus níl sé á chur ar fáil do na dhaoine seo. Tá sé ríthábhachtach do na daoine seo. Níl oideachas maith á fháil acu mar atá níl ár Roinn Oideachais ag obair go maith.

Mo leithscéal nach raibh mé anseo ar ball. Ach an oiread leis an gCathaoirleach agus leis an Teachta Ó Muineacháin, bhí mé gafa sa Dáil. Fuair mise naoi nóiméad. Tá mé ag ceapadh go bhfuair na Teachtaí eile níos lú ama.

Fuair mise cúig nóiméad.

Fuair an Teachta Ó Muineacháin nóiméad amháin, ach cén dochar. Níl dochar ar bith ansin.

Tá go leor ceisteanna dúshlánacha curtha ag na finnéithe os ár gcomhair amach. Maithfidh siad dom é má chuirim cúpla ceist dúshlánach ar ais. Bhí áthas an tsaoil orm gur labhair siad maidir le daoine le míchumas. Ba cheart go mbeadh seirbhísí i bhfad níos fearr ann do dhaoine le míchumas. Tá uathachas an-fhairsing anois. Tá míchumais eile atá fisiciúil agus mar sin de, agus dár ndóigh, tá tinnis intinne. An cheist fíordhúshlánach atá agam ar na finnéithe ná dá mbeadh siad in ár n-áit, an mbeadh siad sásta a mholadh go gcuirfí tuilleadh cánacha ar dhaoine le n-íoc as seirbhísí níos fearr? Sin í a fhadhb anseo go minic. Teastaíonn an rud ach an bhfuil muid sásta an íobairt a dhéanamh leis na seirbhísí níos fearr a fháil?

Tá Séamus ar bís le freagairt.

Mr. Séamus Ó Muirí

D'fhéadfadh an Rialtas a bheith níos cúramaí leis an airgead. Tá sé sin soiléir i gcás ospidéal nua na bpáistí i lár na cathrach. Caitheadh €2 bhilliún ar pholl sa talamh. Níl fiú ballaí ann go fóill. Chomh maith le sin, níl aon áit páirceála i lár na cathrach. Beidh ar an Rialtas busanna a fháil do na hoibrithe atá ag teacht ó thaobh amuigh den chathair. Déarfainn go raibh slite níos fearr an t-airgead a chaitheamh. Is méid ollmhór airgid é €2 bhilliún agus d'fhéadfaí an t-airgead sin a chaitheamh ar sheirbhísí do dhaoine le míchumas. Ní dóigh liom go bhfuil níos mó cánach ag teastáil. Tá gá bheith níos cúramaí sa slí a chaithfear an t-airgead.

Ms Myriam Andre Ní Liodáin

Aontaím leis an méid a dúirt Séamus ach má fhéachaimid ar thíortha eile san Eoraip tá cáin níos airde acu agus tá seirbhísí iontacha acu freisin. Tá go leor rudaí déanaí acu nach bhfuil déanta againn gur féidir linn a dhéanamh freisin má tá níos mó airgid le lorg ó cháin. Ba chóir go mbeimid níos cúramaí leis an airgead atá á chaitheamh againn sa tír seo, áfach. B'fhéidir go bhfuil gá le beagáinín níos mó cánach ionas gur féidir linn seirbhísí poiblí a dhéanamh níos fearr ach is gá a bheith an-cúramach faoi chonas a úsáidtear an t-airgead breise a bheadh le bailiú.

Mr. Liam Ó Muirí

Aontaím le sin freisin. Tá an t-airgead ann chun cabhrú le daoine ach b’fhéidir go bhfuil sé ina shuí i bpoll sa talamh. Nach bhfuil cúpla milliún euro sa fund lá báistí? Tá an t-airgead ina shuí ansin agus níl sé ag déanamh aon rud. Dá n-úsáideadh an Rialtas an t-airgead sin, bheadh go leor rudaí dearfacha againn dá bharr.

Ms Lily-Mae Ní Bhraonáin

Aontaím go hiomlán. Tá an infheistíocht cheart ag teastáil mar tá easpa seirbhíse do dhaoine le míchumas. Tá an t-airgead againn agus níl a fhios agam an réiteach na faidhbe é an cháin a ardú? Mar a dúirt Liam, tá an t-airgead againn agus caithfimid é a chaitheamh i gceart.

Tá sé sin fíorspéisiúil mar fhreagra. Ar ndóigh, tá chuile scéal níos casta ná sin. Teastaíonn ospidéal do ghasúir agus beidh sé daor, is cuma cén áit a thógfar é. Ní féidir linn fanacht mar beidh sé níos daoire má fhanaimid rófhada. Abair go bhfuil €300 milliún san iomarca caite, tá €20 billiún á chaitheamh ar shláinte in aghaidh na bliana. In imeacht cúig bliana bheadh €100 billiún caite. Is méid an-bheag airgead é as an bpota. Fuair mé amach anseo go gcaithfí a bheith fíorchúramach le hairgead. Déantar dearmad de, agus déanfaimid, ach go minic is í an fhadhb atá ann in Éirinn ná nach bhfuilimid sásta tuilleadh a íoc ar sheirbhísí níos fearr. Tá fadhbanna eile ann, agus is ábhar ionaidh an rud é nár aithin aon duine é, gur fiú amháin le hairgead sa tír seo, tá fadhb nua ann nach raibh ann 30 bliain ó shin; is é sin nach féidir foireann a fháil. Níl na daoine sa tír agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag tabhairt isteach an oiread sin daoine le seirbhísí a chur ar fáil, go mór mór ó thaobh sláinte de. Bhíomar in ann ansin na daoine a fháil. Céard a cheapann ár n-aíonna faoi sin?

Ms Myriam Andre Ní Liodáin

Ceapaim go bhfuil sé an-tábhachtach tabhairt faoi na daoine atá imithe ar imirce. Caithfidh go mbeadh rud éigin anseo ionas go mbeadh siad ag iarraidh fanacht agus obair a dhéanamh anseo. Ceapaim gurb é sin an fáth go bhfuil daoine ag dul agus nach bhfuil foireann againn chun é seo a dhéanamh mar go bhfuil buntáistí agus deiseanna níos fearr i dtíortha eile ar nós na hAstráile i láthair na huaire. Tá i bhfad níos mó deiseanna oibre agus i bhfad níos mó airgid ansin dóibh agus ceapaim má chuirimid an méid airgid agus na deiseanna ar fáil anseo, b'fhéidir go bhfanfadh siad níos faide. I láthair na huaire, nuair a fhéachtar ar na dochtúirí, faigheann siad a gcuid oideachais anseo agus íoctar iad i bhfad níos fearr i dtíortha eile. Ansin, ní bhíonn dochtúirí againn mar tá siad go léir imithe. Dá mbeadh siad anseo agus dá mbeadh níos mó pá acu, b'fhéidir go mbeadh siad ag iarraidh fanacht anseo agus bheadh foireann níos mó againn ansin.

An-mhaith. Is an-fhreagra é sin.

Mr. Séamus Ó Muirí

Tuigim go bhfuil ospidéal páistí ag teastáil uainn sa tír ach is í mo cheist ná seo: cá raibh an phleanáil? Is é mo thuairim gur scannalach an áit a cuireadh é. D'fhéadfaí go raibh i bhfad níos mó pleanála curtha leis agus tuigim gur píosa beag airgid ó phota ollmhór é ach ní chiallaíonn sé sin gur píosa beag airgid é ina iomlán. Is méid ollmhór airgid é €2 bhilliún. Chomh maith leis sin, ní hé sin an t-aon áit ina bhfuil airgead caite amú le déanaí agus a dúradh mórán faoi nuair a fhéachtar ar Ryan Tubridy.

D'fhiafróidh Ryan Tubridy dínn cad is mian linn.

Mr. Séamus Ó Muirí

Chomh maith leis sin, ceapaim go bhfuil an tslí ina gcaithfimid leis an gcóras oideachais an-tábhachtach chun an fórsa oibre a fheabhsú in Éirinn agus is dóigh liom gur fhág 20,000 duine don Astráil an bhliain seo caite. Do thír bheag mar seo, is méid ollmhór é sin.

Luaigh Róisín agus Saoirse ranganna scoile chun scileanna saoil a fhoghlaim. Ní dóigh liom go bhfuil sé ar eolas agam conas carr a thiomáint, cé go raibh mé ag smaoineamh air. Tá níos mó rudaí i gceist, ar nós conas do cháin a íoc nó conas scrúdú aptitude a dhéanamh. Ba cheart, ar a laghad, go mbeimid ag smaoineamh ar cén saghas post a thaitneodh linn. Baineann sé leis an tslí ina oibríonn an intinn, i ndáiríre.

Ms Lily-Mae Ní Bhraonáin

Tá an méid daoine atá ag fágáil na tíre de bharr an phá scannalach. Tá an-chuid daoine ag fágáil agus ba chóir go mbeadh an infheistiú curtha isteach chun é seo a fhorbairt. Tuigim go bhfuil na hospidéil ag teastáil ach, mar, a dúirt Séamus, bhí airgead curtha amú. Cén fáth nach féidir linn é sin a chur isteach chuig an easpa seirbhísí atá againn?

Ar mhaith le Séamus labhairt arís?

Mr. Séamus Ó Muirí

Aontaím leis an méid a dúradh cheana féin ach maidir leis na himircigh agus an tseirbhís sláinte, tá na daoine ag dul go dtí an Astráil mar tá an caighdeán maireachtála níos fearr ansin. Faigheann siad airgead níos fearr agus tá an caighdeán oibre níos fearr ann. Maidir leis na daoine atá ag teacht anseo, tá siad ag teacht mar tá caighdeán níos fearr acu anseo ach, inár gcás féin anseo do na haltraí Éireannacha, níl an caighdeán maireachtála sásúil ar chor ar bith. Má chuireann an Rialtas airgead níos fearr isteach sa Roinn Sláinte, b'fhéidir go mbeadh níos mó altraí agus dochtúirí againn anois.

Go raibh maith ag ár n-aíonna. An bhfuil aon duine ag iarraidh aon cheist a chur? Glaoim ar an Teachta Connolly.

Ní raibh mé anseo chun ár n-aíonna a chloisteáil mar go raibh mé sa Dáil ach tá na ráitis léite agam. Arís, tá neart oibre déanta acu, Gabhaim buíochas le Myriam, Séamus, Liam agus Lily-Mae. Nuair a léigh mé na ráitis arís, is iad na focail a léim amach dom ná "dínit", is é sin go mbeadh daoine in ann maireachtáil le dínit beag beann ar aon chumas, agus go mbeadh tithíocht agus teach ag gach duine. Aontaím leo agus is dóigh liom gur lón machnaimh eile an chaoi a bhfuilimid ag an bpointe seo, sa mhéid is go bhfuil 13,000 duine, ina measc máithreacha agus leanaí, gan dídean.

Is iad sin na ceisteanna agus táimid go léir ciontach, ní ár n-aíonna ach muidne mar dhaoine fásta. Táimid tagtha go dtí an pointe sin agus, ag an am céanna, táimid ag maíomh as gur tír thar a bheith saibhir muid. Níl a fhios agam ach tá rud amháin ag teacht salach ar an rud eile. Cén chaoi is féidir le tír shaibhir a bheith sásta le daoine a bheith ar thaobh an bhóthair? Níl mise sásta faoi.

Beidh Lá Idirnáisiúnta na mBan againn Dé hAoine agus tá Seachtain na Gaeilge ar siúl faoi láthair freisin. Léigh mé leabhar le déanaí leis an tOllamh Michael Cronin - is léachtóir é i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath - agus is fiú breathnú ar an leabhar. Tá sé ráite agus cur síos déanta aige - ní aistriúchán atá i gceist - i leabhar beag bídeach i nGaeilge agus i mBéarla ar an dlúthnasc idir cúrsaí eitneolaíochta, athrú aeráide agus an Ghaeilge. Spreag sé mise chun machnamh a dhéanamh ar cad a tharla go bhfuilimid deighilte ón nádúr agus ó na rudaí atá thar a bheith tábhachtach ar nós cúrsaí sláinte agus rudaí bunúsacha mar sin. Tá mise agus is dócha go bhfuil formhór na ndaoine sásta cáin a íoc ach seirbhísí a fháil ar ais.

Is díospóireacht é sin do lá éigin eile ach nuair a chuaigh mé go dtí an Dáil do ráitis faoin nGaeilge arís do Sheachtain na Gaeilge, bhí ráiteas faoi chaibidil againn agus dúirt mé go raibh mé ag tnúth leis an lá nach mbeidh gá le ráiteas faoin nGaeilge agus go mbeidh an Ghaeilge fite fuaite leis an ngnó atá á dhéanamh againn agus go mbeadh Dáil dhátheangach againn. Táim ag tnúth leis an lá sin agus lena lán rudaí eile.

Luaigh mé ár n-aíonna atá linn ag an gcoiste inniu, díreach mar a luaigh an Teachta Aindrias Moynihan, agus na ceithre scoileanna atá os ár gcomhair. I ndáiríre, thug ár n-aíonna spreagadh agus fuinneamh dúinn leanúint ar aghaidh mar is iad ár n-aíonna atá ag teacht aníos. Tá togha na Gaeilge agus neart ceisteanna acu. Chuir Dáithí ceist faoin méid a d'fhoghlaim muidne ónár gcuid oideachais.

Nuair a fuair mé mo mhuinín ar ais tar éis mo chuid scolaíochta, dúirt mé gur ar a laghad gur thaispeáin an córas oideachais dom conas ceisteanna a chur. Is é an rud is tábhachtaí ná ceisteanna a chur, go háirithe sa lá atá inniu ann nuair atá muid ag caint faoi consensus an t-am uilig. Tá gá le héagsúlacht agus thaispeáin ár n-aíonna dúinne an éagsúlacht sin inniu agus gabhaim míle buíochas leo.

Gabhaim buíochas leis an Teachta Connolly. Cuirfidh mé críoch leis an seisiún seo trí dheis a thabhairt do Shiobhán Ní Mhurchú ó Ghael Linn labhairt linn. Tá Gael Linn gafa le Gaelbhratach agus tá sí chun labhairt linn faoi sin. Ansin, gabhfaidh mé mo chomhghairdeas le gach duine a bhí páirteach anseo ach tabharfaidh mé an deis do Shiobhán Ní Mhurchú ar dtús.

Ms Siobhán Ní Mhurchú

Gabhaim míle buíochas leis an gCathaoirleach. Is mór an onóir dom a bheith anseo le comhaltaí agus aíonna ag cruinniú an Chomhchoiste Gaeilge, na Gaeilge na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia.

Míle buíochas as an gcuireadh. Oibrím le Gael Linn mar oifigeach iarbhunleibhéil leis an scéim Gaelbhratach. Bhain mé an-sult as a bheith ag éisteacht leis na daltaí maidir le neodracht na hÉireann agus sainmhíniú ar an tsochaí uilechuimsitheach. Bhí an-suim freisin agam as an méid a bhí le rá maidir leis an gcóras oideachais toisc go raibh mé ag obair mar mhúinteoir go dtí an samhradh seo caite. Is léir go raibh go leor taighde déanta agaibhse, a dhaoine óga. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil freisin leis na múinteoirí as cabhrú leis an ullmhúcháin don lá speisialta seo.

Is é an rud atá i gceist le Gaelbhratach, mar is eol do chuid agaibh, ná scéim spreagtha. Tá Gaelbhratach ar an bhfód le deich mbliana anuas anois. Faoin staid seo, tá os cionn 300 scoil páirteach sa scéim agus os cionn 100,000 dalta faoina tionchar. Ag an iarbhunleibhéal, bronntar Gaelbhratach ar scoileanna rathúla tar éis bliain scoile amháin a bheith caite acu ag glacadh na gcéimeanna riachtanacha. Is é ceann de chroíspriocanna na scéime ná na daltaí agus na múinteoirí a chumasú chun gníomhú go héifeachtach agus go neamhspleách leis an teanga a úsáid agus a chur chun cinn sa scoil agus lasmuigh den seomra ranga. Ag an mbunleibhéal, tá Gaelbhratach ar fáil do scoileanna T2 amháin le tamall anuas agus ag an iarbhunleibhéal, tá fáilte roimh aon chineál scoile fud fad an oileáin. Cuireann Gaelbhratach tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí an Ghaeilge labhartha a neartú ina scoil féin agus sa scoilphobal. Tá deiseanna ann tríd an scéim a bheith ag comhoibriú le scoileanna eile agus leis an mórphobal chomh maith.

Le cead, tacaíocht agus faoi stiúir na múinteoirí, is iad na daltaí féin atá freagrach as formhór na hoibre agus iad páirteach sa scéim seo. Cuirtear smaointe, acmhainní agus tacaíocht phraiticiúil ar fáil chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn taobh amuigh den seomra ranga. Tríd na róil atá ag na daltaí ar an gcoiste, tá daltaí fud fad na tíre ag foghlaim scileanna ceannaireachta, dea-eagrúchán, cumarsáid agus dearadh. Tugann an scéim taithí phraiticiúil do na daltaí ar an saol a bheadh acu dá mbeadh siad ag roghnú saol trí Ghaeilge, bíodh sé sin ag obair nó díreach ag maireachtáil tríd an Ghaeilge. Is féidir go leor a bhaint amach leis an meon ceart.

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge le Energia. Is í an ceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus i dtíortha go leor eile gach bliain. Is é "Féidearthachtaí" an mórthéama atá roghnaithe don bhféile i mbliana. Mar sin, d'éinne atá idir dhá chomhairle faoi cad atá romhaibh i ndiaidh na scoile, nó aon scoil nach bhfuil páirteach i nGaelbhratach go fóill, déan cinnte nascadh linn. Má labhraítear an Ghaeilge, tiocfaidh feabhas uirthi agus leanfaidh féidearthachtaí agus deiseanna iontacha an duine sin. Gabhaim míle buíochas le cách.

Go raibh maith agat. Cuirfidh mé críoch leis an gcruinniú anois. Is é an chéad rud a dhéanfaidh mé ná comhghairdeas a ghabháil lenár n-aíonna ar fad. Bhí an díospóireacht go hiontach. Ní hamháin gur tháinig na daltaí isteach agus gur léigh siad óráidí, ach bhí siad gafa sa phlé siar agus ar ais le Teachtaí Dála. Go minic bíonn daoine i bhfad Éireann níos sine ná ár n-aíonna agus iad ag teacht os ár gcomhair agus ní bhíonn siad in ann freagra díreach a thabhairt dúinn. Rinne ár n-aíonna é sin agus ní raibh siad cúthaileach in aon chor agus iad ag tabhairt freagraí crua nó ag glacadh páirt sa díospóireacht.

Is é ceann de na príomhrudaí atáim féin á rá le fada - is dóigh liom gur luaigh an Teachta Connolly é seo freisin - ná go mbíonn ráitis faoin nGaeilge sa Dáil gach uile bhliain agus cuireann sé as dom. Ba mhaith liom go mbeadh gach uile rud sa Dáil as Gaeilge agus go léireoimis don domhan gur féidir linn plé a dhéanamh ar gach uile ábhar trí Ghaeilge. Rinne ár n-aíonna é sin inniu, is é sin, nach raibh siad ag caint go díreach faoin nGaeilge. As sin tagann an léiriú seo, tá sé sin ag ár n-aíonna agus tá súil agam go mbeidh an Ghaeilge lárnach ina saol lasmuigh den chóras oideachais amach anseo. Tá súil agam freisin go n-éireoidh go mór leo mar i mo thuairim féin, ó bheith ag éisteacht leo inniu, tá an todhchaí slán má tá na daltaí seo le bheith ann inár ndiaidh. Táim féin breá sásta imeacht ar pinsean am éigin agus is féidir leo na cinntí deacra a dhéanamh.

Feicfimid gur ardaíodh an rud ceart leis an Teachta Ó Cuív, sé sin: ar chaitheamar an €2 billiún i gceart nó nár chaith? Níl mise ag glacadh an cinneadh sin. Tá ceisteanna móra ann, tá ár n-aíonna mar chuid den tsochaí agus tá siad tábhachtach. Uaireanta, déanann daoine óga dearmad go bhfuil ról acu. Is féidir leo ceisteanna a chur agus tá guth acu. Iarraim orthu é sin a úsáid, na ceisteanna crua a chur agus labhairt amach nuair a fheictear botúin nuair atá an treo mícheart á ghlacadh againn. Ná bí cúthaileach riamh faoi sin mar is é sin an daonlathas. Tá an deis againn nach bhfuil ag tíortha eile. Gabhaim comhghairdeas leo agus, go háirithe, ba chóir dóibh a bheith bródúil as an gcur i láthair a rinne siad inniu. Ba chóir dá gclann agus dá scoileanna a bheith bródúil astu freisin. Is iad na daltaí seo a thóg an lá leo. Measaim go bhfuil bualadh bos ag dul dóibh siúd a bhí ag labhairt linn.

Tá jab amháin eile le déanamh agam anois, is é sin clabhsúr a chur leis an gcruinniú seo agus é a chur ar athló go dtí an chéad chruinniú eile ar maidin Dé hAoine. Tá an coiste ag taisteal go Gaillimh-----

An áit is deise sa tír.

-----an áit is deise sa tír, ina mbeidh cruinniú oifigiúil againn. Ní bhogann na cruinnithe féin lasmuigh den chathair go minic agus tá sé tábhachtach, dá réir, go léirímid nach bhfuilimid dúnta don chuid eile den domhan. Beidh cruinniú comhdhála againn an tráthnóna sin atá oscailte a d'fhéadfadh daoine freastal air chomh maith. Tá an cruinniú seo anois ar athló go dtí 10 a.m. Dé hAoine, an 8 Márta 2024. Gabhaim míle buíochas le gach duine.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4.18 p.m. go dtí 10 a.m., Dé hAoine, an 8 Márta 2024.
Barr
Roinn