Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 27 Jun 1973

Vol. 266 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Dhún Chaoin.

1. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aon bhunuimhir tinnrimh a chur i bhfeidhm sa scoil náisiúnta i nDún Chaoin, Contae Chiarrai.

Faoi réir an ghnáth-chleachtais i leith scoileanna náisiúnta cimeádfar cúrsai thinreamh daltaí Scoil Ghobnatan, Dún Chaoin, faoi bhreithniú ag mo Roinn.

Tamaillín ó shin dúirt an tAire linn go raibh 12 ar rollaí scoil Dhún Chaoin. Ba mhaith liom a fhiafraí dhe cé mhéid díobhtha sin gur de mhuintir Dhún Chaoin iad.

Mr. R. Burke

Níl an t-eolas sin agam sa bhfreagra seo faoi láthair. Má chuireann an Teachta ceist dhíreach chugam beid'h ar mo chumas í d'fhreagairt.

Ní ghlacaim leis sin mar ní dóigh liom go dtiocfaidh leis an Aire breith a thúirt ar cheist den saghas seo gan a fhios a bheith aige cé mhéid páisti de mhuintir Dhún Chaoin a bhí ag freastal ar an scoil.

Mr. R. Burke

Bhí an t-eolas sin agam an lá cheana nuair a chuireadh ceist orm agus is trua nár cuireadh an cheist an lá sin.

Thioefadh liom-sa an t-eolas sin a thúirt don Aire, sin, go bhfuil ochtar de mhuintir Dhún Chaoin ann. Anois ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire faoi seo. Tá triúr de na páistí sin i Rang a Sé agus nuair a bhéas laetheanta saoire an tsamhraidh thart beidh cúigear de mhuintir Dhún Chaoin fágtha ar an scoil. An raibh a fhios ag an Aire nach mbeddh ach cúigear ar na rollaí sa scoil sin nuair a shochraigh sé an scoil a ath-oscailt?

Mr. R. Burke

Tá dul amú ar an Teachta má mheasann sé nach mbeidh ach cúigear ag freastal ar an scoil an bhiiain seo chugainn. Tá suas le 21 ann faoi láthair.

Caithfirnid dul ar aghaidh. Tá a lán ceisteanna ar an gclar inniu.

Le do thoil, a Cheann Comhairle——

Bhuel, is í an cheist dheireanach an cheist seo.

Tá a fhios agam go bhfuil scafta ag freastal ar an scoil ar scoláireachtaí faoi láthair ach nuair a fhosclaítear scoil in áit ar bith is do pháistí na h-áite a fhosclaítear í. Isí an cheist atá mé ag cur ar an Aire ná an mbeidh níos mó ná cúigear de mhuintir Dhún Chaoin ag freastal ar an scoil sin i ndiaidh laetheanta saoire an tsamhraidh.

An freagra deireanach.

Mr. R. Burke

Má chuireann an Teachta an oheist chugam i dtosach mhí Dheireadh Fómhair tabharfaidh mé an t-eolas dó.

Barr
Roinn