Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 16 May 1990

Vol. 398 No. 8

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Bóithre i gConamara.

Michael D. Higgins

Ceist:

1 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an bhfuil a fhios aige faoin drochstaid atá ar bhóithre na Gaeltachta i gConamara agus an bhfuil sé i gceist aige aon airgead breise a chur ar fáil i mbliana, leis an bhfadhb a réiteach.

Faoi mar is eol don Teachta, is í Comhairle Chontae na Gaillimhe atá freagrach as na bóithre chontae i nGaeltacht Chonamara. Soláthar airgid de £200,000 atá ar fáil i Vóta Roinn na Gaeltachta i mbliana chun freastal go príomha ar bhóithre áise agus portaigh sa Ghaeltacht.

Tá a fhios agam go bhfuil cúram bhóithre na Gaillimhe ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ach an cheist a chuir mé ná, toisc go bhfuil drochstaid ar na bóithre sa Ghaeltacht, agus go bhfuil a fhios ag an Taoiseach, agus go háirithe ag an Aire Stáit agus an Roinn Comhshaoil go bhfuil an scéal amhlaidh, an bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit aon airgead breise a chur ar fáil i mbliana? Nó an bhfuil aon scéim, mar shampla, curtha ar aghaidh aige chuig an Eoraip faoi na Cistí Struchtúrtha chun cabhair a thabhairt do mhuintir Chonamara?

Go bunúsach, níl aon airgead breise ag mo Roinnse. Bhí dhá chéad míle ag mo Roinn anuraidh agus tá an tsuim chéanna againn i mbliana. Caitear an chuid is mó den airgead sin ar na bóithre áise agus na bóithre portaigh. Scríobh mé chuig an Aire Comhshaoil tamall ó shin, os rud é go bhfuil cúram bóithre na Gaeltachta orm — níl freagracht na mbóithre contae nó na mbóithre réigiúnacha orm, áfach — faoi cheist seo na mbóithre agus chuir sé in iúl dom go bhfuil £63 mhilliún le caitheamh i mbliana ar bhóithre réigiúnacha agus ar bhóithre chontae i gcomparáid le £47.4 mhilliún a bhí ar fáil anuraidh, agus £33.4 mhilliún i 1988. Is ardú suntasach é sin i gcomparáid leis an méid a bhí le fáil ón Chomhrialtas idir 1982 agus 1987.

Mar is eol don Teachta, tá sé tábhachtach go mbeadh airgead ar fáil le haghaidh na mbóithre portaigh agus na mbóithre áise. Níl airgead le fáil ó rannóg Stáit ar bith eile. Anuraidh caitheadh cuid den airgead seo ar bhóithre na Gaeltachta i gContae na Gaillimhe, ach bhí ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe 50 faoin gcéad den mheastachán a chur ar fáil. Sin an méid gur féidir linn a dhéanamh.

An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit gur thug an tAire Comhshaoil, an Teachta Flynn, geallúint le déanaí le linn caint ag Ashford Castle, go dtabharfadh sé cuairt ar Ghaeltacht Chonamara le drochstaid na mbóithre a fheiceáil, agus go mbeadh tuarascáil le fáil uaidh tar éis na cuairte. An bhfuil aon rud socraithe ón uair a thug sé an gheallúint seo?

Scríobh mé chuige faoi seo ach níl aon eolas breise agam.

Mar atá a fhios ag an Aire Stáit, tá an mhórchuid de na ceantair Ghaeltachta i gceantair imeallacha. Má tá forbairt thionsclaíoch le déanamh sna ceantair Ghaeltachta, agus na daoine a choinneáil ansin agus an teanga a choinneáil beo, tá géarghá le bóithre cearta isteach le forbairt na turasóireachta agus forbairt na tionsclaíochta. An bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil aon airgead breise den £69 milliún atá curtha ar fáil i mbliana ag dul go dtí na ceantair Ghaeltachta mar gur ceantair imeallacha iad?

Cuireann an Roinn an t-airgead seo ar fáil do na comhairlí contae éagsúla tríd an tír. Is ceist é ina dhiaidh sin do na comhairleoirí contae an t-airgead sin a dháileadh idir na ceantair éagsúla. Tá a fhios agam féin, maidir le mo chontae féin, gur mar sin atá sé. Mar a dúirt mé, tar éis mo chuairte féin ar na Gaeltachtaí, scríobh mé chuig an Aire Comhshaoil agus tá freagra ar ais agam uaidh.

Barr
Roinn