Trevor Sargent
Ceist:98 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén sórt critéar teanga don Ghaeltacht a bheidh i gceist aici san athbhreithniú ar limistéir na nGaeltachtaí atá ar siúl; agus an mbeidh aitheantas mar Ghaeltacht ag aon phobail atá sa Ghalltacht faoi láthair ach atá ag cur na Gaeilge chun cinn go héifeachtach. [6859/99]