Mar an tAire le freagracht as an nGaeltacht agus an nGaeilge, mar aon leis na Meáin, tuigim go maith an ról tábhachtach atá ag earnáil na meán i gcur chun cinn agus forbairt leanúnach na Gaeilge agus i seachadadh Straitéis 20 bliain don Teanga.
Fuair mé maoiniú breise €7.3m do TG4 le haghaidh 2023, a thabharfaidh a leithdháileadh iomlán suas go €52.233m. Seo an t-ardú bliantúil is mó riamh a cuireadh ar fáil do TG4, agus tógann sé san áireamh €4m breise sa mhaoiniú a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán. Ina theannta sin, cuirtear san áireamh sa leithdháileadh méadaithe Straitéis Iar-COVID-19 TG4 lena n-áirítear an sprioc chun cainéal Gaeilge tiomnaithe a bhunú do leanaí, a bhfuil €3.3m á sholáthar dó.
Maidir le S4C a úsáid mar chomparadóir maoinithe do TG4, tá ról reachtúil ag Údarás Craolacháin na hÉireann maidir le riachtanais mhaoinithe bhliantúla TG4 a mholadh, agus lean mé na moltaí sin. Go fadtéarmach, cuirfear na moltaí i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán san áireamh i maoiniú amach anseo do na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí in Éirinn, lena n-áirítear TG4. Chun aitheantas a thabhairt do thábhacht na Gaeilge agus do chastacht na mbealaí is fearr chun í a chur chun cinn, mhol an Coimisiún gur cheart athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar na Gaeilge a dhéanamh. Aontaím go láidir leis an moladh seo agus tá sé beartaithe go gcuirfidh an rialtóir nua, Coimisiún na Meán, tús leis an athbhreithniú in 2023.