Toisc a ilghnéithí agus a scaipthe atá réimse an déantúis ábhair fuaime trí chéile, ní féidir an caiteachas beacht a bhaineann leis an réimse sin agus a chuid foréimsí a áireamh. Mar sin féin, anuas ar sheirbhísí RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhfuil aithe go forleathan air agus Raidió na Life atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge, tacaíonn mo Roinn le déantús ábhair fuaime i nGaeilge agus chuige sin tá Raidió Rí-Rá á mhaoiniú ag an Roinn ó 2009 i leith.
Is Raidió Rí-Rá é an t-aon chairtstáisiún Gaeilge in Éirinn atá dírithe go sonrach ar dhaoine óga agus a chasann an ceol is déanaí ó na cairteacha le cláir curtha i láthair i nGaeilge, agus atá ar fáil 24 uair an chloig ar an idirlíon. Bhíodh an stáisiún ag craoladh ar bhonn 24 uair an chloig ar an gcóras DAB roimhe seo in áiteanna áirithe i mBaile Átha Cliath mar chuid den triail RTÉ/IBI Irish Radio Hybrid Trial. Tá sé le fáil ar bhonn 24 uair an chloig ar aip iOS agus aip Android Raidió Rí-Rá agus saor in aisce le híoschóipeáil. Chomh maith leis seo bíonn an stáisiún beo ó am go ham ar an gcóras FM.
Tá seónna beo agus ‘ar nós beo’ á gcraoladh acu anois ar an idirlíon gach lá ó 07.00 go dtí 22.00 le láithreoirí leanúnach.
Bíonn ród-seó Raidió Rí-Rá ag dul chuig scoileanna, coláistí samhraidh, clubanna óige agus coláistí tríú leibhéal na tíre ar bhonn rialta. Chomh maith leis seo baineann múinteoirí scoile an-leas as podchraoltaí an stáisiúin sa seomra ranga. Ó thús 2014 tá seó raidió ‘Rí-Rá ar RnaG’ ar siúl ar Raidió na Gaeltachta.
Tá an-bhéim á cur ag Raidió Rí-Rá ar phodchraoltaí agus is féidir podchraoltaí ó na cláir a chloisteáil anois ar Spotify agus Apple Podcasts, i measc ardáin eile.
Tá miondealú ar an maoiniú atá curtha ar fáil ag mo Roinn do Raidió Rí-Rá ó 2009 i leith le fáil anseo thíos:
|
Maoiniú Reatha -Ceadaithe
|
Maoiniú Reatha - Íoctha
|
Maoiniú Caipitil - Ceadaithe
|
Maoiniú Caipitil - Íoctha
|
2009
|
40,000
|
40,000
|
|
|
2010
|
40,000
|
40,000
|
|
|
2011
|
32,000
|
32,000
|
|
|
2012
|
58,725
|
58,725
|
|
|
2013
|
47,000
|
47,000
|
|
|
2014
|
45,000
|
45,000
|
|
|
2015
|
53,000
|
53,000
|
|
|
2016
|
75,000
|
75,000
|
|
|
2017
|
75,000
|
75,000
|
|
|
2018
|
75,000
|
75,000
|
|
|
2019
|
75,000
|
75,000
|
|
|
2020
|
75,000
|
75,000
|
47,772
|
47,772
|
2021
|
75,000
|
75,000
|
|
|
2022
|
119,000
|
119,000
|
|
|
2023
|
109,000
|
54,390*
|
|
|
Níos luaithe i mbliana d'fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) taighde a bhí páirtmhaoinithe ag mo Roinn a tharraing aird ar spéis éisteoirí óga rogha níos fearr a bheith acu in ábhar fuaime Gaeilge. Is é an BAI a rinne an taighde chun a fháil amach an spéis agus an poitéinseal atá ann do sheirbhís raidió lánaimseartha Ghaeilge atá dírithe ar an lucht éisteachta 15-34 bliana in Éirinn. I measc thorthaí an taighde, sonraíodh go mbíonn daoine óga fós ag plé le hábhar fuaime, agus tá tóir fós ar an raidió agus 87% de na freagróirí ag éisteacht leis an mean sin ar bhonn seachtainiúil.
Léiríonn sa taighde chomh maith go bhfuil suim ag 70% de na freagróirí arb é an Béarla a gcéad teanga i stáisiún nua Gaeilge. Mar sin féin, tá an lucht éisteachta seo ag bogadh níos mó agus níos mó go dtí ábhar digiteach agus meastar go mbeadh podchraoltaí agus gearrthóga inroinnte a chomhlánaíonn raidió beo tábhachtach d’aon seirbhís nua.
Is é Coimisiún na Meán, a bunaíodh go foirmiúil i mí an Mhárta, atá freagrach as seirbhísí craolacháin raidió neamhspleácha a cheadúnú in Éirinn agus beidh an taighde seo an-úsáideach don Choimisiún agus é ag smaoineamh ar mhianta agus riachtanais éisteoirí raidió na hÉireann.
Má tá aon cheist ar leith ag an Teachta maidir le seirbhísí RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life, moltar don Teachta teagmháil díreach a dhéanamh le RTÉ agus Foras na Gaeilge faoi seach.