Faoin gcomhaontú maoinithe atá i bhfeidhm faoi láthair, tugann mo Roinn maoiniú reatha €320,000 don Taibhdhearc gach bliain. Faoi láthair, tá comhaontú trípháirteach i bhfeidhm idir an Roinn, an Taibhdhearc agus Fíbín Media a bhfuil 'Fíbín sa Taibhdhearc' mar thoradh air. D'éirigh go han-mhaith leis an gcomhoibriú sin go dtí seo; tá deireadh le teacht leis an gcomhaontú reatha ag deireadh 2023.
Deontas Reatha idir an Roinn TCEGSM agus Fíbín sa Taibhdhearc, 2020-2023
Bliain
|
Maoiniú bliantúil
|
Suim
|
2023
|
Deontas reatha faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
|
€320,000
|
2022
|
Deontas reatha faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
|
€320,000
|
2021
|
Deontas reatha faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
|
€372,445 *
|
2020
|
Deontas reatha faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
|
€320,000
|
* Tugadh suim bhreise €52,445 don Taibhdhearc in 2021 mar gheall ar fhiacha a tabhaíodh le linn Covid-19.
I lár na bliana 2022, chuir Bord na Taibhdheirce cás maidir le maoiniú inbhuanaithe na Taibhdheirce faoi bhráid mo Roinne. Ó shin i leith, tá mo Roinn i mbun plé le Bord na Taibhdheirce chun teacht ar shocrú nua le go mbeidh siad in ann feidhmiú ar scála níos leithne don tréimhse maoinithe 2024-2026. Ag éirí as an bplé sin, tá Bord na Taibhdheirce ag ullmhú plean forbartha don tréimhse ó 2024 chun feidhm a thabhairt don ról a theastaíonn ón amharclann a chomhlíonadh mar amharclann náisiúnta agus mar mhol forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge.
Déanfar fógra maidir le toradh na hoibre seo in am tráth.