Tugann Foras na Gaeilge maoiniú do Raidió na Life faoin Scéim Raidió Pobail. Leis an maoiniú sin, tá ar chumas an stáisiún, atá ag craoladh ar FM i mórcheantar Bhaile Átha Cliath, seirbhís raidió uileghabhálach a sholáthar mar aon le hoiliúint trí Ghaeilge a chur ar dhaoine ar spéis leo gairm sa chraoltóireacht.
Chuir an Roinn maoiniú caipitil de €9,963 ar fáil do Raidió na Life faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge i 2020 chun feabhas a chur ar a gcórais teicneolaíochta.
Leis seo thíos tá briseadh síos ar an maoiniú a chuir Foras na Gaeilge ar fáil do Raidió na Life ó 2010 ar aghaidh.
2010
|
226,113
|
2011
|
228,434
|
2012
|
205,915
|
2013
|
213,602
|
2014
|
271,900
|
2015
|
250,000
|
2016
|
246,147
|
2017
|
373,215
|
2018
|
240,000
|
2019
|
240,000
|
2020
|
241,990
|
2021
|
240,000
|
2022
|
280,000
|