Is comhlacht forordaithe é GFT Éireann faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021 agus mar sin tá sé aireach ar a dhualgais faoin gcéanna - a thuarascáil bhliantúil a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla mar shampla. Níl forálacha sonracha san Acht féin, áfach, maidir le láithreáin ghréasáin comhlachtaí poiblí.
Maidir leis seo, díríonn GFT Éireann, mar ghníomhaireacht infheistíochta isteach an Stáit, ar chuideachtaí idirnáisiúnta féachaint ar Éirinn mar láthair oiriúnach le haghaidh infheistíochta agus leathnú a gcuid oibríochtaí isteach san Eoraip. Ní dhíríonn GFT Éireann ar chuideachtaí sa tír seo, agus is é seo sainchúram Fhiontraíocht Éireann. Mar gheall ar an spriocmhargadh, is i mBéarla, mar sin, atá suíomh idirlín IDA Ireland.
Tuigtear ó oifigigh sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán gur gné shuntasach d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 é caighdeáin teanga a thabhairt isteach do chomhlachtaí poiblí atá forordaithe faoin Acht, agus é ar intinn leis sin go bhfuil na hoibleagáidí a chuirtear ar chomhlachtaí poiblí le grádú chun a léiriú go bhféadfadh na nithe seo a leanas a bheith ag roinnt comhlachtaí poiblí:
• idirghníomhú níos fearr le pobail Ghaeilge agus Ghaeltachta;
• atá lonnaithe laistigh de nó in aice le ceantar Gaeltachta; agus/nó
• níos mó acmhainní a bheith ar fáil dóibh.
Mar is eol don Teachta, tháinig Alt 9 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a thugann stádas reachtúil do na caighdeáin, i bhfeidhm ar 15 Márta 2023. Tá próisis sainchomhairliúcháin leagtha síos faoi Alt 19A.(6) den Acht arna leasú maidir le caighdeáin teanga a fhorordú agus glacfaidh GFT Éireann páirt ghníomhach in aon chomhairliúcháin dá leithéid má agus nuair a thagann an t-am.