Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fáilte an Chinn Comhairle

Mar Cheann Comhairle, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat as cuairt a thabhairt ar leathanach gréasáin an Fhóraim Pharlaimintigh Meabhairshláinte, atá ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Tabharfaidh an fóram seo deis do Chomhaltaí Dála agus Seanaid éisteacht le taithí na ndaoine a oibríonn i seachadadh seirbhísí ríthábhachtacha in go leor réimsí den tacaíocht mheabhairshláinte in Éirinn agus na daoine sin a úsáideann na seirbhísí freisin.

Beidh an craoltóir agus an t-iriseoir Alison O’Connor ina héascaitheoir ar an bhFóram agus tar éis spreagaitheasc ón iar-imreoir rugbaí gairmiúil Alan Quinlan, beidh dhá phainéal saineolaithe againn ag roinnt a dtuairimí faoi cheannteidil ar leith

Painéal 1: ‘Fís don Athrú’ céard ba cheart a dhéanamh anois i dtéarmaí beartais sa réimse? Cén chaoi ar féidir linn an fhís a athnuachan?

Painéal 2: Cén chaoi ar féidir linn meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn sa tsochaí agus san ionad oibre, céard a oibríonn?

Mar chuid den Fhóram, beidh deis againn éisteacht le roinnt de na pearsantachtaí is mó i soláthar seirbhíse agus dea-chleachtais agus spreagfaimid go gníomhach thú le bheith páirteach sa díospóireacht, smaointe a roinnt le do chomhghleacaithe agus cuidiú linn moltaí dearfacha agus fiúntacha a chur chun cinn maidir leis an gcaoi ar féidir linn cruth a chur ar bheartas agus meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn. Féadfaidh tú muid a aimsiú sna meáin shóisialta leis an haischlib #ParlForum nó ríomhphost chugainn a sheoladh chugainn ag ParliamentaryForum@oireachtas.ie.

Réimse leathan agus casta is ea meabhairshláinte agus folláine ina bhfuil feabhas mór déanta le roinnt blianta anuas ach, tá go leor oibre le déanamh fós i dtéarmaí beartais, seachadadh seirbhíse agus an stiogma sóisialta a bhaineann leo siúd óna dteastaíonn na seirbhísí tábhachtacha seo.

Agus obair ag leanúint ar aghaidh ar an doiciméad beartais a thiocfaidh tar éis ‘Fís don Athrú’, oibreoidh Comhchoiste Oireachtais ar Thodhchaí Cúram Meabhairshláinte i dtreo comhaontú traspháirtí a bhaint amach ar fhís fhadtéarmach aonair le haghaidh cúram meabhairshláinte agus le haghaidh threo an bheartais meabhairshláinte in Éirinn a chur i bhfeidhm. Deis atá san Fhóram dúinne mar Pharlaiminteoirí éisteacht le do thaithí, díospóireacht a oscailt agus pleanáil don todhchaí.

Tá sprioc ag an gCoiste “moltaí a dhéanamh maidir le seirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte na hÉireann a ailíniú chun infhaighteacht agus inrochtaineacht a mhéadú, pearsanra a earcú agus a choinneáil agus chun ‘Fís don Athrú’ a fhorfheidhmiú d’fhonn seirbhís meabhairshláinte níos cuimsithe a chur ar fáil den chaighdeán is airde” agus is é seo an áit a bhfuil luach againn ar do rannpháirtíocht.

Táimid ag tabhairt cuireadh d’ionadaithe ó go leor gníomhaireachtaí éagsúla a sheachadann seirbhísí meabhairshláinte go náisiúnta agus go réigiúnach as gach réimse agus táim ag súil le cloisteáil uaibh freisin maidir le réimse an-tábhachtach dúinn ar fad.

Le dea-mhéin,

Seán Ó Fearghaíl TD

Barr
Roinn