Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhaltaí an Fhóraim Meabhairshláinte

Spreagchainteoir: Alan Quinlan

Iar-imreoir rugbaí idirnáisiúnta tiomnaithe agus tiomanta é Alan, a d’imir rugbaí gairmiúil agus a bhí ar an imreoir ba mhó a raibh caipíní aige le 212 ina iomlán sular éirigh sé as le déanaí i mí na Bealtaine 2011. Ia as baile Thiobraid Árann é ó thús, agus thosaigh sé a shaol rugbaí le Clanwilliam FC. Tar éis dó imirt go hiontach ansin fuair sé deis imirt leis an tSionainn, agus rinne sé ionadaíocht ansin do chúige Mumhan. Bhí sé d’onóir ag Alan freisin ionadaíocht a dhéanamh dá thír, Éire, ag leibhéal Idirnáisiúnta.

Labhraíonn Alan go hoscailte faoina thaithí le himní agus is ambasadóir rialta é ar son Young Mental Health Ireland, ag ardú feasachta trína thaithí féin a roinnt.

Bean an Tí: Alison O'Connor

Iriseoir agus craoltóir is ea Alison O’Connor. Ina cuid oibre mar cholúnaí polaitiúil, déanann sí tráchtaireacht rialta ar chúrsaí reatha ar an raidió agus ar an teilifís. Tá colún seachtainiúil aici san Irish Examiner.

D’éist an fóram le dhá phainéal saineolaithe ar an soláthar seirbhís meabhairshláinte.

Painéal 1

‘Fís don Athrú’: An chaoi ar athraigh soláthar seirbhíse tar éis Fís, céard ba cheart tarlú anois? Cé chomh minic agus is féidir linn an Fhís a athnuachan?

An Dr Tony Bates, Jigsaw – Seirbhís Meabhairshláinte Óige
An Dr Shari McDaid, Stiúrthóir ar Athchóiriú Meabhairshláinte
Anne O’Connor Uasal, Stiúrthóir Náisiúnta FSS, Meabhairshláinte
An Dr Philip Dodd, Comhairleoir Náisiúnta Cliniciúil FSS agus Ceannaire an Ghrúpa Chliniciúil (Meabhairshláinte)

Painéal 2

Cén chaoi ar féidir linn meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn sa tsochaí agus san ionad oibre, céard a oibríonn?

Ciaran McLoone Uasal: Bunaitheoir Connect Mental Health
Donal Scanlan Uasal: Bainisteoir Tionscadail le Mental Health First Aid Ireland
Cindy O’Connor Uasal: Príomhoifigeach Cliniciúil le Pieta House
Richard Butler Uasal: Bord Gáis Energy
Barr
Roinn