Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Éisteachtaí faoi scrúdú béil Gaeilge an Teastais Shóisearaigh ag dul ar aghaidh i gCoiste na Gaeilge

26 Meith 2017, 14:15

Leanfaidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán dá éisteachtaí ar scrúdú béil Gaeilge an Teastais Shóisearaigh ag cruinniú amárach, Dé Máirt, an 27 Meitheamh 2017.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Chomhaontaigh an Coiste go dtabharfaí cuireadh do Risteárd de Briotún TD, Aire Oideachais agus Scileanna, agus d’Ard-Rúnaí na Roinne chun labhairt leis an gCoiste faoin ábhar ‘An Scrúdú Béil mar chuid lárnach den Teastas Sóisearach’ ag a chruinniú amárach, an 27 Meitheamh 2017.  

“Cé go mbeidh oifigigh ón Roinn ag freastal ar an gcruinniú chun an t-ábhar seo a phlé, ní bheidh an tAire féin i láthair.  Tá an-díomá ar an gCoiste nach mbeidh an tAire i láthair ag an gcruinniú.

“Ag an gcruinniú amárach, beimid ag iarraidh ar an Aire Oideachais agus Scileanna na hathruithe atá socraithe maidir leis na scrúduithe béil sa Teastas Sóisearach a chur siar go dtí go mbeidh deis ag an gCoiste an cheist seo a athbhreithniú agus a thuairim a thabhairt maidir leis na socruithe.”

Tosóidh an cruinniú ar 5 p.m. amárach, Dé Máirt, an 27 Meitheamh 2017 i Seomra Coiste 4.

Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Barr
Roinn