10 Iúil 2017, 14:58
Tiocfaidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le chéile amárach, Dé Máirt, an 11 Iúil, ar 5pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.
Is é seo a leanas clár oibre an chruinnithe:
Seisiún A: Ceanncheathrú nua d’Fhoras na Gaeilge agus an costas lena mbaineann [Foras na Gaeilge agus Oifig na nOibreacha Poiblí]
Seisiún B: Na dúshláin a bhaineann le Craoltóireacht trí mheán na Gaeilge in Éirinn agus na dualgais atá ar Raidió Teilifís Éireann faoin reachtaíocht [Raidió Teilifís Éireann]
Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo: http://bit.ly/2pj804N
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
CRÍOCH/
Fiosrúcháin ó na meáin
Nuala Walsh,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
+353 1 618 3437
+353 86 4100 898
nuala.walsh@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews