Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste an Oireachtais um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint le cloisteáil ó PDFORRA

24 Beal 2021, 15:51

Pléifidh an Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint ceisteanna a bhaineann leis na fórsaí cosanta le hionadaithe ó PDFORRA ag cruinniú i dTeach Laighean amárach, Dé Máirt, an 25 Bealtaine ag 12.30pm.

Tiocfaidh Uachtarán PDFORRA, Mark Keane, Ardrúnaí, Gerard Guinan, Leas-Ardrúnaí, Martin Bright, agus Oifigeach Náisiúnta Tacaíochta, Damien Quigley, os comhair an Choiste go fíorúil i Seomra Coiste 2.
Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú, bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach an Choiste, Charlie Flanagan TD: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an teagmháil seo le PDFORRA, eagraíocht a dhéanann ionadaíocht thar ceann níos mó ná 6,000 ball atá liostáilte san Arm, sa tSeirbhís Chabhlaigh agus san Aerchór. Is deis mhaith í seo le plé a dhéanamh ar na Fórsaí Cosanta agus ar na saincheisteanna a bhfuil baill PDFORRA ag dul i ngleic leo faoi láthair, lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le pá agus earcaíocht agus coinneáil foirne.”
Amharc ar an gcruinniúbeo. 
Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Barr
Roinn