Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha chun cruinniú a bheith aige le Cosantóirí Tosaigh

27 MFómh 2021, 14:27

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint le Cosantóirí Tosaigh chun obair na heagraíochta a phlé, agus fócas ar leith aige ar a gcuid oibre san Afganastán i dTeach Laighean, Seomra Coiste 2 ar 12.30 p.m.

Rachaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin Cosantóirí Tosaigh, Andrew Anderson; Comhordanóir Tionscadail Cuimhneacháin Cosantóirí Tosaigh, Michelle Foley agus Cosantóir Ceart Daonna san Afganastán, Hassan Ali Faiz i mbun crunniú i bpearsa leis an gCoiste.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Cathal Ó Flanagáin TD: “Bunaíodh Cosantóirí Tosaigh i mBaile Átha Cliath fiche bliain ó shin. Bunaíodh é go sonrach chun cosantóirí ceart daonna i mbaol (CCDanna) a chosaint: arb éard iad na daoine sin atá ag obair go neamhfhoréigeanach, nó ar son aon cheann nó gach ceann de na cearta atá sa Dearbhú Uilechoiteann um Chearta Daonna.

“Is iomaí dámhachtain atá gnóthaithe aige lena n-áirítear Duais NA gradamach i réimse na gCeart Daonna. Cuireann an Coiste seo fáilte roimh an deis obair Cosantóirí Tosaigh a phlé, ar bhonn idirnáisiúnta agus go háirithe faoin obair reatha aige san Afganastán agus tionchar an choir láithrigh ann ar acmhainneacht cosantóirí ceart daonna agus CDDanna, ar mná iad, a gcuid oibre a dhéanamh."

Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Barr
Roinn