17 DFómh 2023, 14:06
Tiocfaidh an Comhchoiste um Shláinte le chéile Dé Céadaoin an 18 Deireadh Fómhair le haghaidh breithniú a dhéanamh tuilleadh ar an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar oibriú an Achta Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018 ar 9:30am i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Seán Mac Conradha TD: “Tiocfaimid le chéile amárach le haghaidh breithniú a dhéanamh tuilleadh ar an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar oibriú an Achta Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018. Ba dheis í an cruinniú deireanach a bhí againn chun an Tuarascáil a mheas, go háirithe maidir le conas atá an córas reatha ag oibriú agus conas is féidir é a fheabhsú.
Tá fúinn a fheiceáil go bhfuil an reachtaíocht ag oibriú mar a beartaíodh í, agus gur chóir go mbeadh mná a bhfuil gá acu le leas a bhaint as seirbhísí le haghaidh foirceannadh toirchis in ann rochtain a bheith acu ar na seirbhísí sin gan srianta ná bacannaí gan ghá.
Tá súil agam go mbeidh sé de chumas ag an gCoiste leis an gcruinniú seo deireadh a chur lena bhreithniú ar an Tuarascáil.
Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews