7 Beal 2024, 14:55
Tiocfaidh an Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid le chéile Dé Céadaoin an 8 Bealtaine chun na dúshláin atá roimh an tionscal busanna agus cóistí a phlé ar 1:30pm i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean.
Cloisfear le linn an chruinnithe ó ionadaithe uathu seo a leanas:
- Bus Átha Cliath
- Go-Ahead Ireland
- Bus Éireann
- Coach Tourism and Transport Council of Ireland (CTTC)
Dúirt Leas-Chathaoirleach an Choiste an Seanadóir Gearóid Ó Horcáin: “Le linn ár gcruinnithe amárach, cuirfear fáilte roimh ionadaithe agus leas-sealbhóirí ó thionscal busanna agus cóistí na hÉireann. Féachfaidh ár gcoiste le linn an chruinnithe seo leis an oiread sonraí is féidir a fháil maidir leis na dúshláin atá rompu faoi láthair.
“Go háirithe, beimid ag iarraidh uasdátú ar an méid a cuireadh i bhfeidhm go rathúil agus an méid is gá fós a dhéanamh chun tabhairt faoi na saincheisteanna earcaíochta agus coinneála ar thug an earnáil aghaidh orthu le déanaí.”
Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.
14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews