Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An tAontas Idirpharlaiminteach

Is é an tAontas Idirpharlaiminteach (IPU) eagraíocht idirnáisiúnta na bparlaimintí. Bunaíodh in 1889 é.

Is é an tAontas Idirpharlaiminteach an príomhardán faoi choinne idirphlé parlaiminteach domhanda. Oibríonn sé chun síocháin agus comhoibriú i measc daoine a bhaint amach agus chun daonlathas ionadaíoch a dhaingniú. Tacaíonn sé le hobair na Náisiún Aontaithe agus oibríonn sé i ndlúthchomhar leis. Tá na cuspóirí céanna acu araon. Lena chois sin, comhoibríonn an tAontas Idirpharlaiminteach le heagraíochtaí idirpharlaiminteacha réigiúnacha, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta idir-rialtasacha agus neamhrialtasacha a spreagann na hidéil chéanna.

Seisiúin de chuid an Aontais Idirpharlaimintigh

Tionólann an tAontas Idirpharlaiminteach dhá chomhthionól ginearálta gach bliain chun parlaiminteoirí ó fud fad na cruinne a thabhairt le chéile. Bíonn an tOireachtas rannpháirteach sna comhthionóil sin agus bíonn toscaireacht na hÉireann á stiúradh ag an gCeann Comhairle nó ag an gCathaoirleach de ghnáth.

Cad a dhéanann an tAontas Idirpharlaiminteach?

Déanann an tAontas Idirpharlaiminteach an méid seo a leanas:

  • cothaíonn sé teagmháil, comhordú, agus malartú taithí i measc pharlaimintí agus pharlaiminteoirí na dtíortha uile
  • measann sé saincheisteanna arb ábhar leasa agus imní ar bhonn idirnáisiúnta iad agus nochtann sé a thuairimí faoi shaincheisteanna den sórt sin d'fhonn parlaimintí agus parlaiminteoirí a spreagadh chun gnímh
  • cuireann sé le cosaint agus le cur chun cinn chearta an duine – gné ríthábhachtach d'fhorbairt agus de dhaonlathas parlaiminteach
  • cuireann sé le heolas níos fearr ar oibriú na n-institiúidí ionadaíocha agus le neartú agus forbairt a gcuid modhanna gníomhaíochta
146ú Tionól an Aontais Idirpharlaimintigh, Manama, Bairéin, 2023. Íomhá: An tAontas Idirpharlaiminteach

146ú Tionól an Aontais Idirpharlaimintigh, Manama, Bairéin, 2023. Íomhá: An tAontas Idirpharlaiminteach

Foghlaim tuilleadh

©IPU/Pierre Albouy, 2016

Foghlaim tuilleadh

Féach ar shuíomh gréasáin an Aontais Idirpharlaimintigh (IPU) chun tuilleadh eolais a fháil.

Sonraí teagmhála

Rúnaí do thoscaireacht an Oireachtais

Brian Prunty

+353 (01) 618 3285

interparliamentary@oir.ie

An tAonad Idirpharlaiminteach

Seirbhís Thithe an Oireachtais

Teach Laighean

Sráid Chill Dara

Baile Átha Cliath 2

D02 XR20

Barr
Roinn