Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhdháil Eorpach Uachtaráin na bParlaimintí, 2023 | 28-29 Meán Fómhair | Baile Átha Cliath, Éire

Gach dhá bhliain, tugann an chomhdháil seo Cainteoirí agus Uachtaráin na bparlaimintí ó 46 ballstát de chuid Chomhairle na hEorpa le chéile. Bíonn toscairí ó thíortha comharsanachta agus breathnóra rannpháirteach, mar aon le comhthionóil pharlaiminteacha eile.

Group photo of attendees to ECPP 2023 in Dublin

Thug Ceann Comhairle Dháil Éireann, Cathaoirleach an tSeanaid, Uachtarán Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa agus Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa aitheasc don seisiún iomlánach chun tús a chur le comhdháil 2023, a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath.

Bhí os cionn 60 Ceann Comhairle nó Leas-Cheann Comhairle agus thart ar 400 toscaire i láthair ag ECPP na bliana seo.

Réamh-chomhdháil | Plé ar fhuathchaint

Réamh-chomhdháil | Plé ar fhuathchaint

Sular cuireadh tús leis an seisiún iomlánach, rinne grúpa parlaiminteoirí agus acadóirí, in éineacht le baill den tsochaí shibhialta, díospóireacht faoi fhuathchaint agus faoi bhagairtí foréigin in éadan ionadaithe tofa.

Téama 1 | Iarmhairtí chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus ról na bparlaimintí náisiúnta in atógáil na hÚcráine

Téama 1 | Iarmhairtí chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus ról na bparlaimintí náisiúnta in atógáil na hÚcráine

Agus é i mbun díospóireachta maidir leis an gcéad téama, d’iarr Cathaoirleach Rada Verkhovna na hÚcráine, Ruslan Stefanchuk, go dtabharfaí tacaíocht dá thír, is é sin, tacaíocht airgeadais agus tacaíocht ó thaobh “eolas, taithí agus tiomantas do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta”.

Téama 2 | Na dúshláin atá roimh an daonlathas ionadaíoch tráth na míshocrachta

Téama 2 | Na dúshláin atá roimh an daonlathas ionadaíoch tráth na míshocrachta

Agus an dara téama á phlé aige, mhaígh Yaël Braun-Pivet, Uachtarán Thionól Náisiúnta na Fraince, gur “tábhachtach bunmhachnamh a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar thodhchaí ár ndaonlathais” i ré seo na héiginnteachta (mar shampla, an cogadh san Úcráin agus na géarchéimeanna aeráide, sláinte agus imirce). 

Téama 3 | Comhionannas agus éagsúlacht san ionadaíocht ar an bpobal

Téama 3 | Comhionannas agus éagsúlacht san ionadaíocht ar an bpobal

Maidir leis an tríú téama (an téama deiridh), dhearbhaigh cathaoirligh na comhdhála gur gá “an pholaitíocht, an polasaí agus an pobal a nascadh le chéile”. Dúradh go raibh na céimeanna seo a leanas fíorthábhachtach chun an cuspóir sin a bhaint amach: cothroime iomlán idir fir agus mná i bparlaimintí a éileamh; daoine óga a mhealladh isteach sa pholaitíocht; oideachas ionchuimsitheach a fhorbairt; agus rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas agus rannpháirtíocht mionlach eile a chinntiú.

ECPP 2023 @ PACE

Tagann an Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta (ECPP) le chéile faoi choimirce Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (PACE), atá lonnaithe in Strasbourg. Caith súil ar a shuíomh gréasáin le haghaidh tuilleadh eolais maidir le ECPP 2023 i mBaile Átha Cliath.

Barr
Roinn